Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
‘nil-aon-bhriathar-duchais-gaeilge-ann-a-d’fhreagrodh-do-‘fuck’-o-thaobh-solubthachta,-graostachta,-agus-forleithne-de’

‘Níl aon bhriathar dúchais Gaeilge ann a d’fhreagródh do ‘fuck’ ó thaobh solúbthachta, graostachta, agus forleithne de’

| Eoin O Croinin | ,

Tá dhá phríomhchatagóir mallachtaí ann i bhformhór na dteangacha – na mionnaí móra agus na focail ghraosta.

Samplaí de na mionnaí móra is ea iad ‘téigh i dtigh an diabhail’, ‘in ainm Dé!’ agus ‘ó, a Mhac Dé!’ agus is ó chreideamh na ndaoine i nDia (agus sa diabhal) a d’eascair a gcumhacht ar dtús.

Ba iad na mionnaí móra na mallachtaí ba thromchúisí sna Meánaoiseanna. An uair sin ghlactaí leis nár cheart ainm Dé a lua ach amháin i gcás gealltanais shollúnta, nuair a bhí mionna á thabhairt ag duine os comhair Dé go raibh an méid a bhí á rá aige cruinn nó go ndéanfadh sé an méid a bhí geallta aige; ba shárú air sin ainm Dé a thabhairt gan fáth, rud a raibh geis mhór ag baint leis.

Ceapadh gur bhaol beag is fiú a dhéanamh de Dhia nó a chorp a ghortú, fiú, trína ainm a lua gan fáth agus go bhféadfadh an tsochaí titim as a chéile trí mhí-úsáid a bhaint as na mionnaí: faoin gcóras feodach bhí dea-fheidhmiú na sochaí ag brath go mór ar iontaofacht na mionnaí toisc gurb iomaí duine a bhí faoi cheangal acu. Thairis sin, ceapadh go bhféadfaí drochrath a chur ar dhaoine agus ar a ngnóthaí trí ainm an diabhail a lua.

Tá maolaithe ar neart na mionnaí móra sa lá atá inniu ann: sin toisc go bhfuil lagaithe ar chreideamh an phobail sa saol atá le teacht agus go bhfuil conarthaí tagtha in áit na mionnaí mar bhealach chun gealltanais fhoirmeálta a thabhairt.

Baineann an dara catagóir mallachtaí leis an ngraostacht. Is mallachtaí graosta iad ‘focáil leat’ agus ‘gabh suas ort féin’ – sin cinn a sháraíonn geis maidir leis na feidhmeanna agus gníomhartha coirp a lua os ard. Tá siad ar na mallachtaí is láidre dá bhfuil againn sa lá atá inniu.

Ach ní hamhlaidh a bhí i gcónaí. Míníonn an teangeolaí Melissa Mohr ina leabhar Holy Sh*t nach raibh geis ag baint leis na feidhmeanna coirp a lua sna Meánaoiseanna faoi mar atá lenár linn féin. Bhíodh daoine ina gcónaí ar mullach a chéile, agus teaghlaigh líonmhara plódaithe isteach i dtithe beaga nach raibh ach seomra amháin iontu go hiondúil. Dá bharr sin, ní raobh aon rud as an ngnáth ag baint le baill teaghlaigh a bheith nocht i gcuideachta a chéile, a ngnó a dhéanamh os comhair an tsaoil agus fiú craiceann a bhualadh gan mórán príobháideachais a bheith acu.

Déanann Mohr trácht ar lámhleabhar ón 16ú haois a raibh sé d’aidhm aige dea-bhéasa agus oiliúint a chur ar fhir óga. Deirtear ann nár cheart don fhear óg, agus é ag dul thar bráid duine atá ag déanamh múin, comhrá a thosú leis, agus moltar dó a ghnó féin a dhéanamh sna háiteanna atá leagtha amach chuige sin seachas é a dhéanamh pé áit ar mian leis.

Foilsíodh cuid mhaith lámhleabhair bhéasaíochta den chineál sin ón 16ú haois anonn. Tugann siad léargas dúinn ar an saol a bhí ann sna céadta roimhe sin – is díol suntais é go mba ghá leabhair dá leithéid a chur i gcló ar chor ar bith óir tugann sé le fios nár chleacht daoine na bunrialacha sláinteachais a ndéanaimid talamh slán díobh anois.

Níor cheart dúinn a bheith ródhian ar phobail na Meánaoiseanna, ámh – ní raibh leithris ná córais séarachais acu faoi mar atá againn inniu. Is minic nach mbíodh acu ach pota seomra a dhoirtidís ar an tsráid nuair a bhí sé lán.

Ach d’fhág an salachar agus an easpa príobháideachais nár chuir caint faoi na baill choirp ná faoi na feidhmeanna coirp alltacht ná ionadh ar dhaoine. Gnáthrud a bhí ann focail ar nós beshitten, turd, cunt, piss, a man’s yard agus arse hole a bheith i bhfoclóirí agus i dtéacleabhair scoile agus leighis na linne, cuir i gcás.

Ó aimsir an Rennaissance i leith, áfach, ba mhó an bhéim a cuireadh ar na dea-bhéasa agus tháinig meánaicme chun cinn, iad siúd a raibh ag éirí leo rachmas a chruinniú faoin gcóras caipitleach. Thosaigh siad ag tógáil tithe níos mó nó á ndeighilt ina seomraí ar leith, agus bhí siad in ann tuilleadh ama a chaitheamh ar a n-aonar dá bharr. Thairis sin, d’éirigh an mheánaicme as an eascainí de réir a chéile, rud a dhealaigh iad amach ón íosaicme tráth a raibh coincheap na measúlachta ag teacht chun cinn.

Faoin tréimhse Victeoiriach bhí geis ar na focail ghraosta agus ar na feidhmeanna choirp a lua os ard i gcuideachta mheasúil sa Bhreatain. Is sa tréimhse sin a tháinig sofhriotail chun cinn mar mhalairt orthu – cuireadh confinement ar pregnancy, perspire ar sweat agus lingerie ar underwear. Ní deirtí trouserslegs, fiú, ar eagla go gcuirfí baill choirp eile i gcuimhne do dhaoine.

Cé nach bhfuil geis chomh mór sin ar na feidhmeanna coirp a lua a thuilleadh, tá leithéidí cunt, shit agus fuck ar na mallachtaí is cumhachtaí sa Bhéarla go fóill.

Ar fhorbair an Ghaeilge sa tslí chéanna ó thaobh na mallachtaí de? Agus súil á tabhairt agam ar foclóir.ie le déanaí, thug mé faoi deara gur minic mionnaí móra in úsáid sa Ghaeilge áit a bhfuil focail ghraosta ann sa Bhéarla. Féach ar an iontráil le haghaidh for fuck’s sake, mar shampla: ‘in ainm Dé, ar son Dé, in ainm Chroim’. Tá an chuma ar an scéal gurb iad na mionnaí móra na mallachtaí is coitianta sa Ghaeilge agus go n-úsáidtear iad de rogha ar na focail ghraosta, mar sin. Cén fáth sin?

Sílim go bhfuil baint ag cultúr agus ag cúinsí saoil an phobail Gaeilge san am atá thart leis an scéal. Ós rud é gur cuireadh an teanga faoi chois agus gur díbríodh í ó na bailte móra, d’fhan an Ghaeilge ceangailte leis an saol tuaithe réamhthionsclaíoch ar feadh tréimhse níos faide ná go leor teangacha eile. Is i mbotháin aon seomra a bhíodh cónaí ar chuid mhaith de lucht labhartha na Gaeilge anuas go dtí deireadh an 19ú haois, ar a laghad, agus teaghlaigh líonmhara ag cur fúthu iontu go minic, rud a d’fhág go raibh easpa príobháideachais acu agus gur lú seans go dtiocfadh náire orthu faoi na feidhmeanna coirp dá réir.

Is cosúil, dá bharr sin, nach raibh na Gaeil chomh tugtha céanna do na sofhriotail i gcúrsaí coirp agus a bhí na Béarlóirí – ar foclóir.ie is í an Ghaeilge atá ar to defecate ná ‘do chac a dhéanamh’. Dealraíonn sé nach bhfuil (nó nach raibh) aon gheis rómhór ag baint le ‘do chac a dhéanamh’ sa teanga. Ní thugtar le fios i bhFoclóir Uí Dhónaill go bhfuil aon rud iontach gáirsiúil ag baint le ‘cac’: is é dirty, worthless, thing an t-aistriúchán atá ar ‘rud caca’.

Seans go bhfuil fobhrí gháirsiúil á samhlú leis de réir a chéile – ar foclóir.ie tá nóta vulgar taobh leis agus taobh le nathanna a bhfuil sé ann freisin (‘tá mo chac agam’). Ach an bhféadfadh sé gur faoi anáil shit an Bhéarla atá an fhobhrí gháirsiúil sin tagtha chun cinn? Seachas an chiall litriúil a bhí aige riamh, bhaintí leas as ‘cac’ san am atá thart chun cur síos ar rud salach nó ar dhuine suarach, ach ní léir dom go raibh aon rud róghraosta ag baint leis a bheadh ar aon dul le shit an Bhéarla (is dócha go raibh sé níos cóngaraí do poo).

Tá focail ghraosta ann sa Ghaeilge a bhfuil dath agus blas orthu – ‘cacamas’, ‘cunús’, ‘bastún’ agus ‘mac na bitsí’, mar shampla. Tá ‘foc’ agus ‘focáil’ tagtha isteach ón mBéarla. Ach níl aon bhriathar dúchais Gaeilge ann a d’fhreagródh do fuck ó thaobh solúbthachta, graostachta agus forleithne de. Cad faoi deara sin? An é go raibh easpa piúratánachais ann i measc na nGael i gcúrsaí collaíochta? An bealach is coitianta chun cur síos ar an ngníomh collaíochta sa Ghaeilge ná ‘craiceann a bhualadh’, nath nach gcuireann mórán faoi cheilt.

Deir Mohr ina leabhar gur tháinig náire faoi na feidhmeanna coirp chun cinn níos luaithe sna ceantair uirbeacha sa Bhreatain ar nós Londan ná mar a tháinig faoin tuath. Luann sí go raibh teaghlach amháin ann faoin tuath, chomh déanach leis an 17ú haois, a thagadh le chéile gach maidin chun caint agus comhrá a dhéanamh agus cnaipe á scaoileadh acu taobh le chéile. B’fhéidir nach raibh na Gaeil chomh mínáireach sin (nó b’fhéidir go raibh!) ach is cinnte nár éirigh siad chomh piuratánach leis na Sasanaigh sa tréimhse Victeoiriach ach an oiread.

Toisc nach ionann forbairt stairiúil na dteangacha ó thaobh na mallachtaí de, is deacair uaireanta iad a aistriú ó theanga go chéile. Mar shampla, is é ‘in ainm Dé, scrios Dé, i gcuntais Dé’ atá ar fuck me ar foclóir.ie, ‘cad sa riach atá uait?’ atá ar what the fuck do you want? agus ‘bíodh an diabhal dearg acu’ atá ar they can fuck right off. Ní dóigh liom féin go bhfuil an Ghaeilge chomh maslach leis an mBéarla sna cásanna sin. Ach is deacair iad a aistriú mura bhfuil geis chomh mór sin ar an ngraostacht sa Ghaeilge. I dtiontú na bhfocal sin chuaigh foireann foclóir.ie i muinín na mionnaí móra (‘in ainm Dé’, ‘sa riach’, ‘…an diabhal dearg’) ach an bhfuil a mbrí chomh láidir agus a bhí tráth? Ní fheadar sa riach.

Níos mó