Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
roth-mor-na-polaitiochta-ag-casadh-leis

Roth mór na polaitíochta ag casadh leis

| ursula ni shabhaois | ,

Agus muid ag tarraingt ar dheireadh 2023, caithimis súil chun tosaigh ar cad atá i ndán dúinn i saol na polaitíochta in 2024. Beag beann ar na deacrachtaí a bhaineann le bheith ag tuar cad a thitfidh amach i réimse na polaitíochta, is cinnte go bhfuil bliain ghnóthach os ár gcomhair.

I measc na dtoghchán a bheidh ar siúl, beidh toghcháin do na comhairlí áitiúla ó dheas agus do Pharlaimint na hEorpa i mí Meithimh 2024. Tá an chéad toghchán don Dáil le bheith ann faoi mhí an Mhárta 2025 mar sin tá seans ann go mbeidh sé againn le linn na bliana seo chugainn chomh maith. Ó thuaidh, cé nach bhfuil cinnteacht ar bith ann go fóill, tá seans an-láidir ann go mbeidh toghchán don Tionól ar siúl go luath sa bhliain úr, cé go mbeidh sé sin ag brath ar cibé rud a tharlaíonn le hathbhunú an Fheidhmeannais idir an dá linn. Ina theannta sin is dócha go ngairmfear toghchán Westminster go luath chomh maith, i dtrátha Fhómhair 2024 is cosúil.

Ar a bharr sinn ar fad, beidh iarrthóirí ag déanamh réidh i dtreo an toghcháin d’Áras an Uachtaráin in 2025, cé nach féidir mórán de thomhas a dhéanamh ag an phointe seo cé a bheidh san iomaíocht don ról. Ach, fós féin, beidh na hiarrthóirí féideartha agus páirtithe polaitíochta araon ag smaoineamh ar an cheist cheana féin.

Dár ndóigh, mura bhfuil go leor spraoi leis sin ar fad, má chaithimid súil ar thaobh eile an Atlantaigh beidh an toghchán d’Uachtarán na Stát Aontaithe ag titim amach lena chois. Déanfar na torthaí siúd a fhógairt i mí na Samhna 2024 agus gach cosúlacht ar an scéal faoi láthair gur athimirt idir iomaitheoirí 2020 a bheidh ann arís agus Biden agus Trump faoin spotsolas. Thiocfadh leis an rás seo as féin go leor ábhair a chruthú le nuachtáin agus cláir cúrsaí reatha a líonadh idir na díospóireachtaí, na cásanna cúirte agus na géarchéimeanna gan deireadh a thiocfaidh aníos.

Ní rud nua é seo go mbíonn polaiteoirí i gcónaí ag caitheamh súil ar aghaidh chuig an chéad toghchán eile ach is í an cheist atá ann ná, mar gheall go bhfuil na polaiteoirí ar fad ag bogadh (nó bogtha) isteach i modh feachtasaíochta, cén t-am a bheidh fágtha leis na dlínsí a rialú? Nó, i gcás Chnoc an Anfa, le teacht ar chomhréiteach.

Is tréimhse fhada í seachtain sa pholaitíocht, ach is tréimhse iontach gairid í ceithre nó cúig bliana, is cosúil. A luaithe agus a bhíonn na polaiteoirí críochnaithe le feachtas toghcháin amháin, bíonn siad ag caitheamh súil ar an chéad bhabhta eile. Ach, leis an chnuasach seo de thoghcháin áitiúla, réigiúnda, náisiúnta agus Eorpacha ag teacht in aon am amháin, ní bheidh mórán spáis in intinn na bpolaiteoirí d’aon rud eile.

An cháinaisnéis a bhí ann le déanaí ó dheas, cuir i gcás. Cáinaisnéis fhial fhlaithiúil a bhí ann le ciorruithe sa USC agus féiríní deasa anseo is ansiúd do thionóntaí agus do thuismitheoirí, i measc dreamanna eile. Chomh maith leis sin, fógraíodh an ‘Future Ireland Fund’, ciste infheistíochta Stáit ina gcuirfear maoiniú i leataobh gach bliain idir seo agus 2040, tráth a bheidh thart ar €100 billiún ar fáil le tacú leis an Stát dul i ngleic le deacrachtaí a bhaineann leis an daonra atá ag dul in aois agus an t-éileamh a bheidh ar sheirbhísí an stáit sa tréimhse sin.

Spriocanna maithe uaillmhianacha gan amhras dár ndóigh, an úsáid chiallmhar de theacht isteach ón cháin chorparáideach ó chomhlachtaí idirnáisiúnta agus tréimhse amhrasach amach romhainn. Thairis sin, fodar feachtasaíochta iontach do pholaiteoirí ar mhaith leo a mhíniú don phobal i gceann cúpla mí go bhfuil siadsan, agus siadsan amháin, ag smaoineamh faoi thodhchaí na tíre ar bhealach dáiríre stuama.

Soiniciúil? B’fhéidir. Agus níor chóir a bheag a dhéanamh d’iarrachtaí an tír a ullmhú do dheacrachtaí a bheidh ann níos déanaí. Ach tá go leor deacrachtaí os ár gcomhair faoi láthair nach raibh an spreagadh céanna ann tabhairt fúthu sa cháinaisnéis.

An eilifint a bhí sa seomra, agus rud atá fós ag cruthú raice, ná an buiséad sláinte do 2024. Bhí a fhios ag na hAirí nach mbeadh a dhóthain airgid ar fáil don Roinn Sláinte sular aontaíodh an cháinaisnéis, bunaithe ar na meastacháin a tháinig ón Aire Sláinte Stephen Donnelly. Bhí a fhios acu go mbeadh buiséad forlíonach de dhíth ar an Roinn Sláinte i mbliana fosta (mar a bhí le 8 as 9 mbliana anuas.)

Tá deacrachtaí ollmhóra roimh an chóras sláinte ó dheas faoi láthair, idir an bealach a gcaitear airgead agus a ndéantar an córas a bhainistiú. In áit cinneadh a dhéanamh tabhairt faoi agus plean uaillmhianach a chur i bhfeidhm le seirbhísí sláinte a fheabhsú, anois agus don todhchaí, rinneadh cinneadh an dúshlán sin a chur ar an mhéar fhada. Leis seo a dhéanamh, bheadh cinntí deacra, comhráite dúshlánacha, dul chun cinn fadálach agus torthaí ann nach raibh le feiceáil le fada an lá.

Ach do na polaiteoirí atá ar roth mór na polaitíochta, is fearr díriú ar fhéiríní a thabhairt amach, ceannlínte dearfacha a chruthú agus cinntí deacra a bhrú síos an líne a fhad is gur féidir.

Tarlaíonn an rud céanna ó thuaidh. Le linn na gcainteanna maidir le Feidhmeannas Chnoc an Anfa a chur ar bun arís, bíonn torann cúlra ann i gcónaí maidir leis an chéad toghchán eile. Bíodh sé sin an toghchán áitiúil a bhí ar siúl i mí Bealtaine na bliana seo, nó ag amharc chun tosaigh i dtreo na ndátaí féideartha do thoghcháin an Tionóil nó Westminster. Am ar bith a éiríonn an DUP buartha faoi lucht tacaíochta s’acu féin a spreagadh chuig na stáisiúin vótála, laghdaítear aon seans go mbogfaidh an páirtí i dtreo comhaontú nó socrú a dhéanamh maidir le bheith páirteach san Fheidhmeannas arís. Mar sin, bíonn sé dúshlánach dul chun cinn a dhéanamh.

Agus toghcháin ar bacáin sna míonna agus sna blianta beaga amach romhainn, caithfear an oiread ama i mbun plé ar cé a dhéanfaidh na cinntí nach mbeidh an t-am ceart ann cinntí móra ar bith a dhéanamh.

The post Roth mór na polaitíochta ag casadh leis appeared first on NÓS.

Níos mó