Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
‘ba-choir-go-mbeadh-na-triobloidi-ina-thopaic-riachtanach-sa-bhunscoil-agus-sa-mheanscoil’

‘Ba chóir go mbeadh Na Trioblóidí ina thopaic riachtanach sa bhunscoil agus sa mheánscoil’

| sean o dubhchon | ,

Le seachtain anuas, i suirbhé a rinneadh do The Sunday Times, d’admhaigh 25% de dhaoine faoi 35 go raibh easpa eolais acu faoi na Trioblóidí. Sa suirbhé céanna, ní dúirt ach 7% go bhfuair siad a gcuid eolais ar scoil, agus gur bhraith siad ar shuíomhanna meán sóisialta agus an t-idirlíon le léargas a fháil ar an gcuid ríthábhachtach seo dár stair.

Nuair a léigh mé trí na sonraí ón suirbhé, caithfidh mé a admháil nach raibh aon iontas orm, agus ghlacfainn leis go bhfuil líon na ndaoine atá aineolach ar chastachtaí na Trioblóidí i bhfad níos airde ná mar a deir an suirbhé. Rud amháin a sheas amach dom ná an easpa oideachais a fuair rannpháirtithe an tsuirbhé agus iad ar scoil. Tá neart le déanamh againn mar thír ar an ábhar seo.

Mar mhúinteoir bunscoile agus duine atá i ndiaidh a bheith bainteach le hathbhreithniú curaclaim le roinnt mhaith blianta anuas, bím i gcónaí ag grinnstaidéar na n-ábhar agus na dtopaicí atá a mhúineadh againn in Éirinn, agus na cinn nach bhfuil. Aithním, go háirithe agus muid ag ceiliúradh cúig bliana is fiche de Chomhaontú Aoine an Chéasta, go bhfuil bearna mhór le líonadh againn i gcóras oideachais na tíre seo. Caithfimid a bheith ag tabhairt deiseanna dár bpáistí, agus dúinn féin mar dhaoine fásta, a bheith ag foghlaim faoi na Trioblóidí agus Comhaontú Aoine an Chéasta.

Rinneadh athbhreithniú ar an gcuraclam staire do bhunscoileanna ó dheas sa bhliain 1999 agus tá curaclam nua ar an mbealach faoi láthair. Sa churaclam atá in úsáid faoi láthair, tá na topaicí staire a chlúdaítear roghnach, agus tá deis ann “Tuaisceart Éireann” a chlúdach mar shnáithaonad mar chuid den snáithe ‘Polaitíocht, coimhlint agus an tsochaí’. Sa chóras meánscolaíochta, is féidir le mic léinn foghlaim faoi na Trioblóidí mar chuid den snáithe ‘Stair na hÉireann’ sa tsraith shóisearach. Do mhic léinn na sraithe sinsearaí, tá ‘An Pholaitíocht agus an tSochaí i dTuaisceart Éireann, 1949-1993’ mar chuid den topaic ‘Éire sa Nua-Aois Mhall’.

Ós rud é go bhfuil na snáithí agus na snáithaonaid roghnach i gcuraclam staire na bunscoile, agus go bhfuil stair mar ábhar roghnach sa tsraith shinsearach, ciallaíonn sé sin nach bhfuil ‘Na Trioblóidí’ clúdaithe mar thopaic riachtanach, ach amháin sa tsraith shóisearach. Ní cuimhin liom féin an t-ábhar sin a chlúdach don Teastas Sóisearach – ‘rith muid as am’ agus ní bhfuaireamar deis na trí nó ceithre chaibidil dheireanacha an téacsleabhair mhóir dhlúith a bhí againn a chríochnú.

Táimse go láidir den tuairim gur chóir go mbeadh ‘Na Trioblóidí’ riachtanach mar thopaic sa chóras bunscolaíochta agus sa chóras meánscolaíochta. Mura bhfuil ábhar riachtanach, le foinsí breátha agus acmhainní cuí ar fáil lena mhúineadh, ní bhacfaidh go leor múinteoirí leis. Ní hamháin sin, ach nuair a bhaineann stair le rudaí a thit amach le blianta beaga anuas nó leis an tsochaí ina bhfuilimid, is minic a bhíonn imní ar mhúinteoirí an stair sin a chlúdach. Nílimid ag iarraidh “an rud mícheart” a rá nó cur isteach ar aon duine. Táimid ag iarraidh eolas cruinn a thabhairt agus a bheith muiníneach agus muid os comhair an ranga. Agus nach bhfuil sé i bhfad níos fusa topaic atá níos faide siar sa stair, ar nós na Rómhánaigh nó na Lochlannaigh, a chlúdach? Do roinnt mhaith mac léinn, tosaíonn an t-ionchur staire a fhaigheann siad leis an Chlochaois agus críochnaíonn sé suas le Cogadh na Saoirse agus Cogadh na gCarad. Tá céad bliain den stair dearmadta nó maolaithe. Níl sin maith go leor. Mar sin, tá cur chuige nua de dhíth. Caithfear ‘Na Trioblóidí’ a mhúineadh mar thopaic riachtanach, ach ba chóir go gcuirfí cúrsaí inseirbhíse agus tacaíocht ar fáil do scoileanna, ionas go mbeidh ionchur leathan neamhchlaonta ag daltaí na tíre seo.

Bhí mise naoi mbliana d’aois nuair a síníodh Comhaontú Aoine an Chéasta. D’fhás go leor de mo chairde agus mo chomhghleacaithe aníos in aimsir na dTrioblóidí, agus bheadh sé ina bhac mór eadrainn mura raibh mé eolach ar an taithí agus na dúshláin a bhí acu agus iad ag fás aníos. Cé nach raibh mórán d’ionchur agam ar an ábhar agus mé ar scoil, bhí cur amach réasúnta maith agam ar na Trioblóidí agus mé ag fás aníos.

I gcontae Thír Eoghain a bhí m’aintín agus a chlann ina gcónaí agus chaith mo theaghlach féin roinnt mhaith ama sna Sé Chontae. Is ansin a théimis ar thurais scoile chomh maith. Ós rud é gur tógadh in iarthuaisceart Thír Chonaill mé, bhí na ‘stations’ againn, rud a thug deis dúinn bheith ag breathnú ar an mBBC, UTV agus Channel 4. (Is cuimhin liom an t-iontas a bhí orm nuair a mhínigh cara Gaillmheach dom nach raibh na stáisiúin sin acu). Ach mar sin, bhíomar i gcónaí ag leanúint an méid a bhí ag titim amach sna Sé Chontae. Agus thuig mé go hiomlán an tábhacht a bhain le Comhaontú Aoine an Chéasta.

Is cuimhin liom go raibh sneachta ar an talamh taobh amuigh nuair a bhí na cainteanna deireanacha ar siúl, go raibh mé ag déanamh iarrachta fear sneachta beag a dhéanamh le péire stocaí ar mo lámha agus go raibh mé ag dul isteach agus amach ag amharc ar an méid a bhí tar éis titim amach ar an nuacht. Níor thuig mé gach rud go hiomlán, ach thuig mé go raibh sé fíorthábhachtach.

Nuair a bhí mé i mo dhéagóir, chaith mé cúpla samhradh – agus bliain iomlán mar dhuine fásta – ag obair sna Sé Chontae. Ag déanamh athnuachan ar phríomhphíobáin uisce a bhí mé agus mé ansin. Mar chuid den jab, bheadh ort roinnt seachtainí a chaitheamh i gceantar amháin, cúpla ciliméadar de phríomhphíobáin a chur síos, agus bogadh ar aghaidh go ceantar iomlán difriúil ansin.

Fuair mé léargas iontach ar an saibhreas agus an ilchineálacht a bhain le gach baile fearann, bruachbhaile agus baile mór sna Sé Chontae, na nósanna agus an stair ar leith a bhí i ngach áit. Mura mbeadh an t-aistear sin déanta agus an taithí sin agam, bheinn chomh haineolach ar na Trioblóidí is atá céatadán suntasach de na daoine a d’fhreagair an suirbhé. Agus is cinnte go bhfuil go leor le foghlaim agam fós.

Tá lorg buan fágtha ag na Trioblóidí ar an bpobal. D’fhulaing na mílte daoine agus táim go láidir den tuairim nár chor dúinn dearmad a dhéanamh air sin. Cuireann sé díomá orm nuair a bhíonn daoine ar an aois chéanna liomsa nó níos óige aineolach, agus níos measa fós, neamhbháúil faoin méid a thit amach le linn na dTrioblóidí. Tá na Trioblóidí mar chuid de stair na hÉireann. Táim beannaithe leis na cairde ar fad atá déanta agam sna Sé Chontae, cuid de na daoine is deise, is flaithiúla, is láidre, is cumasaí a chasfá leo riamh. Tá sé de dhualgas orainn mar phobal agus mar thír chinntiú go bhfaigheann an chéad ghlúin eile oideachas cruinn cuimsitheach,neamhchlaonta ar na Trioblóidí sna blianta amach romhainn. Tugann comóradh Chomhaontú Aoine an Chéasta deis dúinn breathnú siar ar na héachtaí móra atá bainte ó bhí 1998 ann, ach ag amharc amach chun tosaigh, ba chor go mbeimid mar thír agus mar shochaí eolach, tuisceanach agus báúil ar an ábhar chomh maith.

Níos mó