Roghnaímis an dóchas: hataí buicéid, véipeanna agus todhchaí na Gaeilge
Tá cara agam a bhfuil sé de nós aige trí rud a dhéanamh ar oíche amuigh. Pé áit ina bhfuilimid, pé oíche atá ann, an chéad rud a dhéanann sé i gcónaí gan teip ná go n-aimsíonn sé hata buicéid. D’fhéadfá an leaid seo a fhágáil i lár na Mongóile agus roimh dheireadh na hoíche, chasfá thart agus bheadh hata buicéid suite ar bharr a chinn aige. An dara rud a dhéanann sé i gcónaí ar oíche amuigh ná téann sé sa tóir ar véip. Ar nós snag breac ag cuardú miotail, rachaidh an cara seo liom tríd an láthair caithimh tobac go dtí go dtagann sé ar a dháileog.
An rud deireanach a dhéanann sé gach oíche ná aimseoidh sé duine éigin le Gaeilge a labhairt leo. Tá an scil ar leith seo feicthe agam ar fud Bhaile Átha Cliath. Tigh tábhairne ar bith. Oíche ar bith. Imím go dtí an leithreas i gcomhar nóiméad amháin agus nuair a thagaim thar n-ais, bíonn an cara seo i lár comhrá le leaid ó Choláiste Eoin. Nó bean mheánaosta ón Rinn. Nó fear ó Kentucky le blas Chonamara.
Chasas féin leis an gcara seo ag traenáil Na Gaeil Óga, an club CLG lán-Ghaeilge i mBÁC. Buaicphointe na bliana do na peileadóirí inár gclub ná Comórtas Peile na Gaeltachta, an comórtas d’fhoirne peile ón nGaeltacht agus iadsan ón nGalltacht a bhfuil Gaeilge acu. I mbliana, eagraíodh an comórtas i nDún na nGall agus bhí an cara liom réidh lena hata buicéid, ag súil go mór leis an turas siar go dtí an Ghaeltacht. Ba é a chéad uair sa Ghaeltacht agus ar nós cuid mhaith daoine nach as an nGaeltacht iad, bhí sé ag súil go mbeadh an teanga níos láidre sa cheantar ná mar a bhí.
Bhí díomá air agus muidne inár seasamh i siopa áitiúil i nGaoth Dobhair ag éisteacht le teaghlach áitiúil ag labhairt i mBéarla. Nó ag ordú deoch i dtigh tábhairne as Gaeilge, ag rá an ordaithe chéanna fé thrí go dtí go ndúirt sé i mBéarla é agus go bhfuair sé deoch. Bhí ionadh orm go raibh ár gcumann sásta go rabhamar ag imirt i gcoinne Carna Caiseal sa chéad chluiche fiú, toisc go mbeadh Gaeilge á labhairt ag an bhfoireann iomlán sin (ní rabhamar in ann ár straitéis a chur faoi cheilt leis an nGaeilge). Gan amhras, chualamar neart Gaeilge ar fud na háite agus bhí oícheanta craiceáilte againn le muintir na Gaeltachta. Mhothaigh mo chara an brón agus an díomá uaigneach sin a mhothaítear i gceantar Gaeltachta agus meath na teanga le clos go fóill.
Ar an oíche dheireanach den chraobh peile, bhí an comórtas “An Cailín Gaelach” ar siúl. Roghnaíodh cailín ó gach club sa chomórtas le dul sa seans an teideal “An Cailín Gaelach” a bhuachaint. Bhíos i mo sheasamh san ollphobal, i measc imreoirí Na Gaeil Óga, ag éisteacht leis na cailíní áille ó na Gaeltachtaí ar an stáitse. D’fhéadfainn mo shúile a dhúnadh agus a shamhlú go rabhas ag éisteacht leis an scrúdú béil don Ardteist leis an Ghaeilge shaibhir a bhí á labhairt acu.
Agus ansin, tháinig Cailín Gaelach Na Gaeil Óga, Éadaoin Ó Snodaigh, cara liom, ar an stáitse. Ní chloisfidh tú Éadaoin ar an Ardteist go luath, ach bhí sí seasta ar an stáitse céanna, cainteoir dúchais í féin, i measc na gcailíní eile. Níor labhair sí le blas ar bith seachas an blas Duibhlinneach atá aici, ar nós gur chasas trí thimpiste léi ar an Luas agus í ag rá “Aon chraic?”.
Cé go raibh díomá ar chuid de na leaids go raibh foirne ag an gcomórtas agus Béarla á labhairt acu, nuair a chualas Éadaoin ar an stáitse mhothaíos bród ionam a bheith mar chuid de Na Gaeil Óga agus Éadaoin ina seasamh ann ar ár son. Mar chailín a tógadh san Ardchathair le Gaeilge, a labhraíonn Gaeilge go laethúil, a imríonn le club lán-Ghaeilge. In ionad díriú ar an díomá a bhí orainn Béarla a chloisint sa Ghaeltacht, ba cheart dúinn smaoineamh ar an nGaeilge a bhí á labhairt ann, agus ag ár bpobal san “Iar-Ghaeltacht”.
Uaireanta téim amach chuig Acadamh Na Gaeil Óga le beirt de mo chuid cairde, Eoin agus Jeaic. Ag an Acadamh, bímid ag traenáil na bpáistí is óige sa Chlub – páistí idir 4 nó 5 bliana d’aois. Má tá tú riamh in ísle brí de bharr mheath na teanga, mholfainn duit dul amach go dtí an tAcadamh i Leamhcán. Is iontach an rud é páistí óga le glór BÁC a chloisint agus Gaeilge á labhairt acu sa chathair. Ní hamháin go bhfuil na páistí sin ag fáil a gcuid oideachais trí Ghaeilge agus ag imirt spóirt trí Ghaeilge, is í an Ghaeilge an chéad teanga atá ag cuid díobh.
Maidin amháin, bhíos i gceannas ar ghrúpa de sheisear páistí ag an Acadamh. Bhíos i mbun druil iomána a mhíniú dóibh nuair a dúirt cailín darbh ainm Éabha go raibh sé déanta aici cheana agus gur theastaigh uaithi é a thaispeáint don ghrúpa. Mar Chiarraíoch, bhíos sásta glacadh le cabhair leis an iomáint agus os ár gcomhair, i nGaeilge líofa, mhínigh Éabha conas an mála pónairí a choimeád ar an gcamán agus rith tríd an dréimire agus léimt thar an gcliath ag an deireadh. Lean na páistí uilig sa ghrúpa a treoracha!
Agus an druil ar siúl, thosaigh buachaill óg darbh ainm Mícheál, a raibh Gaeilge ó dhúchas aige, ag míniú dom gurb é Twister an cluiche is fearr leis (le taispeántas beo dom freisin). Ag an am céanna, bhí Éabha tar éis an cinneadh a dhéanamh go raibh an druil ró-éasca le mála pónairí amháin ar an gcamán agus chinntigh sí sé cinn a chur ar an gcamán (in ainneoin dhlíthe na fisice). Ag breathnú ar na páistí an mhaidin sin, i measc na málaí pónairí ag titim ar an talamh agus na páistí seo i mbun spraoi as Gaeilge, mhothaíos an bród sin a bhí orm ag Comórtas Peile na Gaeltachta agus Éadaoin ina seasamh ar an stáitse ar son ár gclub.
Ar an mbealach abhaile go lár na cathrach i ndiaidh an Acadaimh, thugamar cuairt ar dheirfiúr Eoin, a chónaíonn sa cheantar agus atá ag tógáil a cuid páistí féin le Gaeilge. Agus muidne ag siúl go ciúin isteach ina tigh, d’aithníos leictreoir ina sheasamh i lár an tseomra suite ag réitiú soilse. Bhí Ruairí, fear a bhíodh ag imirt peile linn agus atá anois ina leictreoir, i mbun comhrá Gaeilge faoin bhfadhb a raibh sé ag tabhairt fúithi. Thuigeas i gceart an mhaidin sin an t-éacht a bhí déanta ag Na Gaeil Óga i mBÁC. Ní hamháin leis na teaghlaigh sa chathair atá ag tógáil a gcuid páistí le Gaeilge, ach trí na nascanna atá an club tar éis a chruthú idir Gaeilgeoirí ó fud fad na tíre san Ardchathair. Trí Chlub CLG amháin, tá réabhlóid shuntasach tar éis tarlú.
Tagann an diúltachas go héasca chugainn. Tá sé thar a bheith éasca a rá nach n-éireoidh le dream éigin nó go dteipfidh ar iarrachtaí duine eile. Is cinnte go raibh daoine mar sin ann nuair a tháinig an ghluaiseacht chinniúnach sin le chéile a bhunaigh Na Gaeil Óga. Ach taitníonn sé le cara agam é seo a rá: “Is cinneadh straitéiseach é an dearfachas.”
D’fhéadfá dul chun na Gaeltachta ag cuardú Gaeilge agus díomá a bheith ort gach uair a chloiseann tú Béarla. Níl smacht agat air sin. Ach tá smacht agat ar na rudaí a mbíonn tú féin dírithe orthu, i measc do chairde agus do mhuintire féin.
Nuair atáimid ag plé cúrsaí teanga, tá sé éasca an lár a ghéilleadh do na daoine a chaitheann a saol ar líne ag rá gur teanga mharbh í, nach bhfuil aon dóchas ann, nach fiú iarracht a dhéanamh. Beidh na daoine sin ann go deo.
An chéad uair eile a chloisim a leithéid, áfach, ní bheidh mé buartha. Beidh mé ag smaoineamh ar Mhícheál óg, nach bhfuil aon tuiscint aige ar chúrsaí sochtheangeolaíochta, ach atá lán sásta sainmhíniú de Twister a thabhairt as Gaeilge duit. Nó Éabha chroíúil, atá ró-ghnóthach ag iarraidh an séú mála pónairí sin a chur ar an gcamán.
D’fhéadfadh Norma Foley an bonn a bhaint den Ghaeilge sa chóras oideachais maidin amárach. Nó d’fhéadadh Cromwell léimt in airde ón uaigh. D’fhéadadh an rialtas deireadh a chur le tacaíocht do scéim Ghaeilge ar bith.
D’fhéadadh míle rud tarlú sa mhórphictúir don teanga, ach sa deireadh, níl smacht pearsanta againn ar na rudaí sin. Tá smacht pearsanta againn ar an dearcadh atá againn agus ar na gníomhartha pearsanta is féidir linn a dhéanamh. Agus is fiú dúinn a bheith dearfach nuair atá dearfachas ag teastáil.
Is cinnte go mbeidh mise dearfach. Mar in ainneoin gach rud eile atá ag tarlú, tá rud amháin cinnte. Amuigh i dtigh tábhairne éigin i mBÁC, le hata buicéid air agus véip ina lámh, beidh an cara liom ann, agus é i mbun comhrá le duine nua i nGaeilge.
Agus tá dóchas sa mhéid sin.
The post Roghnaímis an dóchas: hataí buicéid, véipeanna agus todhchaí na Gaeilge appeared first on NÓS.