Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
‘ni-mise-amhain-a-bheas-ar-stiuir-na-hirise’-–-conor-torboid-ina-eagarthoir-nua-ar-nos

‘Ní mise amháin a bheas ar stiúir na hirise’ – Conor Torbóid ina eagarthóir nua ar NÓS

| NÓS Suíomh Gréasáin | ,

Tá eagarthóir nua ar NÓS, is é sin Conor Torbóid, Feirsteach óg a bhfuil an-dul chun cinn déanta aige sna meáin agus sna healaíona Gaeilge le tamall.

Is i nGleann Ghormlaithe, bruachbhaile i dtuaisceart Bhéal Feirste, a tógadh é agus a cothaíodh suim nach beag sa léamh agus sa scríobh ann. Chaith sé an bhliain is déanaí ag ullmhú cnuastéip rapcheoil dhátheangach Chicken Sambos, chomh maith leis an tsraith raidió Scríbhneoirí an tSléibhe ar BBC Raidió Uladh agus RTÉ Raidió na Gaeltachta le Corcra Media.

Tá sé ainmnithe ar an ghearrliosta do ‘Réalta Óg na Bliana’ ag Gradaim Chumarsáide an Oireachtais as a chuid oibre ar an tsraith sin.

“Tá mé ag súil go mór leis an aistear nua seo agam le NÓS,” arsa Conor agus é ag caint faoina phost úr. “Is cuimhin liom an iris a léamh agus mé ar scoil agus mothaím gur céim nádúrtha í seo agus mo chuid saothair féin idir lámha agam.”

Ag labhairt dó faoin fhís atá aige don iris, phléigh sé scóip NÓS agus an tionchar is féidir leis imirt ar chultúr na teanga trí chéile:

“Bhí an iris riamh chun tosaigh ar lucht a linne agus ba mhaith liom go gcothófar mar uirlis chultúrtha na nGael í san am atá amach romhainn. Sin ráite, cé gur iris chultúrtha trí mheán na Gaeilge í, ní ar chúrsaí phobal na Gaeilge amháin a leagfar an bhéim.

“Beidh pobal na Gaeilge i gcroílár na hirise i dtólamh ach tá an oiread sin buanna ag na Gaeil i réimse leathan ábhar nach bhfuil baint acu leis an Ghaeilge. Scríobhtar faoi nósanna faisin, scannáin, ceol agus neart eile i dteangacha an domhain agus leanfaidh NÓS de bheith á dhéanamh sin as Gaeilge chomh maith. Is é sin an dóigh a gcothófar saol iomlán trí Ghaeilge agus cuideoidh sé le seasmhacht na teanga a neartú.

“Stiúrann an cultúr NÓS ach ba mhaith liom go mbeidh an cultúr á stiúradh ag NÓS ar bhealach fosta.”

Mar fhocal scoir, mhol sé óige na tíre agus an acmhainneacht s’acu smaointe nua agus beocht as an úr a chur sa tsochaí:

“Is í an óige an todhchaí agus measaim go bhfuil sé ríthábhachtach go dtugann muid spás daofa siúd atá ag cur le cultúr na Gaeilge tríd na healaíona agus an meáin. Ní mise amháin a bheas ar stiúir na hirise seo – beidh an óige agus an pobal ar fad in achan fhocal a fhoilseofar.”

Más suim leat a bheith i do scríbhneoir le NÓS, déan teagmháil ag conor@nos.ie.

The post ‘Ní mise amháin a bheas ar stiúir na hirise’ – Conor Torbóid ina eagarthóir nua ar NÓS appeared first on NÓS.

Níos mó