Teastaíonn deichniúr foirne breise ó Údarás na Gaeltachta chun a chinntiú gur féidir láimhseáil cheart a dhéanamh ar an méadú a tháinig ar bhuiséad caipitil na heagraíochta le roinnt blianta anuas.
I litir a chuir an tAire Catherine Martin faoi bhráid an Aire Caiteachais Phoiblí roimh an mBuiséad san fhómhar, lorg sí €1.7 milliún do chúrsaí foirne san Údarás.
Ní cosúil ó cháipéisí a fuair Tuairisc faoin Acht um Shaoráil Faisnéise gur lorg Airí na Gaeltachta nó Roinn na Gaeltachta aon phingin breise de mhaoiniú caipitil d’Údarás na Gaeltachta do 2024.
Ina áit sin lorg an tAire maoiniú chun plean foirne a chur i bhfeidhm don eagraíocht fiontraíochta agus pleanála teanga.
“Tá €1.7 milliún sa bhreis á lorg d’Údarás na Gaeltachta in 2024 ionas go mbeidh ar a chumas an plean foirne a aontaíodh leis an eagraíocht a chur i gcrích sna trí bliana seo romhainn ó tharla an buiséad caipitil atá aige a bheith ardaithe,” arsa an tAire Catherine Martin ina litir mí Lúnasa seo caite.
Dúirt an tAire gur theastaigh formhór an airgid breise a bhí á éileamh chun é a chaitheamh ar chúrsaí ‘comhlíonadh agus riosca’ san eagraíocht.
“Tá béim láidir sa bplean sin ar fheidhmeanna comhlíonta agus riosca na heagraíochta, chomh maith le réimsí eile atá riachtanach ina cuid oibre amhail an phleanáil teanga, cruthú fostaíochta, forbairt réigiúnach agus bainistiú maoine, agus é lárnach iontu ar fad na spriocanna athraithe aeráide a bhaint amach,” a dúirt an tAire.
Mar fhreagra ar an éileamh sin, lorg an Roinn Caiteachais Phoiblí tuilleadh eolais faoin bplean foirne €1.7 milliún a bhí beartaithe d’Údarás na Gaeltachta.
Mar thoradh ar an iarratas sin, chuir oifigigh Roinn na Gaeltachta nóta mínithe ar fáil ina raibh briseadh síos ann ar an bplean do lucht oibre don Údarás.
“Teastaíonn €900,000 den €1.7milliún breise seo atá á lorg le deichniúr foirne breise a earcú le déileáil le comhlíonadh agus riosca agus tá €800,000 le caitheamh ar phinsin d’fhostaithe a d’éirigh as a gcuid oibre le déanaí agus le hincrimintí a íoc leis an bhfoireann,” a dúradh.
Dúirt oifigigh na Roinne chomh maith go rachadh an plean fórsa saothair €1.7 milliún chun leas ghnéithe eile d’obair an Údaráis amhail an phleanáil teanga, cruthú fostaíochta, an fhorbairt réigiúnda agus an bainistiú réadmhaoine.
D’fhógair an Rialtas ardú €1.1 milliún i mbuiséad riaracháin an Údaráis mar chuid de Bhuiséad 2024, a fhormhór do chúrsaí pinsin.
Níor bronnadh aon mhaoiniú breise ar an eagraíocht chun tabhairt faoi thograí caipitil sa Ghaeltacht.
I mí Dheireadh Fómhair seo caite, i ndiaidh fhoilsiú an Bhuiséid, dúirt Aire na Gaeltachta go raibh tús á chur le plé maidir le buiséad caipitil Údarás na Gaeltachta.
Agus í ag labhairt sa Dáil, dúirt an tAire Catherine Martin gur “cur chuige stuama” a bhí ann feidhm rialachais an Údaráis a láidriú ar dtús agus “tús á chur anois le cainteanna maidir le buiséad caipitil na heagraíochta do na blianta amach romhainn”.
Tá buiséad caipitil Údarás na Gaeltachta laghdaithe ó €25.5 milliún in 2008 go €14.5 mhilliún in 2022, ísliú 43%. D’ardaigh buiséid chaipitil an IDA 66% agus ceann Fiontraíocht Éireann 30% le linn na tréimhse céanna.
Léirigh iniúchadh a foilsíodh ar an suíomh seo an mhí seo caite nach bhfuair Roinn na Gaeltachta ach an cúigiú cuid den mhaoiniú a lorg siad don Ghaeilge in 2024, rud a fhágann go mbeidh orthu gearradh siar ar roinnt pleananna móra a bhí acu.
Cé gur tháinig méadú suntasach ar bhuiséad caipitil Údarás na Gaeltachta le blianta beaga anuas, bhí an maoiniú caipitil a bhí ag an eagraíocht 43% níos mó in 2008 ná mar a bhí sé in 2022. €25.5 milliún a bhí ann in 2008 i gcomparáid le €14.5 milliún in 2022.