An India an chéad tír ar éirigh léi árthach spáis a thuirlingt gar do mhol theas na gealaí.
Go gairid i ndiaidh 12.30pm (GMT) inniu a chuir Chandrayaan-3, síos a thuirlingeoir Vikram ar dhromchla na gealaí in aice lena mol theas, limistéar ar an ngealach gur beag taighde atá déanta ann.
Tá Chandrayaan-3, a chiallaíonn spásárthach i Sainscrait, ar an gcéad mhisean spáis ar éirigh leis tuirlingt gar don mhol theas.
“Tá an India anois ar an ngealach,” a dúirt Príomh-Aire na tíre, Narendra Modi a luaithe is a tháinig Chandrayaan-3 anuas ar an dromchla.
Lá stairiúil a bhí ann agus chuir radharc na tuirlingthe ag ceiliúradh agus ag liú daoine a bhí ag breathnú air ar scáileáin ar fud na hIndia agus in áiteanna eile ar fud an domhain.
Taobh istigh den tuirlingeoir tá an carr gealaí sérothach Pragyaan, a bhfuil sé i gceist é a chur ag fánaíocht chun eolas agus íomhánna a bhailiú.
Measann eolaithe go mb’fhéidir go bhfuil uisce reoite sna cráitéir ar thaobh dorcha na gealaí, cráitéir a bhíonn faoi scáth i gcónaí.
Beagnach coicís ó shin sheol an Rúis Luna-25 chun na gealaí ach d’imigh an spásárthach sin ó smacht agus bhuail sí in éadan na gealaí.
Roghnaíodh an lá inniu do mhisean na hIndia mar inniu an lá a n-éiríonn an ghrian ag láthair na tuirlingthe. Tiocfaidh deireadh leis an misean nuair a théann an ghrian faoi.