Mac Aodha Bhuí agus Ó Doibhlin: beirt fhathach a bheidh ina n-ábhar inspioráide go ceann i bhfad
Tá Gaeil na hÉireann faoi néal bróin ó fuair muid an scéal go raibh Rónán Mac Aodha Bhuí agus an Moinsíneoir Breandán Ó Doibhlin tar éis bháis. Beirt dár mór-laochra teanga sciobtha uainn in aon lá amháin: an craoltóir cáiliúil Rónán agus an scoláire cáiliúil Breandán. D’imigh siad beirt ar shlí na fírinne Dé Máirt 19 Meán Fómhair. Ní raibh Mac Aodha Bhuí ach 53 bliana d’aois; bhí 92 bhliain slánaithe ag Ó Doibhlin.
Cé gur threabh siad i bpáirceanna difriúla agus go raibh deighilt mhór eatarthu ó thaobh na haoise de, bhí go leor i gcoitinne ag an mbeirt fhear. B’Ultaigh bhródúla iad beirt. Ní hamháin sin ach ghlac siad araon leis an nGaeilge mar shaintréith a bhfeiniúlachta Éireannaí. Chomh maith leis sin thuig siad chomh leochaileach agus a bhí an Ghaeilge mar theanga mhionlaigh agus chrom siad beirt ar a saol a chaitheamh ag obair ar son í a chosaint agus a chur chun cinn.
Lean Ó Doibhlin i dtraidisiún na sagart agus na n-ardscóláirí a bhí ina gcnámh droma ag lucht intleachta na Gaeilge ó aimsir na hathbheochana, daoine mar Eoghan Ó Grámhnaigh, Pádraig Ó Duinnín, Pádraig de Brún, Tomás Ó Fiaich agus Pádraig Ó Fiannachta. Is liosta le háireamh iad na gaiscí intleachta a rinne Ó Doibhlin i gcaitheamh a shaoil.
Rugadh an Doibhlineach i Rúscaigh, Co. Thír Eoghain, sa bhliain 1931 agus fuair sé a chuid meánscolaíochta i gColáiste Cholm Cille i nDoire. Ina dhiaidh sin fuair sé ollscolaíocht i Má Nuad, sa Róimh agus sa Sorbonne i bPáras.
Nuair a d’fhill sé óna chuid staidéir thar lear ceapadh Ó Doibhlin ina Ollamh le Nua-Theangacha i gColáiste Phádraig, Má Nuad. Ní raibh sé ach 27 mbliana d’aois ag an am. Lean sé sa phost sin ar feadh beagnach 40 bliain – ó 1958 go 1996 – agus bhí sé ina Leas-Uachtarán ar an gcoláiste ó 1979 go 1982.
Lena chois sin bhí Ó Doibhlin ina Reachtaire ar Choláiste na nÉireannach i bPáras ó 1984 agus ina Rúnaí Ginearálta ar an Fondation Irlandaise sa chathair sin ó 1991 go 2001. Thug rialtas na Fraince aitheantas dá shaothar ar son na Fraincise nuair a bronnadh an Légion d’Honneur air in 2001.
Bronnadh an ónóir seo – an ónóir is airde atá ag Stát na Fraince – ar Ó Doibhlin as a chuid oibre ar son caidreamh cultúrtha a chothú idir an Fhrainc agus Éire, agus as a chuid oibre freisin ar athchóiriú Choláiste na nÉireannach i bPáras, an fhorbairt a rinne sé ar léann na Fraincise in Ollscoil Mhá Nuad agus as an aistriúchán a rinne sé ar roinnt de chlasaicí na Fraincise go Gaeilge.
Scríobh Ó Doibhlin trí úrscéal Gaeilge – Néal Maidine agus Tine Oíche (1964), An Branar gan Cur (1979) agus Sliocht ar Thír na Scáth (2018). In An Branar gan Cur tá an príomhcharachtar Fearghus ar thuras traenach abhaile go Doire ó Bhaile Átha Cliath. Mar Ghaeilgeoir agus sagart ó chúlra náisiúnaíoch i nDoire is féidir a rá go mbaineann sé le trí mhionlach – an tsagartacht, pobal na Gaeilge agus an mionlach náisiúnaíoch ó thuaidh.
Ar an traein ó thuaidh déanann Fearghus machnamh ar a fhéiniúlacht phearsanta. Smaoiníonn sé ar an mbearna idir braistintí agus tnútháin an phobail náisiúnaíoch ó thuaidh agus an cultúr comhaimseartha sa Stát ó dheas. Ritheann sé leis: dá gcuirfeadh sé forrán ar dhuine dá chomhphaisinéirí cad a tharlódh? Deir sé: “Nach pianmhar é thú féin a aireachtáil i d’eachtrannach i measc do mhuintire.”
Tar éis a chuid machnaimh déanann Fearghus an cinneadh go mbeadh sé ró-shimplí filleadh ar a cheantar dúchais mar shagart agus éalú ó na dúshláin atá os a chomhair amach mar bhall den aos intleachta i mBaile Átha Cliath. Is le linn an turais a thuigeann sé den chéad uair gur chóir dó glacadh lena ról mar idirghabhálaí idir a pheirspictíochtaí féiniúlachta féin agus an tsochaí chomhaimseartha mheánaicmeach i mBaile Átha Cliath.
Chomh maith lena chuid úrscéalta d’aistrigh Ó Doibhlin Leabhar Íseáia Fáidh ón Eabhrais go Gaeilge le haghaidh Bhíobla Mhá Nuad, agus bhí sé ina eagarthóir agus ina phríomhaistritheoir ón bhFraincis go Gaeilge ar Chaiticiosma na hEaglaise Caitlicí. Lena chois sin bhain sé cáil amach mar chriticeoir liteartha ceannródaíoch. Ar feadh a shaoil fhada d’fhan Ó Doibhlin dílis don teanga agus rinne sé cion fathaigh ar a son.
Ar an drochuair ní raibh saol chomh fada céanna i ndán do Rónán Mac Aodha Bhuí. Cuireann sé seo go mór leis an mbrón atá fágtha ina dhiaidh. Is cailliúint throm é do phobal na Gaeilge ar fud na tíre ach is tragóid amach is amach é dá bhean Bernie agus dá n-iníon Fionnuala. Déanaimid ár gcomhbhrón leo ach, mar a dúirt an tAthair Ó Fearraigh ag an tsochraid, ní féidir linn rud ar bith a rá a laghdóidh an t-ualach bróin dóibh.
Níl dabht ar bith go raibh Rónán ina cheannródaí i gcraoltóireacht na Gaeilge. Lean sé lorg craoltóirí móra a chuaigh roimhe, daoine ar nós Sheáin Mhic Réamoinn agus Bhreandáin Uí hEithir, ach chruthaigh Rónán a stíl féin, stíl fhuinniúil bhríomhar spreagúil a chuaigh go mór i bhfeidhm ar a lucht éisteachta. Chruthaigh sé caidreamh ar leith lena phobal éisteachta. Labhair sé go díreach leo ina ghuth sainiúil féin. Threabh sé iomairí nua i gcraoltóireacht na Gaeilge agus is léir cheana féin gur spreag sé craoltóirí óga lena nguthanna féin a aimsiú.
Ní féidir liom cur leis an méid a dúirt an tAthair Ó Fearraigh ag an tsochraid:
“Fear uasal, cineálta, ionraice, léannta, síochánta, éirimiúil é a raibh pearsantacht faoi leith aige, chomh maith le hardphrionsabail, agus a sheasaigh lena phrionsabail i rith a shaoil. Chan fear é a thomhas a chuid focal, ach a dúirt an méid a bhí le rá, a labhair amach. Gaeilgeoir agus Gael go smior, fear céile dílis, athair grámhar. Fear é a raibh áit ina chroí do gach fear agus mnaoi agus gach páiste beag agus mór.
“Fear é a raibh féith na dílseachta go smior agus go croí ann, dílseacht clainne, dílseacht dúchais, dílseacht pobail, dílseacht do theanga agus do chultúr na nGael agus dílseacht dá chairde dar ndóigh.
“Ba ghuth na nGael é Rónán, agus thug sé guth do chlann na nGael. Thóg sé ár gcroíthe ina bheatha, agus leoga bhris sé ár gcroíthe ina bhás. Mhair sé dílis go bás dá dhúchas, do rútaí na hoidhreachta agus an dúchas ónár fáisceadh é. Agus rinne sé a sheacht ndícheall na tréithe luachmhara céanna sin a chosaint, a chaomhnú agus a shíneadh ar aghaidh mar oidhreacht fhónta, fhiúntach agus luachmhar againn uilig.”
Agus muid ag smaoineamh ar an oidhreacht a d’fhág an bheirt fhear seo – Mac Aodha Bhuí agus Ó Doibhlin – ar shaol na Gaeilge ritheann sé liom (agus is ait an smaoineamh é) nach raibh mórán aithne, má bhí aithne ar bith, ag formhór mór mhuintir na tíre ar an mbeirt acu. Seans maith nár chuala a lán díobh focal fúthu riamh. Is léiriú é an méid sin ar an dúshlán atá romhainn i gcónaí áit na teanga sa tír a chosaint agus a chur chun cinn.
Tugann beathaí na beirte a cuireadh i gcré na cille Dé hAoine inspioráid dúinn an dúshlán sin a thabhairt sna blianta amach romhainn.
The post Mac Aodha Bhuí agus Ó Doibhlin: beirt fhathach a bheidh ina n-ábhar inspioráide go ceann i bhfad appeared first on NÓS.