Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
marty-walsh-meaite-ar-an-bpolaitiocht-a-fhagail-i-washington-–-ach-an-mbeidh-la-eile-ag-an-mbreathnach?

Marty Walsh meáite ar an bpolaitíocht a fhágáil i Washington – ach an mbeidh lá eile ag an mBreathnach?

Marty Walsh ag imeacht as an bpolaitíocht, ag imeacht as post an Cheannasaí Saothair i Rialtas an Uachtaráin Biden, ag tréigean bunáit na cumhachta i Washington.

Is deacair é a shamhlú ar bhealaí. “Tá sé chomh maith dhuit a rá go raibh Marty Walsh sa bpolaitíocht ó bhí sé ina ghasúr,” a deir Tomás Ó Conaire as Ros Muc, fear a rinne stocaireacht mhór do Walsh le linn na bhfeachtas do phost an Mhéara i mBoston. “Mura mbeadh ann ach an fhíorspéis a bhí ag a athair Johnny, agus a Uncail Pat (Pádraig Mhairtín Tom) san ábhar. Bhíodh na deartháireacha seasta le cloisteáil ag Marty agus é ina ghasúr thuas i dteach an teaghlaigh in Dorchester agus iad ag sárú faoin bpolaitíocht agus faoi chúrsaí ceardchumainn.”

Sé an trua nár mhair ceachtar acu nó gur toghadh Marty ina Mhéara ar Bhoston (faoi dhó) nó gur ceapadh é ina Aire Saothair i Rialtas na Stáit Aontaithe.

Dhá bhliain atá bainte amach ag Marty Walsh – arbh imirceoirí as Gaeltacht Chonamara a mháthair agus a athair – ina Rúnaí Saothair in Washington. Fear é atá láidir in Washington agus cairde móra é féin agus an tUachtarán Joe Biden.

De réir an scéil anall tá tairiscint mhaith ó thaobh airgid, buaine oibre agus buntáiste oibre tairgthe dó. Chuile sheans go nglacfaidh sé leis.

Ach tuige a bhfuil sé leagtha faoin tráth seo ar a dhul air ais go Boston, agus isteach sa saol spóirt agus gnó, chun láimhseáil a dhéanamh ar chearta agus cúrsaí airgid imreoirí haca?

Caithfear an méid seo a chur sa gcomhaireamh, ar an gcéad iarraidh. Fear é Marty Walsh atá an-dílis dá mhuintir agus dá phobal féin. Cónaíonn a mháthair, Mary (Mary Joe Pheadair as Ros Cíde i Ros Muc in Dorchester) agus tá sí ag teannadh amach sna blianta. Cé go dtéann an Rúnaí Saothair ar ais go Boston chomh minic agus is féidir é, is mó cúnamh agus comhluadar a d’fhéadfadh sé a thabhairt di dá mbeadh sé ag maireachtáil go háitiúil.

Ar ndóigh ní inniu ná inné a tugadh faoi deara go bhfillfeadh Marty ar Massachusetts ar chúinsí polaitíochta taobh istigh den Stát.

Bhí go leor cainte ann cúpla bliain ó shin go dtabharfadh Marty Walsh iarraidh faoi phost an Ghobharnóra i Stát Massachusetts cé go raibh sé in Washington san am sin. Bhí sé luaite le hainmniúchán na nDaonlathach ach tharraing sé siar as sin agus thug a thacaíocht do Mhaura Healy. Ise a bhuaigh toghchán an Ghobharnóra sa deireadh.

Ansin tá an éiginnteacht ann a bhíonn sa bpolaitíocht i gcónaí. Mura mbeadh Joe Biden ar ais mar Uachtarán sa Teach Bán tar éis an téarma seo, an mbeadh deis ag Marty Walsh ar phost Rialtais ina dhiaidh sin?

Mura bhfaigheadh sé post sa gcéad Rialtas eile, cá bhfágfadh sin é?

Anois, mar a tharlaíonn scaití, chas rothaí móra an tsaoil i dtreo Mharty Walsh.

De réir cosúlachta, chuir dream as Cumann na nImreoirí Haca i gCeanada agus sna Stáit Aontaithe focal ar an gcúlráid i dtreo Mharty Walsh lena fháil amach an mbeadh spéis aige a bheith mar cheannasaí acu. Bhí cruinniú ag bord stiúrtha an chumainn i Florida an lá cheana agus bhí gach a raibh ann ar aon fhocal amháin: ‘Téigí sa tóir ar Marty Walsh.’

Tuigtear go mbeadh an tuarastal thart ar dhá mhilliún dollar sa mbliain, ar a laghad. Bheadh buntáistí eile ag dul leis sin agus sin iad na dintiúir is mó a bhí á bplé idir ionadaithe Marty Walsh agus ionadaithe na n-imreoirí haca le gairid. Ceapadh go rabhthas ag bordáil ar shocrú a bheith sroichte.

Conradh cúig bliana a bheadh i gceist agus bheadh a chuid oifigí ag Marty Walsh i mBoston ach go mbeadh air dhá lá sa tseachtain a chaitheamh ag ceanncheathrú an Chumainn in Toronto Cheanada.

Bheadh duine le ceapadh ina áit sa Rialtas in Washington.

Níl dabht ach go mbeadh caitheamh i ndiaidh Mharty Walsh ag an Uachtarán Joe Biden. Dúirt Marty le gairid go mbíodh sé le taobh Biden go minic agus iad ag taisteal ar an eitleán Air Force One agus go mbíodh comhráite suáilceacha agus pearsanta acu.

Go deimhin, níl sé achar ar bith ó shin ó bhí caint ann go mbeadh Marty Walsh dá cheapadh ina Cheann Foirne sa Teach Bán, ceann de na postanna is tábhachtaí sa gcomhdháil. Ach dúirt sé nár chreid sé ariamh go raibh aon bhunús leis na scéalta sin.

Bhí Marty Walsh ag an gcomhdháil dhomhanda eacnamaíochta in Davos san Eilvéis ar ghnó oifigiúil an Rialtais le gairid. D’éirigh leis a dhul don Ostair le linn a chuairte san Eoraip agus rinne sé staidéar ar chóras printíseachta atá acu ansin sular fhill sé ar Stáit Aontaithe Mheiriceá.

Théis dó a chéad bhlaiseadh den pholaitíocht a fháil óna athair agus a uncail – Johnny Mháirtín Tom agus Pádraig (Pat) Mháirtín Tom as Carna – ar an teallach in Dorchester, d’fhoghlaim Marty tuilleadh den cheird in eagraíochtaí pobail i Dorchester. Ní raibh sé ach sna déaga nuair a bhí sé i gceardchumann na n-oibrithe tógála –scaitheamh ag plé le obair fhisiciúil agus ansin in oifig dá gcuid.

Ina dhiaidh sin, bhain sé suíochán amach sa bParlaimint Stáit i 1996 agus choinnigh air no gur toghadh é ina Mhéara ar Bhoston idir 2013 agus 2021 nuair a fuair sé glaoch go Washington. An bhfuil an fear seo a rugadh agus a tógadh leis an bpolaitíocht ag fágáil slán uilig leis an ngairm?

Dá dtiocfadh folúntas Seanaid in Massachusetts, bheadh daoine ann a bheadh ag iarraidh é a chur chun cinn agus cuimhníodh muid go ndearna sé soilíos don Ghobharnóir Maura Healy. Tuigeann sé polaitíocht Massachusetts agus tuigeann sé polaitíocht Washington.

Is ar éigean go dtabharfadh sé dúshlán an tSeanadóra, Elizabeth Warren, ach b’fhéidir nach mbeadh Edmund Markey, an dara Seanadóir i Massachusetts, bheidh beagnach 80 ag deireadh na tréimhse Seanaid seo, ag iarraidh a dhul chun cinn aríst. Sin trí bliana uainn.

Níl Marty Walsh ach i lár na gcaogaidí agus sin óg i bpolaitíocht Mheiriceá.

Níos mó