Tá éileamh á dhéanamh ag brúghrúpa nua Gaeltachta go dtabharfaí breis cumhachta d’Údarás na Gaeltachta le dul i ngleic leis an ghanntan tithíochta sa Ghaeltacht.
Ag a gcéad chruinniú coiste, shocraigh BÁNÚ príomhéilimh an fheachtais nua atá ag an ghrúp d’fhonn dul i ngleic leis na deacrachtaí tithíochta sa Ghaeltacht.
Ar cheann de na móréilimh atá ag BÁNÚ táthar ag iarraidh go dtabharfaí an cúram d’Údarás na Gaeltachta breis tithíochta a chur ar fáil do chainteoirí Gaeilge sa Ghaeltacht.
Deir BÁNÚ gur chóir go dtabharfaí “cumhacht” agus “maoiniú” don Údarás le talamh a cheannach chun suíomhanna agus seirbhísí a réiteach do chainteoirí Gaeilge ar mian leo tithe a thógáil sa Ghaeltacht.
Táthar ag éileamh chomh maith go mbainfeadh Roinn na Gaeltachta úsáid as an reachtaíocht tithíochta le “tacaíocht” a chur ar fáil do chainteoirí Gaeilge a bheadh ag iarraidh teach a thógáil sa Ghaeltacht.
I measc na n-éileamh eile a socraíodh ag an chruinniú inné, deir BÁNÚ gur chóir go leagfaí síos rialacha i gcás tithe atá le ligean ar cíos sa Ghaeltacht agus go mbeadh “tús áite” á thabhairt do chainteoirí Gaeilge a bheadh ag iarraidh áit chónaithe a thógáil ar chíos go fadthéarmach.
Tá BÁNÚ ag éileamh chomh maith go bhfoilseofaí an dréacht de na treoirlínte atá réitithe ag an Aire Tithíochta maidir le dualgas reachtúil na n-údarás pleanála i dtaobh chaomhnú na Gaeilge mar theanga phobail sa nGaeltacht.
Bunaíodh BANÚ mar thoradh ar alt a foilsíodh ar Tuairisc an mhí seo caite ina ndearna Adhna Ní Bhraonáin, bean óg Ghaeltachta, cur síos ar na deacrachtaí a bhí aici lóistín a fháil i gConamara.
Tháinig Ní Bhraonáin abhaile an samhradh seo caite i ndiaidh cúig bliana a chaitheamh sa Nua-Shéalainn agus san Astráil. Cé go raibh airgead sábháilte aici níor éirigh léi teach a cheannach ná aon áit a fháil ar cíos agus chaith sí an samhradh ina cónaí i veain champála taobh amuigh de theach a tuismitheoirí.
Dúirt Ní Bhraonáin san alt go raibh gá le brúghrúpa a chuirfeadh “feachtas láidir” ar bun ar mhaithe le réiteach a fháil ar an “géarchéim tithíochta” sa Ghaeltacht.
Is iad Aoife Ní Chonghaile (Cathaoirleach), Adhna Ní Bhraonáin (Oifigeach Caidreamh Poiblí), Áidhne Ní Chadhain (rúnaí) agus Katie McGreal (cisteoir), Donncha Ó hÉallaithe (Leas-Chathaoirleach) agus Aindriú de Buitléir (Leas-Rúnaí) atá ina mbaill ar Choiste BÁNÚ.