Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
buisead-‘frithghaeltachta’-agus-‘neamhuaillmhianach’-o-thaobh-na-gaeilge

Buiséad ‘frithGhaeltachta’ agus ‘neamhuaillmhianach’ ó thaobh na Gaeilge

| Meabh Ni Thuathalain | , ,

Buiséad “frithGhaeltachta eile” a dhéanann “neamhaird” ar an Ghaeilge agus nach bhfuil aon “uaillmhian” ag baint leis ó thaobh na teanga atá i mBuiséad 2024, a deir Sinn Féin.

Tá cáineadh déanta chomh maith ar an Rialtas ag Conradh na Gaeilge as a bheith neamhuaillmhianach i leith na teanga.

€4 milliún breise a fógraíodh inné ar bhuiséad na Gaeilge agus na Gaeltachta don bhliain seo chugainn, i bhfad níos lú ná mar a bhí eagraíochtaí teanga agus polaiteoirí an fhreasúra a éileamh.

Ardú 4% atá i gceist, ón €95.9 milliún a bhí le caitheamh i mbliana go dtí €100.1 milliún a d’fhógair an Rialtas do Roinn na Gaeltachta in 2024.

“Ní dóigh linn gur leor an méid breise atá fógartha,” a dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge.

“Ní dóigh linn go bhfuil uaillmhian ag baint leis agus ní thagann sé leis na héilimh a bhí déanta ag breis is 130 grúpa Gaeilge agus Gaeltachta sa Phlean Fáis a cuireadh os comhair an Rialtais le tamall anuas. Tá an caiteachas ón stát ar an Ghaeilge agus ar an Ghaeltacht, mórán mar a bhí sé anuraidh, sáinnithe ag 0.17% den státchiste.”

Dúirt Aengus Ó Snodaigh, urlabhraí Gaeilge Shinn Féin gur scéal “ní ba mheasa fós” a fuair lucht na teanga inné i gcomparáid le blianta eile.

“Anuraidh, bhí sé sách tubaisteach nach raibh ach €8.5 milliún breise curtha ar fáil don Ghaeilge agus don Ghaeltacht sa Bhuiséad. I mbliana is oth liom a rá go bhfuil sé níos measa fós.

‘Cá bhfuil an maoiniú le dul i ngleic le géarchéim na Gaeltachta?’ – ardú €4 milliún don Ghaeilge i mBuiséad 2024 

“Níl ach €4.2 milliún breise molta don earnáil ina hiomlán do 2024. San áireamh ansin, níl ach €500,000 breise caipitil,” a dúirt sé.

Dúirt Ó Snodaigh go raibh imní air nach mbeadh aon ardú i gceist d’Údarás na Gaeltachta.

“Tá mé buartha go bhfuil sé ráite sa bhuiséad seo gur mian leo maoiniú Údarás na Gaeltachta a ‘choimeád’ mar atá. An rud céanna a dúradh faoi na scéimeanna tacaíochta Gaeltachta, agus an phleanáil teanga. Ciallaíonn sé sin nach bhfuil sé i gceist ag an Rialtas ardú ar bith a thabhairt do na rudaí ríthábhachtacha sin, sé sin le rá don Ghaeltacht.

“An t-aon mhaoiniú ‘breise’ atá luaite ná ar Scéimeanna Tacaíochta Gaeilge lasmuigh den Ghaeltacht.”

Dúirt Aengus Ó Snodaigh go raibh ceisteanna fós le freagairt i ndiaidh fhógra buiséid an lae inné agus go leor figiúirí agus eolais in easnamh.

“Tá tagairt ann don mhaoiniú don Fhoras Teanga, sé sin Foras na Gaeilge agus Gníomhaireacht na hUltaise, a ‘fheabhsú’ ach arís níl figiúr ar bith luaite,” a dúirt sé.

Dúirt Ó Snodaigh gur cosúla ná a mhalairt gur ar scéimeanna teanga lasmuigh den Ghaeltacht a bheidh aon airgead breise don Ghaeilge á chaitheamh.

“Tá an chuma ar an scéal go bhfuil na pinginí breise don Ghaeilge ag dul lasmuigh den Ghaeltacht, in ainneoin go bhfuil géarchéim shochtheangeolaíochta aitheanta sa Ghaeltacht agus líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge tar éis titim anois don dara daonáireamh as a chéile.

“Cá bhfuil Scéim Labhairt na Gaeilge? Cá bhfuil an maoiniú caipitil a theastaíonn ó Údarás na Gaeltachta chun infheistíocht a mhealladh siar? Cá bhfuil an maoiniú breise don phleanáil teanga fud fad na Gaeltachta?” a dúirt sé.

Chuir Ó Snodaigh fáilte roimh an ardú atá luaite do TG4, ach dúirt sé nach léir fós an mbeidh dóthain ag an stáisiún lena straitéis a chur i bhfeidhm.

“Fáiltíonn Sinn Féin roimh an ardú atá molta do TG4, ach níl a fhios againn fós cé mhéad atá i gceist, agus tá an buiséad iomlán le haghaidh na meán laghdaithe ag an Rialtas.

“Beidh le feiceáil an bhfuil dóthain maoinithe ann chun tacú le cur i bhfeidhm phlean straitéiseach TG4,” a dúirt Ó Snodaigh.

Chuir Conradh na Gaeilge fáilte roimh an maoiniú breise don Ghaeilge agus do TG4 ach chaithfí cothrom na Féinne a chur ar fáil, a dúirt siad.

“Is fiú gach euro agus cent de agus tá an maoiniú sin agus níos mó de dhíth. Arís, mar a bhí le blianta fada anois, tá easpa uaillmhéine léirithe ag an Rialtas seo don Ghaeilge agus don Ghaeltacht.

“Beimid ag obair, i bpáirt leis na grúpaí atá ag tacú leis an bplean, sna seachtainí agus sna míonna atá amach romhainn le dul i bhfeidhm ar an Rialtas le cothrom na Féinne a chur ar fáil agus an Plean Fáis a mhaoiniú mar is ceart gan mhoill,” arsa Julian de Spáinn.

Pacáiste €34 milliún breise a bhí molta ag Sinn Féin don teanga sa Bhuiséad Malartach, lena n-áirítear €12 milliún breise don Ghaeltacht, €11 milliún breise don Ghaeilge sa chuid eile den tír, agus €10 milliún breise do TG4.

“Sin an cineál uaillmhéine atá ag teastáil má táimid dáiríre faoi shlánú na Gaeltachta agus cur chun cinn na Gaeilge,” a dúirt an Teachta Dála Ó Snodaigh.

Ag labhairt dó sa Dáil, cháin Pearse Doherty, urlabhraí airgeadais Shinn Féin, go láidir cur chuige an Rialtais i leith na Gaeilge agus na Gaeltachta, go háirithe agus laghdú leanúnach ar líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge.

“Tuigim ó mo cheantar féin an ghéarchéim sa Ghaeltacht.  Don dara daonáireamh as a chéile tá líon na gcainteoirí laethúla tar éis titim, agus níl ach teaghlach amháin as gach cúigear ag tógáil a gclainne trí Ghaeilge inti,” arsa an Teachta Dála Gaeltachta.

“Cá bhfuil Scéim Labhairt na Gaeilge a gheall an tAire O’Donovan?  Cá bhfuil an maoiniú breise a theastaíonn ó Údarás na Gaeltachta, ó phleanálaithe teanga, nó ó choláistí samhraidh atá i gcruachás agus 30% de mhná tí tar éis éirí as ó 2018?  Níor éirigh leis an Rialtas fiú €5 milliún breise a aimsiú le caitheamh i dtreo na Gaeilge, agus é dírithe ar scéimeanna lasmuigh den Ghaeltacht féin.

“€12 milliún breise a gheall Buiséad Malartach Shinn Féin don Ghaeltacht amháin, agus níos mó arís don Ghaeilge lasmuigh di. Tá sí mar thosaíocht dúinn.”

Níos mó