Beidh Ciarraí, curaidh na hÉireann, á fheáchaint le Tír Eoghain i mbabhtaí ceathrú ceannais Chraobh Shinsir Peile na hÉireann an deireadh seachtaine seo chugainn.
Beidh Maigh Eo, a fuair an ceann is fearr ar an nGaillimh sna réamhbhabhtaí ceathrú ceannais inné, in aghaidh Bhaile Átha Cliath.
Beidh Corcaigh, a chuir Ros Comáin de dhroim seoil cois Laoi Dé Sathairn, ag imirt i gcoinne Dhoire, curaidh Chraobh Uladh.
Idir Ard Mhacha agus Muineachán, a dhíbir Cill Dara as an gcraobh inné, a bheidh an cluiche ceathrú ceannais eile.
Is é báire na fola anois é i gcraobhchomórtais na hÉireann agus gan ach ocht bhfoireann fágtha sa chraobh peile agus ceithre cinn fágtha san iománaíocht.
D’éirigh níos fearr le hiománaithe na Gaillimhe ná mar a d’éirigh lena bpeileadóirí agus áit bainte amach ag foireann Henry Shefflin in aghaidh Luimnigh sna babhtaí leathcheannais faoi cheann coicíse. Fuair an Ghaillimh an ceann is fearr ar Thiobraid Árann agus bhuaigh an Clár go bog ar Bhaile Átha Cliath chun áit a fháil sa chluiche ceannais eile, in aghaidh Chill Chainnnigh.
Agus Luimneach ag iarraidh craobh na hÉireann a bhuachan don cheathrú bliain as a chéile tá na foirne céanna a d’imir sna babhtaí leathcheannais anuraidh ag imirt a chéile arís i mbliana.