Tá ómós léirithe ag Uachtarán na hÉireann do Rónán Mac Aodha Bhuí, an craoltóir aitheanta Gaeltachta, a bhásaigh inné.
Dúirt Micheál D Ó hUigínn gur “údar mór bróin” dó bás an chraoltóra as Gaoth Dobhair a bhí 53 bliain d’aois.
“Le RTÉ Raidió na Gaeltachta is mó a luaitear Rónán ach ba chraoltóir ildánach é i réimse na teilifíse freisin agus chuir sé cláracha i láthair ar sheirbhísí RTÉ agus TG4.
“Bhí beocht agus spleodar thar na bearta ag baint leis mar chraoltóir agus tugadh aitheantas dó dá bharr sin le duaiseanna agus gradaim éagsúla in imeacht na mblianta.”
Dúirt an tUachtarán go raibh “suim ar leith” ag Rónán Mac Aodha sa cheol agus go háirithe i spreagadh agus tacaíocht a thabhairt do cheoltóirí nua.
Craoltóir ildánach a bhí ann, a dúirt an tUachtarán.
“Bhí cumas eile ann freisin – agallaimh mheáite thomhaiste a dhéanamh faoi ábhair ghoilliúnacha le daoine leochaileacha.
“Bhí fáilte chroíúil roimhe i gcónaí in aon áit a mbeadh pobal na Gaeilge cruinnithe: ar Thoraigh, in Iarthar Bhéal Feirste, ag féile an Oireachtais nó in iliomad áiteanna eile.
“I mbeagán focal, ba laoch i measc na nGael é,” arsa Micheál D Ó hÚigínn.
“Comhartha ar an mórmheas a bhí air gur bailíodh os cionn €170,000 go deonach le cabhrú leis tairbhe a bhaint as triallacha nua in aghaidh na hailse sa Spáinn agus i Meiriceá le tamall anuas ach ní raibh biseach i ndán dó. Trócaire air.
“Ba mhaith liom féin agus le Saidhbhín ár gcomhbhrón a chur in iúl dá bhean chéile Bernie, dá n-iníon Fionnuala, dá dheartháireacha agus dá dheirfiúracha, dá chairde, dá chomhghleacaithe agus don phobal sin a raibh grá a chroí aige dóibh.”
Tá pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta faoi scamall mór bróin ó inné agus Rónán Mac Aodha Bhuí, sárchraoltóir agus duine de mhórGhaeil a linne, ar shlí na fírinne.
Fear Gaeltachta, teanga agus ceoil go smior ab ea Rónán Mac Aodha Bhuí as Cois Cláidí i nGaoth Dobhair agus aithnítear mar cheannródaí é i gcraoltóireacht na Gaeilge agus na Gaeltachta.