Tá na comharthaí bóthair ag athrú – ar chóir dúinn ar fad moilliú síos?
Tá caint mhór fé láthair maidir leis an athrú atá le teacht ar luasteorainn bhóithre na tíre, agus daoine i bhfábhar agus i gcoinne na n-athruithe i mbun díospóireachta go láidir. Ar thaobh amháin tá sláinte agus sábháilteacht, ar an taobh eile tá bóithre níos fearr agus cairteacha níos cumhachtaí againn ná riamh. Agus táimid ag iarradh nóimintí a shábháil aon áit ar féidir linn.
Bhíos ag fágaint na Gaillimhe an lá cheana, deabhadh orm, turas ceithre uair an chloig amach romham, ag cuimhneamh go mbeadh sé dubh dorcha fén dtráth go mbeinn ag baile, ná raibh ite agam, ná rabhas tar éis imeacht ag siúl go fóill, ná raibh aon ióga déanta agam, gur chaitheas díosal a fháilt… d’fhéadfainn leanúint ar aghaidh.
Cathain a thosnaíomar ag rásaíocht chun an méid is mó rudaí a dhéanamh in aon lá amháin? In aon uair amháin? Conas ná fuil a dhóthain uaireanta an chloig sa lá a thuilleadh?
Tógann sé ceithre uair an chloig, ar a laghad, orm imeacht abhaile ón nGaillimh. Níl aon leigheas air. Níl aon inneal speisialta agam go ndéanfaidh sé an turas níos giorra. Agus cén deabhadh a bhí orm? Cén deabhadh a bhíonn orainn, i ndáiríre? Cé chomh tábhachtach is atá sé go mbeadh ár 10,000 céimeanna déanta againn gach aon lá, fiú más lá é go bhfuilimid gnóthach, breoite, nó traochta? Ní féidir gach aon rud a dhéanamh gach aon lá – agus b’fhéidir nár chóir dúinn ligint orainn gur féidir.
Cad is cúis leis an bpráinn seo, an fonn a bhíonn orainn gach aon rud a dhéanamh chomh tapaidh agus is féidir linn chun go mbeimid in ann an méid is mó a dhéanamh ina laghad ama is féidir?
An é tionchar na teicneolaíochta é? Is féidir gach ceist a fhreagairt laistigh de chúpla soicind. Is féidir labhairt le duine san Indinéis ar fhísghlao gan aon dua. Is féidir leis an intleacht shaorga aiste a scríobh amhail is gur duine é.
Creidimid anois gur féidir linn féachaint ar chlár teilifíse agus ag an am gcéanna a bheith ag féachaint ar imeachtaí saoil ár gcairde Instagram.
Níos measa, creidimid gur féidir linn comhrá sa bhfíorshaol a choimeád suas fad is atáimid ag seoladh gifeanna chuig grúpaí WhatsApp. Ach ní féidir linn an dá rud a dhéanamh i gceart ag an am gcéanna. Níl an cine daonna go maith ag an iltascáil.
Agus nuair a bhímid ag baile, ag iarradh ár scíth a ligint, cad é an chéad rud a dheinimid? Instagram / TikTok / Twitter / BeReal / Facebook / LinkedIn a oscailt. Scrolláil. Gnáthrud sa tsaol anois. Gan mórán cúise leis ach ualach rudaí a fheiscint agus a léamh laistigh de am ana-ghairid. Ní féidir linn an méid san eolais a phróiseáil, an féidir?
Léigheas dhá leabhar (as Béarla) le déanaí a labhrann mar gheall ar an tsochaí mhínádúrtha ina mairimid, agus an tslí go ndeineann sé dochar dúinn mar dhaoine.
In Notes on a Nervous Planet le Matt Haig, cuireann sé a phointe trasna i slí ana-shoiléir nárbh aon ionadh é go bhfuil fadhbanna ag níos mó agus níos mó daoine le rudaí ar nós anxiety nuair atá an saol ag bogadh níos tapúla agus níos tapúla. Labhrann sé fé pharadacsa an tsaoil ina bhfuilimid níos ceangailte ná riamh, ach níos uaigní.
Tá teachtaireacht Haig soiléir, níl an slí a bhfuilimid ag maireachtaint go maith don nduine ná don bplainéad. Dá bhféadfaimis é a thógaint beagáinín níos réidhe, agus gearradh siar ar an ndlúthcheangal atá againn leis an dteicneolaíocht, is cinnte gur níos fearr as a bheimis.
Ina leabhar spreagúil, Saltwater in the Blood, labhrann Easkey Britton fén dtábhacht a bhaineann le bheith sa bhfarraige, ag féachaint ar an bhfarraige, agus sa dúlra; gur gá go gcoimeádaimid mar chine daonna ár gceangal leis an dtimpeallacht mar a bhí sé sarar tháinig ré na teicneolaíochta, ré atá tar éis forbairt chomh tapaidh san go bhfuil daoine beo anois ar féidir leo labhairt lena leanaí ar an dtaobh eile den domhan ach ná raibh fón póca acu féin go dtí go rabhadar fásta suas.
I ndiaidh na réabhlóide tionsclaíche tá cúrsaí aeráide tar éis imeacht as smacht, agus an téamh domhanda ag dul in olcas níos tapúla ná mar is féidir linn fiú a thuiscint. An tslí a bhfuilimid ag maireachtaint anois, níl sé go maith don bplainéad – is fánach an duine a shéanfadh é sin – mar sin conas go mbeadh sé go maith don nduine, don gcine daonna?
Seans gur chóir dúinn sampla na gcomharthaí bóthair a leanúint agus an saol ar fad a mhoilliú síos.