Níl sé i gceist ag an Aire Oideachais liúntas a thabhairt ar ais do gach múinteoir i scoileanna Gaeilge agus Gaeltachta mar gheall ar cheisteanna costais agus ceardchumainn.
D’éiligh Ard-Rúnaí Chumann Múinteoirí Éireann an tseachtain seo go dtabharfaí ar ais na liúntais a d’íoctaí le gach múinteoir i scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta. Rinne John Boyle an moladh sin i bhfianaise na ndeacrachtaí móra a bhíonn ag na scoileanna sin teacht ar mhúinteoirí.
Luaigh an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil Éamon Ó Cuív an ganntanas céanna múinteoirí agus an tAire Oideachais á ceistiú aige faoin ábhar.
Dúirt Ó Cuív go spreagfadh an liúntas tuilleadh múinteoirí cáilíocht a fháil chun dul ag obair i scoileanna Gaeilge agus Gaeltachta.
Dúirt an tAire Oideachais go mbeadh gá le haontú ó na ceardchumainn éagsúla faoi aon liúntas a thabhairt ar ais agus fiú ansin go mbeadh ceist mhór ann faoin gcostas a bhainfeadh le filleadh an liúntais.
“Chruthódh aon leasuithe breise ar na liúntais a íoctar le múinteoirí, cibé do mhúinteoirí ‘nuacheaptha’ iad nó nach ea, saincheisteanna costais shuntasacha agus ba chóir, mar a luadh, go mbeadh aon phlé air seo mar chuid den rannpháirtíocht agus comhaontú comhchoiteann idir na Ceardchumainn agus an Rialtas,” arsa an tAire Oideachais, Norma Foley.
Faoi láthair, ní fhaigheann múinteoirí a bhain a gcáilíocht amach i ndiaidh 2012 aon airgead breise le dul ag múineadh i scoileanna lán-Ghaeilge agus scoileanna Gaeltachta.
Cuireadh deireadh an bhliain sin leis na liúntais do mhúinteoirí nua-cháilithe mar gheall, a dúradh, ar na ciorruithe a bhí á ndéanamh chun dul i ngleic leis an ngéarchéim eacnamaíochta.
Ach léiríodh ina dhiaidh sin nach raibh mórán le cois milliún euro á shábháil in aghaidh na bliana ag an Roinn Oideachais de thoradh an chinnidh deireadh a chur leis na liúntais do mhúinteoirí nua i scoileanna Gaeltachta, scoileanna lán-Ghaeilge agus scoileanna oileáin.
€4.9 milliún a chosain na liúntais sin sa bhliain 2010 agus €3.8 milliún a bhí i gceist in 2018, laghdú €1.1 milliún.
€3,063 an liúntas a bhíodh á fháil sa bhreis ar a bpá ag gach múinteoir sa Ghaeltacht roimhe sin agus €1,583 breise a bhíodh ag múinteoirí i ngaelscoileanna. Bhíodh €1,842 mar liúntas ag múinteoirí ar na hoileáin.
De réir suirbhé nua a rinne an INTO, bíonn poist fhadtéarmacha gan líonadh i 50% de Ghaelscoileanna agus scoileanna Gaeltachta, i gcomparáid le 28% i scoileanna Béarla an stáit.
Dúirt an tAire Oideachais Norma Foley nach bhféadfaí aon athbhreithniú a dhéanamh ar chás na liúntas lasmuigh den chomhaontú atá idir an Rialtas agus na ceardchumainn. Fiú dá mbeadh na ceardchumainn sásta na liúntais a thabhairt ar ais “bheadh ar an Roinn aon tograí dá leithéid a scrúdú go mion”.