Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
leargas-iontach-ar-thobar-domhain-ceoil-ag-oiche-cheiliurtha-rnag-i-gcois-fharraige

Léargas iontach ar thobar domhain ceoil ag Oíche Cheiliúrtha RnaG i gCois Fharraige

Mheall an dream a tháinig chun stáitse an lucht féachana agus an lucht éisteachta ag oíche mhór cheiliúrtha RnaG 50 in Óstán Chois Fharraige Dé hAoine seo caite.

Gan amhras ar bith, d’fhéadfaí seachtain d’oícheanta a chaitheamh ag tarraingt as an tobar domhain ceoil céanna.

Ag 7.30 tráthnóna Dé hAoine seo caite agus é ag fógairt an chéad chláir eile ar Raidió na Gaeltachta, dúirt an láithreoir leanúnachais Colman Seoighe go mbeadh “plúr na gceoltóirí agus na n-amhránaithe” le cloisteáil lena linn. Oíche cheiliúrtha RnaG 50, a bhí á craoladh beo ó Óstán Chois Fharraige sna Forbacha i gConamara, a bhí i gceist ag an Seoigheach agus b’fhíor dhó. Ag deireadh na hoíche agus breis is trí uair an chloig caite, thuig chuile dhuine a bhí i láthair nó a bhí ag éisteacht nó ag féachaint ar Facebook Live gur imeacht fíorspeisialta a bhí sa gceiliúradh seo.

Ba é an banna céilí Cogar, as Maigh Cuilinn, a chuir tús bríomhar leis an ócáid agus uaidh sin go dtí an chríoch bhí ceoltóirí, fonnadóirí agus damhsóirí den scoth as Gaeltacht na Gaillimhe, Mhaigh Eo agus na Mí ar stáitse.

Ba léir go raibh pleanáil, cleachtadh agus cur chuige go leor i gceist leis an imeacht iontach seo a chur i láthair agus tá ardmholadh tuillte ag an bhfoireann léiriúcháin agus teicniúil.

Den chuid is mó, is dhá amhrán nó dhá phíosa ceoil a bhí i gceist le chuile cheann den bheagnach scór mír a ghlac páirt san oíche. Chas na grúpaí móra ceoltóirí is amhránaithe ar an bpríomhstáitse agus ar an taobh bhí ardán níos lú feistithe d’amhránaithe is do cheoltóirí aonair agus do ghrúpaí beaga de bheirt nó triúr.

Ba í Neansaí Ní Choisdealbha, eagraí ceoil Raidió na Gaeltachta, a bhí ina bean an tí agus í ag roinnt a saineolais ar chúrsaí ceoil leis an lucht féachana ina bealach barrúil féin.

Na deirfiúracha Máire agus Étáin Ní Churraoin, as Ráth Chairn na Mí, na chéad fhonnadóirí a tháinig chun stáitse agus a chuir an slua faoi dhraíocht. Ina ndiaidh, cloiseadh leagan breá de ‘Cailleach an Airgid’ – amhrán a bhíodh á rá ag seanuncail na beirte as Ráth Chairn, an t-amhránaí clúiteach Darach Ó Catháin – ó Chór Chois Fharraige.

Níor fágadh muintir thuaisceart Conamara ar lár agus na deirfiúracha Liz agus Yvonne Kane, as Leitir Fraic, ag baint ceol binn as an bhfidil.

An Raibh Tú ar an gCarraig?’ an chéad amhrán ó mhuintir Uí Cheannabháin, as Iorras Aithneach, Caitríona ag casadh an chéad véarsa agus a deartháir Pól á freagairt agus b’aoibhinn agus ba ghleoite an leagan a bhí é.

As Acaill a tháinig an chéad ghrúpa eile ceoltóirí agus iad ag casadh ‘Cill Aodáin’ ar na píoba uilleann, an giotár, an fhidil agus an mileoidean. Ina dteannta, bhí an t-amhránaí Seán Twin Mac Conmara a dúirt ‘Amhrán Acla’ go paiteanta.

Tá Seán Twin ar dhuine de na hamhránaithe a chloistear ar chláir cheoil Raidió na Gaeltachta go rialta. Cláir amhail Cuideachta Ceoil le hEibhlín de Bhailís, Togha agus Rogha a chuireann Bairbre Uí Choisdealbha (agus Jo Ní Chéide ar uairibh) i láthair ar an Domhnach, Nead na Fuiseoige le Gráinne Ní Dhomhnaill agus Ceol Binn ó na Beanna le Neansaí Ní Choisdealbha.

Is iomaí ceoltóir is amhránaí as Conamara, as Maigh Eo agus as contae na Mí a chastar ar na cláir iontacha sin agus is cinnte go bhfuil baint mhór acu leis an gceol ón am a caitheadh, chomh maith le ceol is amhráin nuachumtha,  a chur chun cinn agus a choinneáil i mbéal an phobail. Agus is léir ó líon na n-iarratas a seoltar chuig na cláir sin as chuile chearn den domhan go bhfuil an-tóir ag an lucht éisteachta orthu.

Ag an gceolchoirm seo tugadh aitheantas agus bualadh bos croíúil do bheirt a bhí sa lucht féachana agus a bhí i measc na gcraoltóirí a bhí ann nuair a tháinig Raidió na Gaeltachta ar an aer den chéad uair i 1972. Sin iad Mike P Ó Conaola agus Meaití Joe Shéamuis Ó Fátharta.

Amhrán amháin, ‘An Droighneán Donn’, a dúirt Bríd Ní Mhaoilchiaráin, as Roisín na Mainiach. Ach ba leor sin ón mbean a thug léi Corn Uí Riada den tríú huair anuraidh, mar ba dheacair an ceann sin a shárú.

A comharsana as Iorras Aithneach, Muintir Uí Iarnáin, a lean Bríd ar stáitse agus iad ag cur ola ar chroí chuile dhuine a bhí i láthair lena gceol bríomhar. Ar cheann de na huirlisí a bhí á gcasadh ag an mbanna bhí an trumpa, gléas a bhfuil dlúthbhaint aige le Raidió na Gaeltachta ón gcéad lá riamh mar is air a chastar ceol aitheantais an stáisiúin. Bhain Breandán agus Proinsias Ó hIarnáin gáir áthais as an slua nuair a leagadar uathu a gcuid uirlisí chun tabhairt faoin damhsa.

Is maith an tomhas ar bhuanseasmhacht aon amhráin a fheabhas a mheasann duine agus é á chasadh as an nua ag duine difriúil. Agus nuair a chas fear Inis Móir, Pádraig Jack, an t-amhrán ‘Máirín’, a chum a athair, Barry Ronan, dhá scór bliain ó shin ní raibh gíog as éinne sa halla. A amhrán féin, ‘Ag Déanamh Gainimh’ a dúirt Pádraig Jack ina dhiaidh sin agus is cinnte go seasfaidh an t-amhrán ciúin cumhachtach seo an fód freisin sna blianta amach romhainn.

Ar cheann de bhuaicphointí na hoíche bhí an t-ómós a thug Patrick Connolly, Máirtín Beag Ó Gríofa, Frankie Mac Aodha agus Brian Terry Mac Donncha don ghrúpa Na Cloigne Folmha, a bhí i mbarr a réime sna 1970idí agus a rinne a gcion le hamhráin nua-scríofa i nGaeilge a chur chun cinn.

‘An Cailín Álainn’, ‘An Damhán Alla’ agus ‘Bleán na Bó’ na hamhráin is mó aithne dá gcuid agus b’in iad a casadh san oíche Dé hAoine seo caite. Ba iad Tomás Mac Eoin, Tomás Rua Mac Con Iomaire agus Máirtín Mac Donnchadha an triúr a bhí sna Cloigne Folmha agus le linn na míre ómóis taispeánadh grianghraif den triúr ceannródaíoch úd a tógadh sna 1970idí agus a bhí i bhfolach i gcartlann Ghael Linn go dtí le gairid.

Cloiseadh ceol milis na feadóige stáin ó Mhary Bergin agus cúigear dá cuid scoláirí óga agus díreach ina ndiaidh chas Johnny Óg Connolly agus P J Ó hIarnáin píosaí draíochta ar an mileoideon, gléas ceoil a bhíodh in úsáid go coitianta sa taobh seo tíre sna blianta siar, mar a thug Neansaí Ní Choisdealbha le fios don lucht féachana.

Le linn do na boscadóirí a bheith i mbun an cheoil, amach le beirt de na damhsóirí is aitheanta i gConamara – Gearóid is Pádraig Devane – ar an urlár agus béic ón slua á ngríosú.

Bhí an oíche ag druidim chun deiridh, ach is cinnte nach raibh éinne sa lucht féachana ag coinneáil súil ar an am agus iad ag tnúth le tuilleadh seoda óna laochra ceoil. Agus is cinnte gur seod é an t-amhrán ‘Conamara’, leis an iarchraoltóir le Raidió na Gaeltachta Seán Ó hÉanaigh, agus b’in a chas sé in éindí lena bhanna bríomhar.

Nuair a d’fhógair bean an tí go mbeadh rí na n-amhrán i gConamara ag teacht chun stáitse, thuig chuile dhuine cé a bhí i gceist aici! Trí cinn d’amhráin a dúirt John Beag Ó Flatharta agus é á thionlacan ag banna den scoth.

Amhrán nua faoi Raidió na Gaeltachta le Ciarán Ó Fátharta, fear eile a bhfuil togha na n-amhrán cumtha aige, an chéad cheann a dúirt John Beag. ‘Pócaí Folamh is Cloigeann Tinn’, a chum Tomás Rua Mac Con Iomaire, a dúirt sé ansin agus níl aon amhras ann ach go bhfuil sé chomh cumhachtach agus chomh brónach anois is a bhí nuair a scríobhadh é.

B’iontach an rud é go raibh rí na gcumadóirí é féin Tom a’ tSeoighe, as Leitir Móir, i láthair ag an gceiliúradh agus ba le hamhrán dá chuid, ‘Baile Aerach Leitir Móir’, a chuir John Beag críoch lena mhír.

Ach ní raibh deireadh na hoíche tagtha. Seo amach laoch na mboscadóirí, Seáinín Phat Mhyla, ar an stáitse go réchúiseach agus cairdín i ngreim láimhe  aige agus ba é sin a bhí in ann ceol a bhaint as. Sa Trá Bháin a rugadh Seáinín, ach tá sé ag cur faoi i Londain Shasana le blianta agus bhí ceoltóir nó dhó a bhíonn ag casadh leis go rialta ar an mbuíon bhríomhar a bhí ina theannta.

At the Racket an grúpa deireanach a chas agus cuireadh críoch spleodrach leis an oíche nuair a bhailigh go leor de na ceoltóirí is na fonnadóirí a bhí páirteach san ócáid le chéile ar stáitse.

Thug na damhsóirí Eibhlín Ní Chonghaile, Aoife Ní Chonghaile agus Déithín Ní Fhátharta faoin urlár agus iad lán le croí agus ba ghearr go raibh cúigear damhsóirí eile ina dteannta os comhair an stáitse.

Is díol trua é an scríbhneoir agus gan aige ach focail agus é ag iarraidh a chur in iúl don léitheoir an taitneamh, an spraoi agus an brón a bhaineann le ceol agus amhráin den scoth, mar a bhí in Óstán Chois Fharraige san oíche Dé hAoine.

Ach más focail atá uait, a léitheoir, is deacair píosa as ‘Bádóirín Thír an Fhia’, an t-amhrán a chas Domhnall Ó Braonáin as Cois Fharraige ina stíl álainn féin, a shárú.

Luaitear “comhrá binn a mbéil” san amhrán úd agus ba le hamhráin bhinn a mbéil agus le binneas a gceoil a mheall an dream a tháinig chun stáitse an lucht féachana agus an lucht éisteachta ag oíche mhór cheiliúrtha RnaG 50 in Óstán Chois Fharraige Dé hAoine seo caite.

Gan amhras ar bith, d’fhéadfaí seachtain d’oícheanta a chaitheamh ag tarraingt as an tobar domhain ceoil céanna.

Níos mó