Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
cuntas-o-cheanada:-faoi-gheasa-ag-na-saighneain

Cuntas ó Cheanada: Faoi gheasa ag na Saighneáin

| aodhan o baoill | ,

Thit Féile Scannán na hEorpa amach in Calgary ar an tseachtain seo caite agus, mar a tharla anuraidh, is ar scannán Gaeilge a raibh an t-éileamh ba mhó. An Cailín Ciúin a bhí ann anuraidh agus tá a fhios againn uilig go maith an tionchar a bhí ag an scannán chéanna, ní hamháin ar scannáin in Éirinn ach ar fud an domhain. I mbliana, Róise agus Frank a bhí á thaispeáint ag an Phictiúrlann Dome i gcroílár na cathrach.

Ní mór dom a rá gur chuir sé gliondar agus bród orm a bheith ag amharc ar an scannán ghalánta seo i gcathair mhór de chuid Mheiriceá Thuaidh. Is scéal galánta é. Bean a bhuaileann le madadh beag i ndiaidh di a fear céile a chailleadh, agus an ról atá ag an mhadadh ó thaobh a bheith ag cuidiú leis an bhean a brón a shárú. I ndiaidh dúinn an scannán a fheiceáil, chuir mé sonrú sa mhéid a bhí á rá ag daoine faoi chumhacht an scannáin agus faoin mhéid a chuir an Ghaeilge leis.

Chuaigh muid amach go Canmore fosta. Ní shílim go n-éireoidh mé tinn de na sléibhte is cuma cá fhad a bheidh muid anseo. Mothaíonn tú ar do shuaimhneas láithreach, a luaithe is tú amuigh ann tig só na timpeallachta ort. Is baile beag gleoite é Canmore agus toisc go raibh muid ann i lár na seachtaine bhí sé deas ciúin. D’éirigh linn siúlóid a bheith againn ar cheann de na sléibhte – chomh maith le roinnt mhaith seacláidí teo – sula dtáinig muid ar ais. Le fírinne, chuirfeadh an tiomáint anonn agus anall cluaisíní croí ort, gan trácht ar na siúlóidí féin. Thiocfadh liom laethanta, seachtainí fiú, a chaitheamh amuigh ansin faoin spéir gan aon bhaol go dtiocfaidh leadrán orm.

Ar ndóigh, mar atá luaite agam roimhe seo, ní i bhfad ón CLG atá tú anseo i gCeanada. Bhí ár mbainisteoirí peile ar shiúl lena gcuid oibre i rith na seachtaine mar sin de thit an dualgas orm agus ar pháirtí tí liom, Kevin (nó Caoimhín mar a thugaim anois air) leis an traenáil a ghlacadh.

Anois, tá mise ag imirt peile agus iománaíochta leis na blianta fada agus tá píosa beag cóitseála déanta agam… le páistí faoi aois!

Is rud iomlán difriúil é seisiún uair go leith a eagrú do dhaoine fásta. Agus cuimhnímis, taobh istigh a bhíonn muid i rith an gheimhridh. Cé go mbainim sult as a bheith ag cóitseáil, dar fia is doiligh an post é. Níos aistí arís atá sé ordú a thabhairt agus ansin daoine á leanstan.

Maidir le heispéireas nach dual dom ar chor ar bith, chuaigh muid le Shania Twain a fheiceáil. Níl an oiread sin dúile agam i gceol tíre (fanaigí siar uaim a mhuintir Thír Chónaill) agus mhothaigh mé rud beag as áit ag siúl isteach chuig an Saddledome, áit a raibh an cheolchoirm. Ní fhaca mé riamh an oiread sin hataí Stetson agus buataisí buachaill bó. Ní féidir liom a shéanadh, áfach, gur bhain mé an-sult as an cheolchoirm. Tá sí go hiontach maith ag mealladh an tslua, mar a deirtear, agus is doiligh ceol beo de chineál ar bith a shárú cibé ar bith. I ndiaidh na ceolchoirme chuaigh muid go dtí ceann de na clubanna oíche b’aistí dá raibh mé riamh ann. ‘Cowboys’ an t-ainm a bhí air agus ba mheascán de chlub oíche agus casaíne é. Ach bhí craic mhaith ann, chomh maith le rince líne!

Thosaigh muid sna poist nua ag an Pháirc Oilimpeach. Bhí sé riamh mar aisling agam a bheith ag obair in áit sciála i rith an gheimhridh agus sin a bheas ar bun againn. Is iontach an áis í agus trealamh d’ardchaighdeán ann do lúthchleasaithe móra a thagann ó achan chearn den domhan. Ní raibh muid ach ag traenáil go dtí seo agus ag dúil leis an oscailt oifigiúil ag deireadh na míosa, ach sílim go mbainfidh muid sult as a bheith ag obair ann don tséasúr.

Is cinnte gurb iad Na Saighneáin buaicphointe na seachtainí is déanaí. Tá aip agam ar mo ghuthán ina dtig leat súil a choinneáil ar an réamhaisnéis fána gcoinne agus phreab fógra aníos ar mo ghuthán ag cur in iúl go raibh seans ann go mbeadh siad le feiceáil in aice láithreach. Chuaigh muid go lár na páirce taobh linn agus bhí beagán de dhath glas ar an spéir. Ansin agus muid inár seasamh ar an droichead i lár na páirce, phléasc an spéir le dathanna na Saighneán. Ní fhaca mé a leithéid riamh. Glas, corca, bándearg. Is doiligh focail a chur air le fírinne. Bhí siad mar a bheadh doras ar dhomhan eile ann agus ba bheag nach raibh mé ag caoineadh. Thiontaigh mé chuig Bríd ar ár mbealach ar ais chun tí agus dúirt mé léi,

“Dá mba rud é go raibh orainn dul chun a’ bhaile amárach, b’fhiú go mór an turas seo uilig don oíche seo amháin.”

Pribhléid amach is amach, níl aon amhras air.

The post Cuntas ó Cheanada: Faoi gheasa ag na Saighneáin appeared first on NÓS.

Níos mó