Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
iosrael-chun-sosanna-troda-‘teaicticiula’-ceithre-uair-an-chloig-a-thabhairt-isteach,-ach-sos-cogaidh-a-dhiultu

Iosrael chun sosanna troda ‘teaicticiúla’ ceithre uair an chloig a thabhairt isteach, ach sos cogaidh á dhiúltú

| tuairisc | , ,

Tá imní léirithe ag an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (WHO) faoin mbaol atá in Gaza go scaipfidh galair thógalacha go rábach i measc an dá mhilliún duine atá ina gcónaí ansin

Iosrael chun sosanna troda ‘teaicticiúla’ ceithre uair an chloig a thabhairt isteach, ach sos cogaidh á dhiúltú

Tá Iosrael chun sosanna troda ceithre uair an chloig in aghaidh an lae a thabhairt isteach in áiteanna i dtuaisceart Gaza chun deis a thabhairt do dhaoine teitheadh ón mbombardú atá á dhéanamh ar an stráice.

Dúirt urlabhraí an Tí Bháin John Kirby gurb í an chéad chéim í agus gur céim thábhachtach í.

Dúirt údaráis mhíleata Iosrael gur “sosanna teaicticiúla áitiúla” a bheadh i gceist ar mhaithe le cúnamh daonnúil a thabhairt do shaoránaigh agus nach aon sos cogaidh a bhí á fhógairt acu.

Tá imní léirithe ag an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (WHO) faoin mbaol atá in Gaza go scaipfidh galair thógalacha go rábach i measc an dá mhilliún duine atá ina gcónaí ansin.

Tá an bhuinneach, an deilgneach, galar an tochais, nó scaibéis, agus fadhbanna riospráide forleathan i measc an phobail ansin de bharr an áit a bheith plódaithe agus daoine ag cónaí i mullach a chéile, drochbhail ar chúrsaí sláinteachais agus an scéal ag gabháil chun donais agus gan teacht ag daoine ar sholáthar uisce glan, córas ceart séarachais ná cúram sláinte.

In olcas atá na cúrsaí sin ag gabháil sa gceantar agus Iosrael ag buamáil agus ag ionsaí na háite le roinnt seachtainí.

D’éirigh le fórsaí Iosrael cuid mhaith de chathair Gaza a thimpeallú agus a mbealach a dhéanamh go dtí ceantar Ospidéal Al Quds, mar a bhfuil suas le 14,000 duine ag thóir tearmainn ón troid.

Tá thart ar 100 othar fós san ospidéal ansin agus deir údaráis an ospidéil nach féidir leo iad a bhogadh mar nach bhfuil aon bhóthar fágtha nach bhfuil scriosta ag an ionsaí ón aer.

Deir na húdaráis i Gaza atá á rith ag Hamas go bhfuil Iosrael ag leanacht lena gcuid ionsaithe ón aer agus nach bhfuil an deisceart slán ach an oiread mar go ndearnadh ionsaí aeir ar Khan Younis ansin agus gur maraíodh seisear san ionsaí.

Tuairiscítear go bhfuil cainteanna ar siúl in iarracht teacht ar shocrú faoina scaoilfeadh Hamas roinnt de na gialla saor ach Iosrael sos troda a cheadú sa troid in Gaza.

Meastar go bhfuil roinnt Meiriceánach á lua ar chuid de na gialla a ligfí abhaile.

Tá taidhleoirí agus feidhmeannaigh ag iarraidh teacht ar réiteach idir an dá thaobh faoina n-éireofaí as na hionsaithe ar feadh lá iomlán agus go scaoilfí saor gialla – páistí, mná, daoine atá amach sna blianta agus daoine nach bhfuil an tsláinte acu.

Tá sé ráite go mion minic, áfach, ag Príomh-Aire Iosrael, Benjamin Netanyahu, nach nbeidh aon fhaoiseamh ón gcogadh in Gaza go dtí go scoaoilfear saor na gialla agus meastar níos mó ná 240 duine a bheith fós i ngéibheann ag Hamas. An port atá ag Hamas nach scaoilfear aon ghiall saor go dtí go mbeidh sos comhraic ann.

Dúirt Ard-Choimisinéir Chearta an Duine na Náisiún Aontaithe, Volker Türk, Dé Céadaoin go raibh coireanna cogaidh déanta ag Hamas agus ag Iosrael ó thosaigh an t-ár seo ag tús Dheireadh Fómhair.

“Bhí an sléacht a rinne grúpaí armtha Palaistíneacha ar an 7 Deireadh Fómhair náireach, brúidiúil agus scanrúil, coireanna cogaidh a bhí iontu agus is coir chogaidh freisin daoine a choinneáil mar gialla,” a dúirt an Coimisinéir. “Is coir chogaidh chomh maith an éiric chomhchoiteann atá á ídiú ag Iosrael ar phobal sibhialtach uile Gaza agus an díbirt is díshealbhú éigeantach atá á dhéanamh ar shibhialtaigh as Gaza.”

Rinne Türk a chuid cainte tar éis do cuairt a thabhairt ar an mbealach amach chun na hÉigipte ar an teorainn ag Rafah. Dúirt sé gur é an bealach amach sin an t-aon dóchas atá ag an 2.3 milliún duine in Gaza.

Níos mó