Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
bainisteoir-‘cumasach-tiomanta’-a-lorg-ag-aontas-na-scribhneoiri-gaeilge

Bainisteoir ‘cumasach tiomanta’ á lorg ag Aontas na Scríbhneoirí Gaeilge

| Maitiu O Coimin | ,

Tá an eagraíocht a dhéanann ionadaithe ar scríbhneoirí na Gaeilge ag lorg duine “cumasach tiomanta” le bheith ina bhainisteoir ar feadh tréimhse trí mhí ag deireadh na bliana. Tá maoiniú curtha ar fáil don ról arís ag Foras na Gaeilge agus tá súil ag Aontas na Scríbhneoirí Gaeilge go dtógfaidh an duine a cheapfar sa ról ar an “obair mhór” a rinne Éilis Neary a bhí ina bainisteoir ar an eagraíocht ar feadh trí mhí anuraidh.

Beidh an duine – a bheidh “cumasach, eagraithe agus eolas ar shaol liteartha na Gaeilge” – ag obair as a stuaim féin agus “de réir sceideal ama dá rogha féin le tacaíocht ó choiste an Aontais.

Tá isteach is amach le 150 duine cláraithe mar bhaill ag Aontas na Scríbhneoirí Gaeilge, eagraíocht a cuireadh ar bun ag Oireachtas na Samhna 2014 leis an scríbhneoireacht Ghaeilge a fhorbairt agus an comhoibriú a fheabhsú idir na scríbhneoirí agus na grúpaí eile a bhíonn ag plé le scríbhneoireacht agus foilsitheoireacht na Gaeilge.

Tá scríbhneoirí cruthaitheacha i ngach seánra maraon le le scríbhneoirí acadúla in Éirinn, ar mhór-roinn na hEorpa, san Astráil, agus i Stáit Aontaithe Mheiriceá i measc na mball reatha.

Tá coiste ASG ag súil go gcabhróidh an bainisteoir nuacheaptha seirbhísí tacaíochta an Aontais a chur ar fáil do na baill agus go gcuirfidh sé saothrú agus stádas na scríbhneoireachta Gaeilge chun cinn “mar ghné lárnach den saol cultúrtha in Éirinn”.

Beidh ar an té a cheapfar breathnú i ndiaidh obair phoiblíochta agus earcaíochta don Aontas na meáin shóisialta agus ar na meáin thraidisiúnta, aire a thabhairt shuíomh idirlín an Aontais, uasdátú a dhéanamh ar Eolaire na Scríbhneoirí, ócáidí ar cheisteanna litríochta a eagrú, chomh maith le “cúraimí eile a aontófar leis an gcoiste ó am go ham”.

Dúirt urlabhraí de chuid an Aontais le NÓS go rabhthas an-sásta leis an dul chun cinn mór a rinne Éilis Neary agus í sa ról anuraidh agus go rabhthas ag súil go bhféadfaí “tógáil ar an obair mhór” a rinne sí.

“D’eagraigh Éilis ócáidí sóisialta, agallaimh, agus cainteanna ar líne do bhaill na heagraíochta chomh maith le hobair mhór ar Eolaire na Scríbhneoirí Gaeilge. Tá thar ar 500 scríbhneoir anois ar an eolaire é cothrom le dáta go dtí mí na Nollag anuraidh nuair a tháinig deireadh le seal Éilise in a bainisteoir,” a dúirt an t-urlabhraí.

Ní mór eolas ar shaol liteartha agus cultúrtha na Gaeilge in Éirinn agus thar lear a bheith ag iarrthóirí ar an bpost chomh maith le Gaeilge líofa chruinn a bheith aige.

Maoiniú do thréimhse trí mhí atá curtha ar fáil ag Foras na Gaeilge – íocfar €3,000 sa mí leis an mbainisteoir ó Mheán Fómhair go Samhain 2023.

Níos mó