Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
tuairisc-on-mbrasail:-‘cinedhiothu’-i-gcoinne-threibh-na-yanomami-a-chur-i-leith-jair-bolsonaro

TUAIRISC ÓN mBRASAÍL: ‘Cinedhíothú’ i gcoinne threibh na Yanomami á chur i leith Jair Bolsonaro

Úsáid a bhaint as ocras agus galair d’fhonn cinedhíothú a dhéanamh ar phobail bhundúchasacha agus a gcuid tailte a ghoid: tá an straitéis sin, faraor, chomh sean le teacht na bhfear (agus, ar ndóigh, na mban) bán go dtí an tOileán Úr.

Tá sé á chur i leith iar-uachtarán na Brasaíle, Jair Bolsonaro, atá ar a theitheadh sna Stáit Aontaithe, go raibh a leithéid de straitéis ar bun aige i gcoinne threibh bhundúchasach na Yanomami, pobal 35,000 duine a bhfuil cónaí orthu i bhforaois na hAmasóine, ar an tearmann bundúchasach is mó sa Bhrasaíl, i stát Roraima ar theorainn Veiniséala.

Ní inniu ná inné a thosaigh an sléacht ar na Yanomami. Aimsíodh ór ar thearmann na treibhe sna 1970idí agus ó shin i leith tá ionradh á dhéanamh de réir a chéile ar a gcuid tailte ag garimpeiros, mianadóirí mídhleathacha, agus ag a gcuid teaghlach siúd. Ach idir 2018 agus 2022, agus lagú déanta ag rialtas iar-uachtarán na Brasaíle, Jair Bolsonaro, ar dhlíthe timpeallachta agus ar chosaint na bpobal bundúchasach sa tír, tháinig méadú as cuimse ar líon na mianadóirí mídhleathacha ar thailte na Yanomami – agus ar líon na Yanomami a bhí ag fáil bháis den ocras, ó ghalair agus ó fhaillí thromchúiseacha na n-údarás.

Páistí óga – todhchaí na treibhe – ba mhó a d’fhulaing sa ghéarchéim shláinte seo a cothaíodh, de réir gach cosúlachta, d’aon ghnó. Meastar go bhfuair 570 leanbh Yanomami a bhí faoi bhun 5 bliana d’aois bás de bharr easpa cothaithe le ceithre bliana anuas – tuairim is 1.6 faoin gcéad de dhaonra iomlán na treibhe.

Athraíodh feidhmeannaigh an rialtais ar thearmann na Yanomami nuair a tháinig uachtarán reatha na tíre, Luiz Inácio da Silva (Lula) i gcumhacht ar an 1 Eanáir. Sna seachtainí ina dhiaidh sin, tháinig rabharta íomhánna truamhéalacha de pháistí míchothaithe ón tearmann. D’fhógair an rialtas nua géarchéim shláinte oifigiúil agus chuir Lula ‘cinedhíothú’ i leith Bolsonaro.

Sna laethanta amach romhainn cuirfidh fórsaí armtha na Brasaíle agus na póilíní feidearálacha an ruaig ar na garimpeiros. Meastar go bhfuil ar a laghad 20,000 mianadóir agus a gcuid teaghlach ag cur fúthu go mídhleathach ar thailte na Yanomami; tháinig méadú 54 faoin gcéad ar a líon le linn 2022 amháin, an bhliain dheireanach go raibh Jair Bolsonaro i gcumhacht. Tuairiscítear go bhfuil na mílte mianadóir ag teitheadh cheana féin i mbáid bheaga agus de shiúl na gcos.

Coir thromchúiseach eile an ‘cinedhíothú’ ar threibh na Yanomami ar liosta na gcoireanna i gcoinne phobal na Brasaíle atá á gcur i leith an iar-uachtaráin Jair Bolsonaro, atá ar a theitheadh i dteach an iarthrodaí MMA ón mBrasaíl, José Aldo, in Orlando, Florida, ón 30 Nollaig 2022 – lá amháin sular tháinig deireadh lena thréimhse mar uachtarán.

Beidh le feiceáil cén toradh a bheidh ar na fiosrúcháin éagsúla atá á gcur ar bun i gcoinne an iar-uachtaráin, ach cé gur fhill a bhean chéile Michelle ar an mBrasaíl an tseachtain seo caite, is léir nach bhfuil fonn ar bith ar Jair Bolsonaro féin filleadh ar an tír go fóilleach, ar fhaitíos go ngabhfaí é.

Ar víosa taidhleoireachta a thaistil Bolsonaro go dtí na Stáit Aontaithe – bhí sé fós ina uachtarán ar an mBrasaíl nuair a leaindeáil sé in Orlando – ach an tseachtain seo caite, b’éigean dó cur isteach ar víosa turasóra. Ba mhaith leis an iar-uachtarán sé mhí eile a chaitheamh sna Stáit Aontaithe chun ‘a cheann a ghlanadh’, ‘turasóireacht a dhéanamh’ agus ‘a mhachnamh a dhéanamh faoina chéad chéim eile’, a dúirt a dhlíodóir, Felipe Alexandre, leis na meáin.

Is cinnte gur cúis náire do rialtas Joe Biden leithéid Jair Bolsonaro a bheith sna Stáit Aontaithe, go háirithe tar éis an iarracht a rinne lucht leanúna Bolsonaro coup d’état a dhéanamh sa Bhrasaíl ar an 8 Eanáir, agus tá go leor polaiteoirí Daonlathacha, an ball iomráiteach de Theach na nIonadaithe Alexandria Ocasio-Cortez ina measc, tar éis impí ar na húdaráis Mheiriceánacha Bolsonaro a eiseachadadh go dtí an Bhrasaíl. Ach tá na húdaráis chéanna ag fanacht ina dtost faoin gcás: deir Roinn an Stáit in Washington, DC nach féidir ráitis ar bith a dhéanamh faoi iarratais víosa ar leith.

Níos mó