Tá diúltaithe ag Comhairle Cathrach Bhéal Feirste aon soiléiriú a thabhairt maidir le greamán bán a cuireadh ar chomhartha sráide in iarthar Bhéal Feirste a raibh botún Gaeilge air.
Dheimhnigh an chomhairle do Tuairisc áfach go mbeadh cúig chomhartha sráide a bhfuil botúin litrithe orthu á mbaint anuas acu agus cinn nua á gcur ina n-áit.
Chothaigh greamán bán a bhí le feiceáil ar chomhartha in iarthar Bhéal Feirste agus ráiteas a rinne an chomhairle faoin scéal amhras faoin tslí a raibh sé i gceist ag an chomhairle na comharthaí a chur ina gceart.
Bhí imní ann go raibh iarracht á déanamh an drochlitriú ar na comharthaí a chlúdach le greamáin nuair a scaipeadh pictiúr ar na meáin shóisialta de cheann de na comharthaí do ‘Pháirc La Salle’ in iarthar Bhéal Feirste agus greamán bán air.
Ar thrí shráid éagsúla a bhí na cúig chomhartha agus botúin dhifriúla ar chomharthaí a bhí ar an tsráid chéanna.
Ar chomhartha amháin do Pháirc La Salle in iarthar na cathrach, bhí an focal Páirc litrithe mar ‘Páire’ agus ar chomhartha eile bhí sé litrithe mar ‘Paire’. ‘Paire’ in áit ‘Páirc’ chomh maith a bhí ar chomhartha eile ar Ascaill Pháirc an Fhéir i ndeisceart na cathrach. I dtuaisceart na cathrach tugadh faoi deara botún ar chomhartha do Pháirc Gharrán na Fuinseoige.
I ráiteas inar gabhadh leithscéal faoi na botúin litrithe ar na comharthaí, dúirt an chomhairle go mbeadh “na comharthaí á gceartú” agus go ndéanfaí sin “gan aon chostas breise a tharraingt orthu féin”.
Ag labhairt dó le Nuacht TG4 faoin scéal, dúirt Pádraig Ó Tiarnaigh, urlabhraí ón ghrúpa feachtasaíochta An Dream Dearg, go raibh an chomhairle ag caitheamh le pobal na Gaeilge “mar shaoránaigh den dara grád” agus nach nglacfaí le comharthaí Béarla a raibh greamáin curtha orthu ar mhaithe le botún a cheilt.
Chomh maith leis na comharthaí a bhfuil drochlitriú orthu a bhaint anuas, tá scrúdú á dhéanamh ag an chomhairle ar chaighdeán aon chomharthaí sráide eile a cuireadh in airde le déanaí.
“Gabhaimid leithscéal as an mbotún seo agus beidh athbhreithniú á dhéanamh againn ar bhonn práinne ar an phróiseas dearbhaithe caighdeáin atá againn lena chinntiú nach dtarlaíonn a leithéid arís,” a dúradh i ráiteas Chomhairle Cathrach Bhéal Feirste.
Vótáil Comhairle Cathrach Bhéal Feirste anuraidh ar son polasaí nua don chomharthaíocht dhátheangach, a dhéanfadh níos éasca é do dhaoine iarratas a dhéanamh go gcrochfaí comhartha dátheangach ina gceantar.
Faoin pholasaí sin, is féidir le duine amháin, nó a chomhairleoir áitiúil, iarratas a dhéanamh go gcuirfí in airde comhartha dátheangach.
Má thacaíonn 15% d’áitritheoirí leis an iarratas cuirtear faoi bhráid na comhairle é chun a beannacht a fháil.
Ollscoil na Banríona a dhéanann téacs na gcomharthaí sráide dátheangacha a aistriú go Gaeilge, ach is cosúil gur tharla na botúin agus na comharthaí á bpriontáil.
Deir Conradh na Gaeilge gur “údar mór díomá” na botúin ar na comharthaí.