Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
ce-mhead-teach-saoire-ata-sa-ghaeltacht-agus-ca-bhfuil-siad?

Cé mhéad teach saoire atá sa Ghaeltacht agus cá bhfuil siad?

Léiríonn taighde nua atá déanta ag Tuairisc cé mhéad teach saoire atá sa Ghaeltacht agus céard iad na ceantair is mó a bhfuil tithe saoire iontu.  

De réir na hanailíse atá déanta ag Tuairisc, tá 63 toghroinn Ghaeltachta a bhfuil aon trian de na tithe iontu ina dtithe saoire nó ina dtithe folmha. Is ionann sin agus 41% de na toghranna Gaeltachta sa stát. 

I gceantair i nDún na nGall agus i gCiarraí atá na céatadáin is airde de thithe saoire sa Ghaeltacht agus is tithe saoire breis is 50% de na tithe i gceantair áirithe. Níl na céatadáin tithe saoire chomh hard céanna i nGaeltacht na Gaillimhe, áfach.  

Ciarraí 

Cé go bhfuil na fadhbanna atá cruthaithe ag líon ard na dtithe saoire i gCorca Dhuibhne pléite go minic, is airde céatadán na dtithe saoire i gceantair áirithe i nGaeltacht Uíbh Ráthaigh ná aon áit eile sa Ghaeltacht. 

I dtoghroinn Dhoire Fhíonáin i gCiarraí Theas, tá 65% de na tithe ansin ina dtithe saoire. Níl ach toghroinn amháin eile sa stát, Cill Chaoi i gcontae an Chláir, a bhfuil céatadán níos airde tithe saoire inti – 66%. 

Tá an cúigiú céatadán is airde tithe saoire sa stát i gCathair Dónaill – 58%. I mBaile an Sceilg, is tithe saoire 251 den 455 teach sa toghroinn, figiúr arb ionann é agus 55% de líon na dtithe. 

Tá cuid de na ceantair Ghaeltachta is laige sa tír ó thaobh na teanga ar na ceantair ina bhfuil na céatadáin is airde tithe saoire, ach ní fíor sin i gcás chuile ceantar. 

Léirigh anailís Tuairisc, mar shampla, go bhfuil Dún Chaoin i gCorca Dhuibhne ar cheann de na trí cheantar is mó sa tír ina mbíonn daoine ag labhairt na Gaeilge gach lá taobh amuigh den chóras oideachais ach tá Dún Chaoin an-ard chomh maith ar liosta na gceantar ina bhfuil na céatadáin is airde tithe saoire. 

De réir an daonáirimh is déanaí, bhí os cionn leath de na tithe i dtoghroinn Dhún Chaoin ina dtithe saoire, 96 as 191 nó 50.3% den iomlán. De réir na bhfigiúirí, bhí 7% eile de na tithe i nDún Chaoin folamh, rud a d’fhág go raibh 57% de na tithe sa cheantar folamh aimsir an daonáirimh. 

Toghroinn Iomlán TIthe Saoire % Tithe Folmha %
Doire Fhionáin* 293 190 65% 13 4%
Cathair Dónaill* 436 254 58% 25 6%
Baile an Sceilg 455 251 55% 25 5%
Dún Chaoin 191 96 50% 13 7%
Toghroinn Fhionáin 129 59 46% 4 3%
Dún Urlann 456 206 45% 24 5%
An tImleach 766 317 41% 53 7%
Loch Luíoch 323 129 40% 49 15%
Márthain 215 83 39% 18 8%
Ceann Trá 363 122 34% 52 14%
Cill Maoilchéadair 394 130 33.0% 38 10%
Ceannúigh/Máistir Gaoithe* 163 46 28.2% 26 16%
An Baile Breac* 100 27 27.0% 29 29%
Daingean Uí Chúis 1049 272 25.9% 157 15%
Cill Chuáin 309 80 25.9% 36 12%

*Toghroinn ina bhfuil cuid di lasmuigh den Ghaeltacht

Bhí breis is leath de na tithe i nDún Urlann, nó Baile an Fheirtéaraigh, folamh chomh maith. Tithe saoire is ea 45% de na tithe sa toghroinn sin – 206 teach as 456 – agus 5% eile a bhí folamh. 

I Márthain, bhí beagnach 40% de na tithe ina dtithe saoire agus 34% a bhí i gceist i gCeann Trá agus 33% i gCill Maoilchéadair. 

Bhí 26% de na tithe i gCill Chuáin, nó Paróiste Múrach, ina dtithe saoire, díreach mar a bhí i nDaingean Uí Cúis.  

D’fhág céatadáin na dtithe folmha sa dá cheantar sin go raibh thart ar 40% de na tithe uile atá iontu folamh nó ina dtithe saoire. 

Dún na nGall 

Tá ceantair Ghaeltachta áirithe i nDún na nGall chun tosaigh ó thaobh céatadáin na dtithe saoire agus na dtithe folmha atá iontu chomh maith. 

I dtoghroinn Ros Goill, mar a bhfuil na Dúnaibh, bhí 533 den 920 teach inti ina dtithe saoire – 58%. Bhí 5% eile de na tithe sa cheantar folamh. Díreach ó dheas i gCarraig Airt, bhí 40% de na tithe ina dtithe saoire agus trasna na Maoile Rua, 42% a bhí i gceist i bhFánaid Thuaidh. 

Toghroinn Iomlán TIthe Saoire % Tithe Folmha %
Ros Goill 920 533 58% 45 5%
Grianfort* 386 220 57% 20 5%
Dún Fionnachaidh* 949 470 50% 58 6%
Inis Caoil 86 37 43% 11 13%
Fanaid Thuaidh* 417 175 42% 22 5%
Fanaid Thuaidh* 675 267 40% 45 7%
Inis Mhic an Doirn 1195 446 37% 90 8%
Mín an Chladaig 990 358 36% 88 9%
An Machaire 540 188 35% 48 9%
Fánaid Thiar* 276 96 35% 24 9%
Árainn Mhór 437 150 34.3% 63 14%
Cill Charthaigh 465 132 28.4% 61 13%
Leitir Mhic an Bhaird 568 156 27.5% 99 17%
Cill Ghabhlaigh 304 79 26.0% 67 22%
Cnoc Colbha* 210 53 25.2% 39 19%

*Toghroinn ina bhfuil cuid di lasmuigh den Ghaeltacht

In iardheisceart an chontae, bhí 43% de na tithe i dtoghroinn Inis Caoil ina dtithe saoire agus tithe folmha a bhí i 13% eile. I bhFánaid Thuaidh, tithe saoire a bhí i 42% de na tithe sa toghroinn sin. 

I Mín an Chladaigh, bhí 36% de na tithe sa cheantar ina dtithe saoire agus 9% eile díobh folamh, nach mór díreach mar a bhí ar an Machaire. Ar Árainn Mhór, bhí 150 den 437 teach (34%) ar an oileán ina dtithe saoire de réir an eolais ón daonáireamh agus bhí 14% eile díobh folamh. 

Pic: Eamonn Farrell/Photocall Ireland.

GAILLIMH  

Tithe saoire iad 48% de na tithe ar fad i gCloch na Rón, toghcheantar a bhfuil cuid di sa Ghaeltacht, ach céatadáin níos ísle tithe saoire atá i gceist sna ceantair Ghaeltachta is láidre ó thaobh na teanga. 

Tá 23% de na tithe ar thrí Oileán Árann – Inis Mór, Inis Meáin agus Inis Oírr – ina dtithe saoire, de réir na bhfigiúirí daonáirimh. 

Ar an gCnoc Buí in Iorras Aithneach, mar a bhfuil Carna, bhí 98 teach saoire ann, 20% de na tithe ar fad sa cheantar. I Scainimh, mar a bhfuil Cill Chiaráin, 58 teach saoire, nó 17% den iomlán, a bhí i gceist.

Toghroinn Iomlán TIthe Saoire % Tithe Folmha %
Cloch na Rón* 494 239 48% 55 11%
Binn an Choire* 122 47 39% 17 14%
Mairíos* 246 78 32% 26 11%
Conga/An Ros 398 105 26% 43 11%
Oileáin Árann* 803 185 23% 82 10%
An Cnoc Buí 483 98 20% 62 13%
An Chorr 100 20 20% 12 12%
An Fhairche 581 107 18% 78 13%
Scainnimh 334 58 17% 41 12%
An Uilinn 59 9 15% 10 17%
An Turlach 315 43 14% 47 15%
Cill Chuimín 89 12 13% 13 15%
Abhainn Ghabhla 162 17 10% 24 15%
Garmna 691 71 10% 102 15%
An Crompán 1294 125 10% 178 14%

*Toghroinn ina bhfuil cuid di lasmuigh den Ghaeltacht

Ní raibh aon cheantar eile i gConamara ina raibh an figiúr os cionn 10%, áfach. 125 teach as 1,294 san iomlán (10%) a bhí ina dtithe saoire ar an gCrompán, mar a bhfuil an Cheathrú Rua agus 6% den iomlán ar thithe saoire iad ar an Spidéal, mar shampla. 

Na ceantair Ghaeltachta eile 

I nGaeltacht Mhaigh Eo, ba i nDumha Éige ar oileán Acla a bhí an céatadán ab airde de thithe saoire, 43% den 542 teach sa cheantar. 32% a bhí i gceist i dtoghroinn Acla, an ceantar Gaeltachta eile ar an oileán. 

I gCnoc an Ráithe i ndeisceart Iorrais 29% de na tithe a bhí ina dtithe saoire agus 28% a bhí in Abhainn Bhrain gar don teorainn le Gaillimh. D’fhág líon na dtithe folmha sa dá cheantar sin go raibh os cionn 40% de na tithe sa dá cheantar ina dtithe saoire nó folamh. 

Ar an gcósta den chuid is mó a bhíonn tithe saoire in Éirinn agus dá bharr bhí na figiúirí íseal go maith den chuid is mó i nGaeltacht na Mí, i gcathair agus in oirthear na Gaillimhe agus i Múscraí i gCorcaigh. Ar Oileán Chléire áfach, bhí 54% de na tithe ar an oileán folamh de réir an daonáirimh, idir thithe saoire (32%) agus tithe folmha eile (22%). 

Sa Rinn, tithe saoire ab ea 14% de na tithe sa toghroinn agus bhí 7% eile díobh folamh. 

Toghroinn Iomlán TIthe Saoire % Tithe Folmha %
Dumha Éige, Maigh Eo 542 235 43% 52 10%
Acaill, Maigh Eo 613 198 32% 57 9%
Cléire (LPT) 125 40 32% 27 22%
Cnoc na Ráithe, Maigh Eo 505 148 29% 65 13%
Abhainn Bhrann, Maigh Eo 194 54 28% 39 20%
An Corrán, Maigh Eo 473 119 25% 72 15%
Béal Deirg Mór, Maigh Eo 96 24 25% 13 14%
An Geata Mór Theas, Maigh Eo 535 130 24% 68 13%
Guala Mhór*, Maigh Eo 87 21 24% 13 15%
Baile an Chalaidh, Maigh Eo 158 30 19% 30 19%
Baile Óbha, Maigh Eo 127 17 13% 26 20%
An Rinn, Port Láirge* 652 88 13% 45 7%
Múscraí (LPT) 1,766 44 2% 233 13%
Ráth Chairn & Baile Ghib (LPT) 718 3 0% 44 6%

*Toghroinn ina bhfuil cuid di lasmuigh den Ghaeltacht

Tugann an Phríomh-Oifig Staidrimh le fios go ndéanann áiritheoirí an daonáirimh tithe folmha a áireamh mar thithe saoire ach sin a bheith bunaithe ar eolas a bhailítear go háitiúil. 

Deirtear freisin nár cheart na figiúirí do thithe folmha sa daonáireamh a úsáid mar léiriú ar thithe atá folamh go fadtéarmach ná mar thithe a d’fhéadfaí a úsáid mar lóistín amach anseo. 

Níos mó