Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
colunai-nos,-aedin-ni-thiarnaigh,-i-measc-na-mbuaiteoiri-ag-gradaim-chumarsaide-an-oireachtais

Colúnaí NÓS, Aedín Ní Thiarnaigh, i measc na mbuaiteoirí ag Gradaim Chumarsáide an Oireachtais

| NÓS Suíomh Gréasáin | ,

Tugadh aitheantas do dhuine de scríbhneoirí NÓS ag Gradaim Chumarsáide an Oireachtais i gCill Airne aréir agus an gradam ‘Colúnaí na Bliana’ bronnta ar Aedín Ní Thiarnaigh.

Tá Aedín, arb as Loch Garman ó thús di ach atá anois ag cur fúthu ar Inis Meáin, ag scríobh do NÓS le tamall de bhlianta agus is féidir a cuid alt don iris a léamh anseo.

I measc na scríbhneoirí eile a bhí ar an ghearrliosta in éineacht léi sa rannóg bhí Sláine Ní Chathalláin, colúnaí eile de chuid na hirise seo a bhfuil a hailt faoi charachtair Chocra Dhuibhne tar éis dul i bhfeidhm ar go leor.

Is í an t-iar-NÓSadóir agus iriseoir le Tuairisc.ie, Méabh Ní Thuathaláin, a thóg léi an gradam ‘Iriseoir na Bliana’.

Beirt bhan chumasacha eile a bhuaigh na gradaim ‘Pearsa Raidió na Bliana’ agus ‘Pearsa Teilifíse na Bliana’, mar atá Neansaí Ní Choisdealbha ó RnaG agus Sinéad Ní Uallacháin, a bhí ainmnithe as an tsraith Beidh mé ar ais ar TG4.

Is ar an iriseoir agus craoltóir ildánach Eoghan Ó Néill as Béal Feirste a bronnadh ceann de mhórghradaim na hoíche, Buaic-Ghradam Cumarsáide an Oireachtais. Bhí Eoghan ar na daoine a bhunaigh an staisiún raidió Raidió Fáilte agus an nuachtán Lá, agus is fathach de chuid na hiriseoireachta Gaeilge é le blianta fada anuas.

Is ó thuaidh atá dhá dhuais eile ag dul lena chois mar gur bronnadh gradam speisialta ar chlár Gaeilge BBC Raidió Uladh, Blas, atá 25 bliana ar an fhód i mbliana, agus bhuaigh Séamus Mac Murchaidh: Díolta faoina Luach, a léirigh Macha Media, ‘Clár Teilifíse na Bliana’.

Is é an saothar gleoite Róise & Frank, ina bhfuil Bríd Ní Neachtain sa phríomhról agus a léirigh Macalla Teo, a bhuaigh ‘Scannán na Bliana’.

Colm Mac Giolla Easbuic – a bhíonn ag obair le RnaG agus le feiceáil ar Ros na Rún – a thóg leis an gradam ‘Réalta Óg na Bliana’, a raibh Eagarthóir nua NÓS, Conor Torbóid, san iomaíocht dó chomh maith.

Bronnadh an gradam ‘Sraith Raidió na Bliana’ ar An Cúinne Dána, a láithríonn Tristan Rosenstock ar RnaG, agus is é an tráchtaire spóirt Brian Tyers a ainmníodh mar ‘Craoltóir Solabhartha na Bliana’.

Bláth na hÓige, sraith cheoil a rinne Aniar TV do TG4, a tháinig amach chun tosaigh sa rannóg ‘Sraith Teilifíse na Bliana’.

Comhghairdeas mór ó chroí le gach buaiteoir agus le gach duine a bhain áit amach ar ghearrliosta na bliana seo!

Tá liosta iomlán na mbuaiteoirí le fáil anseo thíos:

Colúnaí na Bliana
Aedín Ní Thiarnaigh – NÓS

Clár Teilifíse na Bliana
Séamus Mac Murchaidh: Díolta faoina Luach – Macha Media

Scannán na Bliana
Róise & Frank – Macalla Teo

Sraith Raidió na Bliana
An Cúinne Dána – RTÉ Raidió na Gaeltachta

Iriseoir na Bliana
Méabh Ní Thuathaláin – Tuairisc & 7Lá ar TG4

Pearsa Raidió na Bliana
Neansaí Ní Choisdealbha – RTÉ Raidió na Gaeltachta

Pearsa Teilifíse na Bliana
Sinéad Ní Uallacháin – Beidh mé ar ais

Clár Gaeilge na Bliana Ar Raidió Pobail
Filí Chonamara – Raidió Pobail Chonamara

Clár Gaeilge na Bliana Ar Raidió Tráchtála
Splanc le Cuán Ó Flatharta – Newstalk

Sraith Teilifíse na Bliana
Bláth na hÓige – Aniar TV

Gradam Speisialta
Blas – BBC Gaeilge

Craoltóir Solabhartha na Bliana
Brian Tyers – TG4

Réalta Óg na Bliana
Colm Mac Giolla Easbuic – Ros na Rún & RTÉ Raidió na Gaeltachta

Buaic-Ghradam Cumarsáide an Oireachtais
Eoghan Ó Néill

The post Colúnaí NÓS, Aedín Ní Thiarnaigh, i measc na mbuaiteoirí ag Gradaim Chumarsáide an Oireachtais appeared first on NÓS.

Níos mó