Tá Cumann Lúthchleas Gael le gradaim a bhronnadh ar bheirt fhear Gaeltachta as saothair Ghaeilge a rinne siad.
Colm Ó Neasa ó Choill Sáile in Iorras Aithneach i gConamara agus Dónall Mac Ruairí ó Rann na Feirste i nDún na nGall a bhuaigh Gradam na Gaeilge mar chuid de Ghradaim MacNamee CLG in 2021 agus 2022 faoi seach.
Bhuaigh Ó Neasa an gradam don obair a rinne sé ar leabhar ar stair na peile ina cheantar dúchais, Ón Dumhach go dtí an Plantation.
‘An Plantation’ a thugtar ar pháirc bhaile an chumainn áitiúil, Carna-Caiseal, agus beirt bhall den chumann, Ó Neasa agus Seán Ó Cuirrín, a chur an leabhar in eagar.
Dúirt CLG gur “sárchuntas stairiúil” atá sa leabhar ar stair na peile sa cheantar agus go ndéantar cur síos “ar mhóreachtraí na gcluichí Gaelacha sa cheantar, ó cuireadh an club ar bun an chéad lá sa bhliain 1928 go dtí an lá atá inniu ann”.
D’fhág an phaindéim Covid-19 go raibh moill ar fhógairt bhuaiteoirí na nGradam MacNamee do 2021 agus 2022 á bhfógairt agus Dónall Mac Ruairí a bhuaigh gradam na bliana seo caite as clár a rinne sé do RTÉ Raidió na Gaeltachta faoin pheileadóir óg Brendan ‘Ógie’ Ó Dufaigh a bhásaigh go tragóideach i dtimpiste bhóthair in 2021.
Is é Mac Ruairí a léirigh an clár Ógie, inar labhair Michelle Nic Grianna le hathair Ógie, Breandán, faoi shaol a mhic agus ar thábhacht na peile dó. Bhí Ógie ina chaptaen ar fhoireann Faoi 20 peile Mhuineacháin agus is ag teacht abhaile ó chluiche leis an bhfoireann a bhí sé nuair a cailleadh é.
Labhraíodh sa chlár freisin faoin tacaíocht a thug pobal CLG don chlann tar éis bhás Ógie.
Bhuaigh an t-iriseoir de chuid an Irish Times, Malachy Clerkin, an gradam do na Meáin Náisiúnta 2021 as scéal a scríobh sé faoi Ógie agus faoina bhás.
Bronnfar Gradam Saoil 2022 ar iriseoir eile ón Irish Times, Seán Moran, agus is é Enda McEvoy, iriseoir a bhfuil na blianta caite aige ag scríobh faoin iomáint, a gheobhaidh an Gradam Saoil do 2021.
Tá na Gradaim MacNamee, gradaim chumarsáide CLG, ainmnithe in ómós do Phádraig MacNamee, iarUachtarán de chuid na heagraíochta agus iarbhall d’Údarás RTÉ.
Rinne Uachtarán reatha CLG, Larry McCarthy comhghairdeachas leis na buaiteoirí uile.