Deir an Coimisiún Toghcháin nach mbeidh aon bhotún sa leagan Gaeilge den bhreis is 2 milliún leabhrán eolais faoi na reifrinn atá le scaipeadh ar thithe ar fud na tíre an mhí seo chugainn.
D’fhoilsigh an Coimisiún leabhráin eolais an tseachtain seo caite faoi na reifrinn a bheidh ar siúl ar an 8 Márta ach bhí botúin sa leagan Gaeilge a d’fhág nach raibh cuid den fhoclaíocht sa leabhrán ag teacht leis an reachtaíocht a cuireadh trí Thithe an Oireachtais. Ní raibh aon chiall leis an leagan Gaeilge de cheann de na leasuithe atá á moladh a bhí sa leabhrán dá bharr.
Deir an Coimisiún Toghcháin go bhfuil an fhadhb tugtha faoi deara, áfach, agus go bhfuil na leasuithe cuí déanta.
Dúirt urlabhraí de chuid an Choimisiúin le Tuairisc go raibh leagan ceartaithe den leabhrán eolais Gaeilge anois curtha in airde ar shuíomh an Choimisiúin agus go raibh an leagan ceart ag na clódóirí.
Dúradh gur téacs a úsáideadh le linn chéim an dearaidh ba chúis leis na botúin ach go raibh an téacs atá ar an suíomh anois agus sna leabhráin a bheidh á gcur i gcló ag teacht leis an reachtaíocht.
“Tugadh faoi deara go raibh fadhb leis an aistriúchán Gaeilge sa leabhrán eolais a uaslódáladh ar ár suíomh,” a dúirt an t-urlabhraí.
“Téacs é sin a úsáideadh le linn don leabhrán a bheith á dearadh, agus tá téacs cruinn na reachtaíochta sa leagan atá ag na clódóirí.
“Tá uasdátú déanta againn ar an suíomh agus an leagan ceartaithe den leabhrán air.
“Glacann sé os cionn coicíse 2.3 milliún leabhrán a phriontáil agus táimid ag súil go mbeidh siad á seoladh chuig árais chónaithe ar fud na tíre faoin 1 Márta ar a dheireanaí.”
Reifrinn ar an teaghlach agus cúram a bheidh sa tír ar an 8 Márta agus vóta le caitheamh ar leasuithe atá beartaithe ar Airteagal 41 den Bhunreacht.
Is é seo an chéad fheachtas faisnéise atá seolta ag an gCoimisiún Toghcháin ó tugadh an cúram sin dóibh anuraidh. Ba é an Coimisiún Reifrinn a chuireadh eolas neamhspleách ar fáil don phobal roimhe sin.
Deir an Coimisiún Toghcháin go bhfuil sé mar aidhm leis an fheachtas “eolas neamhspleách neamhchlaonta atá éasca a theacht air” a chur ar fáil don phobal.
Beidh fógraí de chuid an Choimisiúin i nGaeilge agus i mBéarla ar an teilifís, ar an raidió, ar nuachtáin, agus ar líne.