Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
clar-iomlan-bhrod-na-gaeltachta-fogartha

Clár iomlán Bhród na Gaeltachta fógartha

| sean o dubhchon | ,

Cuirfear fáilte mhór roimh gach duine ag an bhféile Bród na Gaeltachta, a bheidh ar siúl i bparóiste Chloich Chionnaola in iarthuaisceart Dhún na nGall ón Domhnach seo ar aghaidh. Ní hamháin go mbeidh mórshiúl ann Dé Sathairn an 22 Iúil, ach tá seachtain iomlán imeachtaí eagraithe le deis a thabhairt do gach aois grúpa, bíodh siad ina bhaill den phobal LADTAIÉ+ nó cairde an phobail, ceiliúradh a dhéanamh agus páirt a ghlacadh i mBród na Gaeltachta. Tá an leabhrán, le liosta iomlán na himeachtaí, díreach foilsithe ag Bród na Gaeltachta, agus tá éagsúlacht iontach sa mhéid a bheidh ar siúl.

Dé Domhnaigh 16 Iúil

Tá siúlóid staire á reáchtáil ag an staraí aitheanta Brian Lacey, dírithe ar an tréimhse a chaith Roger Casement agus daoine stairiúla eile ón phobal LADTA+ thart ar Chloich Chionnaola. Tosóidh an t-imeacht seo i gcarrchlós Mhachaire Rabhartaigh ag meán lae, agus iarrtar ar rannpháirtithe lón agus deoch a thabhairt leo, chomh maith le héadaí atá fóirsteanach do thalamh garbh. Beidh seisiún ceoil agus sólaistí ina dhiaidh i Lóistín na Seamróige ar an Fhál Carrach, atá mar ‘Chlub na Féile’ i rith Bród na Gaeltachta.

Dé Luain 17 Iúil

Beidh deis ag daoine ó gach aoisghrúpa páirt a ghlacadh i meitheal ealaíne ‘An Gae-ltacht’ Dé Luain, agus triail a bhaint as péinteáil múrphictiúir agus éadaí agus uirlisí a dhéanamh don pharáid, agus beidh tuilleadh amhrán agus scéalaíochta ann chomh maith. Beidh ‘An Gae-ltacht’ a reáchtáil in Ionad Garradh Cholmcille ar an Fhál Carrach ó 11.00 – 14.00.

D’aon duine nach mbeidh in ann taisteal chomh fada le Cloich Chionnaola do Bhród na Gaeltachta, beidh siad in ann freastal ar chomhrá painéil de chuid ‘Neuro Pride Ireland’ ar líne. Beidh ‘Neuro Pride Day’, nó lá bróid le haird a tharraing ar na dúshláin do dhaoine néara-éagsúla, á cheiliúradh ar an 8 Lúnasa. Beidh sin agus go leor ábhar eile a phlé ag an bpainéal ó 18.30 ar aghaidh, le hionchur ó Gillian Kearns (Neuro Pride Ireland), Mel Bradley (Bród Feabhail) agus Pádraig Rice (Bainisteoir Polasaí agus Taighde le LGBT Ireland).

Dé Máirt 18 Iúil

Idir meán lae agus 16.00 i dTeach na mBocht, Dún Fionnachaidh, beidh deis ag rannpháirtithe triail a bhaint as taibhiú mar chuid den tionscadal ‘The Pride Monologues’, tionscadal atá á stiúradh ag Sole Purpose Productions i nDoire.

Déanfaidh Caoimhe McGee léiriú cleachta dá seó stáitse Sapphic i dTeach na mBocht ag a cúig, dráma a dhéanann cur síos ar na dúshláin a bhíonn ag bean óg agus í ag iarraidh geandáil a dhéanamh sa domhan aiteach.

Beidh taispeáint scannáin sa tSean-Bheairic ar an Fhál Carrach idir 19.30-22.00, ina mbeidh deis ag daoine breathnú ar Lyra, scannán faisnéise faoi iriseoir óg a maraíodh i nDoire. Ina dhiaidh sin, freagróidh an stiúrthóir Alison Millar agus páirtí Lyra, Sara Canning, ceisteanna ón lucht féachana.

I gClub na Féile, Lóistín na Seamróige ar an Fhál Carrach, beidh an t-amhránaí popcheoil George Houston ar an ardán ón 22.00 ar aghaidh, ag casadh a shaothaur uathúil féinchumtha.

Dé Céadaoin 19 Iúil

Beidh an chaint neamhfhoirmiúil ‘TENI agus Tae’ á reáchtáil sa tSean-Bheairic idir 11.00 – 15.00, imeacht a thabharfaidh deis do theaghlaigh cloisteáil ó Phríomhfheidhmeannach TENI faoi na dúshláin is mó atá ann don phobal trasinscneach, agus conas tacú le baill teaghlaigh agus cairde atá tras.

Is sraith ceardlann é ‘Wild Queer’ atá á reáchtáil ag Lucy O’Hagan, dírithe ar aiteachas sa domhan nádúrtha. Is féidir le rannpháirtithe freastal ar cheardlann amháin nó ar na trí cheardlann a bheidh ar siúl idir an Chéadaoin agus an Aoine (ó 11.00 – 15.00 gach lá), agus is ar thrá Mhachaire Rabhartaigh a bheidh na ceardlanna ar siúl. Tá costas €10 ar gach ceardlann, nó €20 d’éinne a dhéanann na trí cheardlann.

Beidh an file áitiúil Annemarie Ní Chuirreáin i mbun ceardlainne dá cuid féin nuair a chuirfidh sí ‘The Act of Poetry Is a Rebel Act’ i láthair. Tá costas €40 ar an gceardlann seo, agus tabharfar deis do rannpháirtithe struchtúr dáin a scrúdú agus dréacht dáin a scríobh chomh maith. Is in Ionad Garradh Cholmcille ar an Fhál Carrach a bheidh an t-imeacht seo ar siúl.

In Eaglais Naomh Áine i gCill Ulta, beidh filíocht na háite chun tosaigh mar chuid den imeacht ‘An Focal Aiteach’, a bheidh ar siúl ó 19.00-21.00. Beidh ceol ar an oíche ó Branwen, ceoltóir as Contae an Chláir. Leanfaidh an ceol ar aghaidh le seisiún ceoil i dTigh Mháire Rua ar an Fhál Carrach ó 21.30 ar aghaidh.

Déardaoin 20 Iúil

Déanfaidh Kieran Devlin cur síos ar ABCanna an pobal LADTAIÉ+ in Ionad Acmhainní Dhún Fionnachaidh ó 11.00 – 12:30, agus beidh ceardlann ucailéile san ionad céanna idir 15.00 agus 17.00.

Beidh Oíche Scannán Bróid, eagraithe ag an stiúrthóir Daniel Butler, in Amharclann Ghaoth Dobhar ag 20.00 an tráthnóna céanna, le réimse iontach scannán ó scríbhneoirí, léiritheoirí agus stiúrthóirí LADTAIÉ+ ar nós Sam Ó Fearraigh, Antoin Beag Ó Colla, Seosamh Mac Seoin agus go leor eile. Cloisfear ceol ó The Murray/Leighton Trio ina dhiaidh sin.

Dé hAoine 21 Iúil

Is é Tadhg Mac Eoghain a chuir An Foclóir Aiteach in eagar agus beidh sé á phlé sa seomra ceoil i Lóistín na Seamróige, An Fál Carrach ó 14.00 – 16.00 ar an Aoine.

Ag 19.00 sa tSean-Bheairic, beidh caint ó Tonie Walsh, ceannródaí sa ghluaiseacht cearta LADTAIÉ+ le blianta fada anuas. Ina dhiaidh sin, cuirfear Grindr, Saghdar agus Cher ar an ardán i dTír Chonaill den chéad uair, an dráma aitheanta sin scríofa ag Sam Ó Fearraigh (fear de bhunú Chloich Chionnaola), Ciara Ní É agus Eoin McEvoy. Beidh painéal cainte ina dhiaidh sin le Tonie Walsh, Mary Kay Mullan agus Brian Lacey.

Dé Sathairn 22 Iúil

Beidh an mórshiúl ar siúl ó 15.00 ar aghaidh, ag tosú ag Scoil Naomh Fionnán agus ag déanamh turais timpeall an bhaile.

Cuirfidh Caoimhe McGee agus Rosie Mullin an seó amharclainne Freshers a i láthair i seomra ceoil na Seamróige ag 17.00, agus beidh ceol ansin ó Ella Fitzgerald, Tara G agus Just Another Band.

Beidh Eve Belle agus Lonesome George ar an ardán ansin ó 21.00 ar aghaidh i Lóistín na Seamróige.

Dé Domhnaigh 23 Iúil

Tá lá spóirt á eagrú ag CLG Chloich Cheann Fhaola ar an Domhnach idir 12.00 – 14.00 agus fáilte roimh gach aoisghrúpa ansin.

D’aon duine in iarthar agus lár Dhún na nGall, beidh siúlóid sna Cruacha Gorma a eagrú ó mheán lae ar aghaidh. Cuirfear deireadh ceolmhar leis an fhéile ar Oileán Thoraí, áit ina mbeidh seisiún ceoil a dhéanamh ag Isabel Ní Chuireáin agus Denise Boyle.

Tá breis eolais faoi Bhród na Gaeltachta ar fáil ar shuíomh na féile.

Is gá clárú d’imeachtaí ar Eventbrite Bród na Gaeltachta Events | Eventbrite

Tá Bród na Gaeltachta le leanúint ar Instagram, Twitter agus Facebook. 

Níos mó