Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
imreoiri-clg-ag-cabhru-le-muintir-na-ceinia-dul-i-ngleic-leis-an-athru-aeraide

Imreoirí CLG ag cabhrú le muintir na Céinia dul i ngleic leis an athrú aeráide

| amy ni riada | ,

Seans nach raibh lúthchleasaithe, a bhí tar éis an bháisteach in Éirinn a fhágaint, ag súil go mbeadh lámhainní ag teastáil uathu agus iad ag imirt i bpáirceanna báite san Afraic Thoir. Sin mar a bhí agus iad i mbun feachtas ollmhór chun ráta an athraithe aeráide a theorannú, áfach.

Tá 50 peileadóir CLG sa Chéinia faoi láthair mar chuid d’fheachtas le milliún crann a chur ar thailte atá ar bhinnsceird na gréine agus teochtaí ag dul in airde, go háirithe i dtuaisceart na tíre.

Bhí sé oiriúnach mar sin, agus muid i lár an tséasúir thirim, go raibh siad in ann na míbhuntáistí sin a fheiscint iad féin ar a gcéad lá sa tír agus staid na talún ana-chosúil le páirceanna sa bhaile ag deireadh chraobhchomórtais an chontae.

Tháinig an feachtas ó bhunsmaoineamh a bhí ag peileadóir de chuid na Gaillimhe agus bunaitheoir na carthanachta, Warriors For Humanity, Alan Kerins. Bhí sé de rún aige cluichí peile agus iománaíochta a eagrú san Afraic blianta ó shin. Tar éis a bheith ag comhoibriú leis an eagraíocht idirnáisiúnta, Self Help Africa, agus an Cumann Imreoirí Gael, d’éirigh leo an chéad ‘Plant the Planet Games’ a reáchtáil anuraidh agus tá grúpa eile peileadóirí amuigh leo i mbliana.

B’éigean do na himreoirí go léir na mílte euro a sholáthar sular thaistil siad ann agus nuair a d’fhiafraigh mé díobh cé acu a bhailigh an tsuim airgid is mó, b’ainm Ciarraíoch a fuair mé. Do dhéan Fionnán Ó Súilleabháin, a imríonn le foireann iománaíochta Chiarraí, níos mó ná €8000 a thiomsú trí imeachtaí difriúla.

As Neidín ó dhúchas, dúirt Ó Súilleabháin nár tugadh an cuireadh dó teacht ar an gcuairt go dtí cúig seachtaine ó shin. Sin ráite, ní raibh aon fhadhb aige agus tacaíocht á lorg aige ina bhaile dúchais.

“Bhíos saghas neirbhíseach ag lorg airgid mar tá sé deacair sa bhaile faoi láthair leis an gcostas maireachtála agus an Nollaig ag teacht chomh maith ach fuaireas ana-thacaíocht. Táim ana-bhuíoch de na daoine sin mar seans nach mbeinn in ann rud éigin cosúil leis seo a dhéanamh arís,” a dúirt sé

Ciarraíoch eile atá i láthair ná Aislinn Desmond a imríonn le foireann peile na mban. “Tá saol an phobail i bhfad níos deacra anseo sa Chéinia – níl cliú againne sa bhaile ach scaipfidh mé an scéal nuair a théim thar n-ais,” a dúirt sí.

Tar éis na gcluichí a imirt in Nairobi, tá an grúpa ag déanamh a slí ó thuaidh chun cuairteanna a thabhairt ar ionaid sláintíochta agus phobail ina bhfuil deacrachtaí le teochtaí ag dul in airde agus tolcaí toirní ag scriosadh na talún.

Tá iar-pheileadóir as Maigh Eo, Tom Parsons, atá mar POF ag Cumann Imreoirí Gael, ar ais sa Chéinia i mbliana tar éis rath na cuairte anuraidh.

“Táim ar bís a bheith anseo arís agus tá grúpa den chéad scoth againn,” a dúirt sé. “Caithfimid a bheith ana-chúramach agus muid ag piocadh na ndaoine a thaistealaíonn sall linn. Caithfidh siad a bheith dáiríre faoin ábhar atá á phlé againn – go bhfuilimid go léir freagrach as an athrú aeráide agus mar sin, caithfimid go léir a bheith gníomhach, go háirithe i dtíortha atá thíos le míbhuntáistí an athraithe aeráide.”

Craoladh an chuairt anuraidh ar TG4 agus tá sé le fáil anseo.

The post Imreoirí CLG ag cabhrú le muintir na Céinia dul i ngleic leis an athrú aeráide appeared first on NÓS.

Níos mó