Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
an-sprioc-saraithe-ag-ciste-tacaiochta-ronain-laistigh-de-sheachtain

An sprioc sáraithe ag Ciste Tacaíochta Rónáin laistigh de sheachtain

| NÓS Suíomh Gréasáin | ,

Tá an €120,000 a rabhthas ag súil lena bhailiú bailithe ag lucht Chiste Tacaíocht Rónáin taobh istigh de sheachtain. Sheol cairde agus muintir Rónáin Mhic Aodha Bhuí leathanach tiomsaithe airgid ar Go Fund Me Dé Céadaoin seo caite agus súil acu cuid na na costais mhóra a bhainfidh le cóir leighis an chraoltóra aitheanta a ghlanadh le cabhair ón bpobal.

Sáraíodh an sprioc €120,000 ar maidin agus breis agus €121,000 sa chiste anois. Míníodh an tseachtain seo caite go bhfuil Rónán Mac Aodha Bhuí, as Gaoth Dobhair, thar a bheith tinn le hailse i láthair na huaire agus gaibhte anonn chun na Spáinne le cóir leighis speisialta a fháil nach bhfuil fáil air sa tír seo.

Tá Rónán, a bhfuil cáil air i ngar is i gcéin mar gheall ar a chuid oibre sna meáin chumarsáide le 30 bliain anuas chomh maith leis An Cabaret Craiceáilte a bhunaigh sé, ag dul i ngleic leis an ailse le ceithre bliana anuas agus tá súil aige go laghdóidh an chóir leighis na cnapáin ailse atá ina cholainn sa chaoi is go mbeifear in ann iad a bhaint amach ar fad.

“Tá sé i gclinic sa Spáinn faoi láthair, ag fáil cóir leighis, agus beidh sé ag dul chuig otharlanna agus clinicí fóirsteanacha eile i dtíortha eile sna míonna amach romhainn chomh maith le teiripí éagsúla atá ar fáil sa tír seo.

“Tá costas ollmhór leis an chóir leighis agus na teiripí seo agus ba mhaith linne, a chairde agus a theaghlach, cuidiú leis na costais seo a ghlanadh,” a deirtear ar an leathanach GoFundMe.

Meastar gur suas is anuas le €180,000 a chosnóidh an chóir leighis ar fad agus bhí súil ag cairde agus muintir Rónáin dhá thrian den airgead sin a bhailiú ar an leathanach Go Fund Me a seoladh an tseachtain seo caite. Níl an feachtas tiomsaithe airgid ach ina thús fós agus tá roinnt imeachtaí beartaithe ag grúpaí éagsúla ó cheann ceann na tíre le tuilleadh airgid a bhailiú do Rónán. Tá lucht an fheachtais ag súil go reáchtálfar tuilleadh imeachtaí fós amach anseo agus tá iarrtha acu ar dhaoine ar spéis leo a leithéid a eagrú teagmháil a dhéanamh leo ar cairderonain@gmail.com.

Ba i mí an Mheithimh 2018 a tháinig an chéad chomhartha den ailse ar Rónán agus chaith sé seachtain san ospidéal. Chuaigh sé faoin scian leis an ailse a bhaint amach in 2019 agus chuaigh sé trí cheimiteiripe cúpla babhta i gcaitheamh na mblianta 2019, 2020, agus 2021. Chuaigh sé faoin scian arís cothrom an ama seo anuraidh agus d’éirigh leis na máinlianna cnapáin ailse a bhaint amach as na putóga, an scairt, agus an peireatóinéam. Dhá mhí ina dhiaidh sin, rinneadh cúrsa eile ceimiteiripe i gcaitheamh na bliana seo caite. 

Chuaigh Rónán chun na Spáinne an mhí seo agus beidh sé ag dul chuig clinicí agus ospidéil sa tír sin le súil is go mbeidh leigheas nó laghdú ar na cnapáin ailse atá fós ina cholainn ar fáil ann.

Laoch de chuid na nGael é Rónán Mac Aodha Bhuí a tháinig chun cinn ar an stáitse náisiúnta den chéad uair agus é ina fhear óg ar chláracha teilifíse de chuid RTÉ agus TnaG agus mar iriseoir pinn leis na nuachtán Anois agus . Is leis an gclár spraíúil Rónán Beo @ 3 ar RTÉ Raidió na Gaeltachta is mó a shamhlaítear an craoltóir Conallach ar na saolta seo agus bhain sé duaiseanna agus gradaim as feabhas a chuid láithreoireachta ar an gclár sin.

Níos mó