‘Is fiú go mór rudaí a dhéanamh go bhfuil tú go hainnis á ndéanamh’
“Cad iad na caithimh aimsire atá agat?”
Cad iad na caithimh aimsire atá agam? Braitheann san ar an té lena mbíonn tú ag caint…
Siúl sléibhte? Sin an saghas ruda a thaitníonn liomsa. Cniotáil? Bainim triail as. Cadhcáil? Beadsa ann. Is aoibhinn lem’ chroí ióga. Is cuid mhór de mo shaol í an scríbhneoireacht. Caithim ana-chuid ama ag snámh. Marcaíocht capaill? Ná habair a thuilleadh, tá na buataisí agam sa mhótar.
Is iad seo na caithimh aimsire atá agam, chomh maith le cúpla rud eile, agus ag cuimhneamh air, níl rud ar bith ar an liosta go ndéarfainn go bhfuilim go maith aige. Ní bheidh aon rás sléibhe á bhuachaint agamsa, agus fiú tar éis ocht mbliana a chaitheamh ag déanamh ióga, níl mo chorp fós solúbtha. Ach ní chuireann na rudaí sin isteach ná amach orm, den gcuid is mó. Má thá tú maith a dhóthaint taitneamh a bhaint as rudaí, nach leor é sin?
An bhfuil sé go maith dúinn a bheith ag déanamh rudaí ná fuilimid go maith aige?
Caithimid formhór ár gcuid laethanta ar obair, agus glacaim leis go bhfuil formhór daoine go maith ag a gcuid oibre (cé go dtuigim ná fuil gach éinne – féach ar an rialtas agus ar cúpla sampla náisiúnta a bhí sa nuacht le déanaí!). Ach go simplí, muna mbeifeá in ann don bpost, seans ná beadh an post agat a thuilleadh. Caithfidh go bhfuil tú cumasach a dhóthaint ann go ndíolann duine éigint tú le bheith ann, 40 uair an chloig sa tseachtain. Ag glacadh leis go bhfuilimid maith a dhóthaint inár saol oibre, cén luach a bhaineann leis na rudaí a dhéanaimid inár gcuid am saor? Cé chomh tábhachtach is atá ár gcaithimh aimsire?
Ag caint mhar dhuine a dhéanann ana-chuid rudaí go dona, a mhalairt leis an té a dheineann cúpla rud go maith, seo iad na buntáistí atá ann nuair a dheineann tú rudaí go mbaineann tú taitneamh astu, beag beann ar do chumas sa rud:
Náire
Náire? Cad is ea é sin? Ó an sórt mothúcháin a thagann ort nuair a shleamhnaíonn tú síos cnoc os comhair do chairde nuair a théann tú ag siúl sléibhte leo sa dorchadas, ab ea? N’fheadar an bhfuil aon mhaitheas sa mhothúchán san, náire, nó an rud é a bhaineann leis an ego agus a bhraithimid nuair a theipeann orainn, os comhair daoine ná fuil ag teip orthu chomh maith. Dá mhinice is a dheineann tú rudaí ná fuil tú rómhaith á ndéanamh, is ea is lú náire a bheidh ort nuair a thiteann tú. Caithfidh gach éinne tosnú ag an dtosach agus más féidir leat dul i dtaithí ar a bheith i do ghlanthosnaitheoir ag rud imeoidh an náire de réir a chéile agus beidh tú in ann níos mó taitnimh a bhaint as an saol go ginearálta.
Zón compoird
Ar an ábhar céanna, is fiú go mór tú féin a bhrú amach as zón do chompoird chomh minic agus gur féidir leat. Má scanraíonn rud éigint tú, má dheineann sé neirbhíseach tú a bheith ag cuimhneamh air, comhartha is ea é sin go mb’fhéidir gur choir duit é a thriailt. Mothóidh tú go diail tar éis rud éigint scanrúil a dhéanamh agus beidh tú níos ábalta tabhairt fé rudaí deacra an chéad uair eile!
Foghlaim
Foghlaimímid an méid is mó fé rudaí nuair a thosnaímid amach ar dtús. Cuimhnigh air. Foghlaimíonn tú an chuid is mó ag an dtosach, agus nuair a bhíonn na bunchlocha agat do rudaí, caitheann tú an chuid eile de do chuid ama á chleachtadh, ag iarraidh feabhas a chur ar do chumas. Nuair a bhíonn tú go dona ag rudaí, foghlaimíonn tú níos mó fós. Is minic a bhíonn duine atá go dona ag rud in ann an rud a mhíniú do ghlanthosnaitheoirí i bhfad níos fearr ná duine atá cumasach sa rud. Ní bhíonn ar an nduine cumasach cuimhneamh air chomh doimhin san!
Is fiú go mór rudaí a dhéanamh go bhfuil tú go hainnis á ndéanamh. Ní dhéanfaidh sé aon dochar duit, agus cabhraíonn sé leis an bhforbairt phearsanta. Agus cuimhnigh i gcónaí – IS féidir leat rudaí deacra a dhéanamh!