Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
71,000-leabhar-gaeilge-bronnta-ar-phaisti-na-heireann-agus-deireadh-tagtha-le-seal-aine-ni-ghlinn-mar-laureate-na-nog

71,000 leabhar Gaeilge bronnta ar pháistí na hÉireann agus deireadh tagtha le seal Áine Ní Ghlinn mar Laureate na nÓg

| sean o dubhchon | ,

I mí na Bealtaine 2020, fógraíodh go raibh Áine Ní Ghlinn ceaptha ina Laureate na nÓg, an séú laureate ó cuireadh tús leis an ról sa bhliain 2010. Is tionscnamh de chuid na Comhairle Ealaíon é Laureate na nÓg, atá a bhainistiú ag Leabhair Pháistí Éireann.

Ba í Siobhán Parkinson an chéad scríbhneoir a bhí roghnaithe mar Laureate na nÓg agus tá sealanna caite ag Niamh Sharkey, Eoin Colfer, PJ Lynch agus Sarah Crossan sa ról ó shin. Beidh Laureate na nÓg nua ainmnithe sna laethanta amach romhainn. Ba í Áine Ní Ghlinn an chéad duine sa ról a bhíonn ag scríobh i nGaeilge den chuid is mó, agus le trí bliana anuas, tá éacht déanta aici léitheoireacht trí Ghaeilge a chur chun cinn.

Agus í ag caitheamh súil siar ar an lá a fuair sí amach go raibh sí ceaptha ina Laureate na nÓg, dúirt Áine go raibh lúcháir uirthi.

“Diaidh ar ndiaidh bhuail sé mé gur onóir dochreidte a bhí ann, ach níos tábhachtaí fós, deis dochreidte a bhí ann, agus thosaigh mé ag smaoineamh an-tapa ar an deis a bheadh ag baint lei,” a dúirt sí.

Is cinnte gur thapaigh Áine an deis léitheoireacht na Gaeilge a spreagadh ar fud na tíre lena ról nua.

Leis an bhfeachtas ‘Give Leabhar Gaeilge’, a thosaigh sí le linn na paindéime, spreag Áine daoine fásta le leabhair Ghaeilge a cheannach do pháistí mar bhronntanais. Ní ar na Gaeil amháin a bhí an feachtas seo dírithe agus mhínigh Áine go raibh siad ag iarraidh “breith ar thuismitheoirí, seantuismitheoirí, gach duine seachas díreach na Gaeilgeoirí, a bheadh ag smaoineamh ar leabhair Ghaeilge a cheannach pé scéal é. Rinneamar sin a eagrú agus sílim go ndearna mé seasca físeán, go háirithe roimh an Nollaig, i rith Sheachtain na Gaeilge, cúpla uair i rith an tsamhraidh, agus roimh an Nollaig arís.”

Rinne Áine físeáin ar sheasca leabhar san iomlán, rud a chabhraigh go mór leis an meon a athrú ó thaobh na léitheoireachta trí Ghaeilge. Bhí sé tábhachtach di go mbeadh ardán ag leabhair Ghaeilge agus go mbeadh gach duine, ní hamháin na Gaeil, ag ceannach leabhair Ghaeilge do pháistí.

Tá Áine an-phaiseanta faoin léitheoireacht a chothú i bpáistí, ach go háirithe ó Rang a Ceathair ar aghaidh, tréimhse ina stopann go leor páistí ag léamh. Leis seo ar intinn aici, thug Áine cuairt ar choláistí oiliúna le seisiúin a bhí leath ina léacht agus leath ina gceardlann a reáchtáil, le smaointe agus cur chuige praiticiúil a thabhairt do mhúinteoirí bunscoile an ama atá le teacht maidir le conas páistí a choimeád ag léamh.

Ní raibh anseo ach dhá ghné dá cuid oibre mar Laureate na nÓg. D’fhreastail Áine ar fhéilte, thug sí léachtaí ar líne agus san fhíorshaol, agus reáchtáil sí ceardlanna in Éirinn agus thar lear. Rinne sí meantóireacht ar cheathrar scríbhneoirí ó chúlraí difriúla: beirt scríbhneoirí faoi ocht mbliana déag d’aois agus beirt scríbhneoirí lánfhásta. Fuair siad ar fad ceithre sheisiún le hÁine thar shé mhí agus ba dheis thar a bheith spreagúil é di mar scríbhneoir an fhorbairt agus dul chun cinn sna scríbhneoirí óga a fheiceáil.

Bíonn neart dualgas ar Laureate na nÓg, ach bíonn orthu togra mór amháin a roghnú. D’Áine, ‘An Bosca Leabharlainne’ a bhí ann, agus is ábhar mór bróid é an togra sin, gan aon amhras. Mhínigh Áine dom cé chomh tábhachtach is a bhí sé go mbeadh an focal ‘leabharlann’ sa teideal, ós rud é gur theastaigh uaidh leabharlann de leabhair Ghaeilge a sheoladh amach go scoileanna. Is é an rud a bhí i gceist leis ‘An Bosca Leabharlainne’ ná bosca de 25 leabhar, roghnaithe ag Áine, le freastal ar riachtanais, aoisghrúpaí, suimeanna agus leibhéil dhifriúla léitheoireachta i mbunscoileanna na tíre. Bhí dhá chineál bosca curtha le chéile: ceann a raibh béim ann ar phictiúrleabhair do scoileanna Bhéarla agus ceann a raibh leabhair níos casta ann d’ardranganna Gaelscoile.

Bhí gach Gaelscoil nó scoil Ghaeltachta i dteideal ‘Bosca Leabharlainne’ a fháil, agus cuireadh scéala amach chuig gach scoil Bhéarla sa tír ag tabhairt cuireadh dóibh iarratas a chur isteach ar an scéim chomh maith. Nuair a thosaigh na cruinnithe agus an phleanáil faoin togra, ní raibh Áine cinnte cé mhéad airgid a bheadh curtha ar fáil nó cé mhéad leabhar a bheidís in ann a bhronnadh ar gach scoil.

De réir a chéile, tháinig scéala ar ais go raibh €140,000 á chur ar fáil ón gComhairle Ealaíon agus €300,000 ag teacht ó Fhoras na Gaeilge. Mar gheall air sin, bhí siad in ann 25 leabhar a chur i ngach ‘Bosca Leabharlainne’ agus dhá bhosca a bhronnadh ar Ghaelscoileanna: ceann amháin do bhunranganna (leis na leabhair a bhí á seoladh go scoileanna Béarla) agus ceann eile d’ardranganna, le leabhair níos dúshlánaí. Mar a dúirt Áine í féin, “Bhí rud éigean ann do gach duine.” San iomlán, seoladh 71,000 leabhar Gaeilge amach go scoileanna ar fud na tíre.

Mar mhúinteoir i scoil a fuair ‘Bosca Leabharlainne’, tuigim go hiomlán an tionchar a bhíonn ag tograí mar seo ar scoileanna. Is minic a bhíonn scoileanna ag iarraidh léitheoireacht trí Ghaeilge a spreagadh, ach níl a fhios acu cén áit le tosú. Ba mhór an tacaíocht a bhí sna leabhair sa chaoi sin. Ní hamháin sin, ach cuireadh treoirleabhar ar fáil do scoileanna, curtha le chéile ag Áine agus Claire Marie Dunne – léachtóir in Institiúid Oideachais Marino – lán de ghníomhaíochtaí agus cluichí spreagúla gur féidir úsáid leis na leabhair sna boscaí.

Agus deireadh tagtha lena tréimhse mar Laureate na nÓg, is iomaí cuimhne chinn atá ag Áine faoin ról, ach seasann an lá a fuair sí amach go raibh “Foras na Gaeilge ag cur an méid sin airgead isteach sa togra agus go raibh an Chomhairle Ealaíon ag cur an méid sin airgead isteach sa togra, mar níor chreid mé roimhe sin go mbeimis in ann an méid sin leabhar a chur sna boscaí. Táim an-bhródúil as ‘An Bosca Leabharlainne’ agus as na léachtaí sna coláistí oiliúna. Bhraith mé gur éirigh go maith leo. Bhí mé an-sásta leis an meantóireacht agus duine amháin acu úrscéal críochnaithe chugam roimh an deireadh.”

Is iomaí an sprioc a bhain Áine Ní Ghlinn amach mar Laureate na nÓg ach is cinnte gurb é an lorg is mó atá fágtha ag a seal mar laureate ná go bhfuil an cultúr agus an meon maidir le léitheoireacht na Gaeilge athraithe aici. Is ceannródaí í a bhíonn i gcónaí ag iarraidh léitheoireacht a spreagadh i ndaoine óga, agus is cinnte go leanfaidh sin ar aghaidh sna blianta amach romhainn.

Níos mó