Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
tuairisc-on-mbrasail:-ionsai-deanta-ag-sceimhlitheoiri ar-institiuidi-an-daonlathais 

TUAIRISC ÓN mBRASAÍL: Ionsaí déanta ag sceimhlitheoirí ar institiúidí an daonlathais 

Bhí leabhragán á chur i dtoll a chéile agam agus mo chuid leabhar á mbaint amach as boscaí agam san árasán a bhfuil mé díreach tar éis bogadh isteach ann nuair a fuair mé téacs ó chara de mo chuid san Ísiltír a chuir imní orm.

‘Céard sa frig atá ar siúl sa Bhrasaíl?’

Bhreathnaigh mé amach as an bhfuinneog agus ní fhaca mé rud ar bith as an ngnáth: tráthnóna Dé Domhnaigh, bhí an gabhar á róstadh ar an trá.

Níl wifi agam san áit nua go fóill agus ní hamháin go raibh mé ag iarraidh a bheith spárálach leis an 4G ar mo ghuthán póca ach ba é an chaoi go raibh mo cheann lán a dhóthain ó bheith ag bogadh tí le súil a choinneáil ar nuacht an lae, go háirithe ar an Domhnach. Ach tar éis an téacs sin ó mo chara, ní raibh éalú as.

Ionsaí agus scrios déanta ag na mílte de lucht leanta Bolsonaro ar Thithe an Rialtais, ar an gCúirt Uachtarach Fheidearálach agus ar Phálás an Uachtaráin san ardchathair Brasília. Gobharnóir na Dúiche Feidearálaí agus príomhoifigeach Shlándála Poiblí na dúiche céanna curtha as oifig go sealadach toisc nach raibh dóthain póilíní ar fáil – d’aon ghnó, gach seans – chun srian a choinneáil leis na loitiméirí.

Bhuel! Níorbh é sin a bhí ar intinn agam, an tseachtain seo a chuaigh thart, nuair a rinne mé tairngreacht agus súil chun cinn a caitheamh agam ar 2023 go bhféadfaí a bheith ag súil le dea-scéalta ón mBrasaíl anois agus Luiz Inácio da Silva (Lula) ina uachtarán ar an tír arís agus Jair Bolsonaro ar a theitheadh, go fóilleach pé scéal é, in Florida.

Mar sin féin, ag breathnú siar, ba léir go raibh scliúchas mar seo ar na bacáin. Níor ghlac an chuid is dílse de lucht leanta Bolsonaro riamh le toradh an toghcháin uachtaránachta i mí Dheireadh Fómhair, nuair a fuair Lula an lámh in uachtar, ach ar éigean, ar Bolsonaro. Le míonna anuas, bhí na mílte de na leantóirí seo ag campáil san ardchathair agus inné, Dé Domhnaigh, tugadh ar a laghad 4,000 leantóirí breise isteach ar bhusanna chun páirt a ghlacadh san ionradh. Ar na meáin shóisialta a eagraíodh an rud ar fad, i dtimpeallacht lán teoiricí comhcheilge.

Níor tharla a leithéid seo d’ionsaí ar an daonlathas sa Bhrasaíl ó bhunaigh an t-arm deachtóireacht sa bhliain 1964, agus is cinnte gur coup d’état a bhí ar intinn ag na loitiméirí inné. Ach ó tháinig deireadh le deachtóireacht na nGinearál thiar i 1988 tá sé léirithe ag institiúidí an stáit sa Bhrasaíl go bhfuil siad an-, an-láidir. Sheas siad an fód le ceithre bliana anuas agus Jair Bolsonaro ar a mhíle dícheall creimeadh a dhéanamh orthu de réir a chéile, agus seasfaidh siad an fód anois agus an dlí á chur orthu siúd ar mhaith leo an daonlathas a chur de dhroim seoil.

Cén fáth a bhfuil mé chomh dóchasach sin? Toisc go mothaím nach iad institiúidí an stáit amháin a sheasfaidh an fód ach na meáin agus mórchuid an phobail iad féin. Gan eisceacht ar bith, ‘sceimhlitheoirí’ an focal atá in úsáid ag na meáin chun cur síos a dhéanamh ar na loitiméirí a rinne ionsaí ar an daonlathas in Brasília inné. ‘Sceimhlitheoirí Bolsonaroacha’ – seachas ‘lucht leanta Bolsonaro’.

Seans nach bhféadfaí scliúchas mar seo a sheachaint. Bhí goimh san aer, tá an Bhrasaíl scoilte ó thaobh na polaitíochta de i gcónaí agus beidh ar Lula iarracht a dhéanamh an tír a aontú sna blianta atá amach romhainn. Mar sin féin – maithigí dom mo dhóchas – chuirfinn síos ar ar tharla in Brasília inné mar ‘phianta fáis an daonlathais’.

Idir an dá linn, agus iarrachtaí á dhéanamh ag Lula na cneácha i sochaí na tíre a leigheas, beidh air a léiriú freisin nach mbeidh glacadh leis an gcineál rud agus a tharla inné.

Inné féin, gabhadh os cionn 300 loitiméir agus tá geallúint tugtha ag Lula agus ag an aire Dlí agus Cirt, Flávio Dino, go bhfaighfear amach cé atá taobh thiar d’eachtraí an lae inné agus go dtabharfar chun cúirte iad.

Níos mó