Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
comhairle-carad:-athbhliain-agus-athmhachnamh

Comhairle Carad: Athbhliain agus athmhachnamh

| kathryn ni mhaolain | ,

Cad é an fhuaim sin? Ó, Kathryn atá ann, ag caint faoi nósanna arís…

I ndáiríre, is ionann ár nósanna agus ár saol, agus is féidir le dea-nósanna saol níos fearr agus níos dearfaí a chruthú. San eagrán seo de Chomhairle Carad, pléann muid rúin na hathbhliana go ginearálta, chomh maith le rún áirithe gan a bheith ag ól. Tá comhairle ó chroí ag Kathryn i dtaca leis an dá rud.

O, 26
Ba mhaith liom stopadh de bheith ag ól. Táim ag gearradh siar le cúpla mí anuas, agus mothaím i bhfad níos fearr, go háirithe an mhaidin tar éis dom dul amach. Tuigim go mbeidh sé níos fearr do mo chorp agus do mo mheabhairshláinte, ach beidh sé deacair stopadh ag an am céanna. Bím imníoch agus neirbhíseach nuair a théim amach i suíomh sóisialta agus cuidíonn gloine fíona leis sin. Conas is féidir liom seo a mhíniú do mo chairde, agus an bhfuil moltaí ar bith agat don chraic gan alcól?

Is breá liom an machnamh atá déanta agat air seo cheana féin, agus go n-aithníonn tú an tionchar dearfach ar do shaol go dtí seo. Tá mise leat sa mhéid is go mbíonn póit uafásach orm, agus go dtuigim an luach a bhaineann le maidin dheas gan a bheith ag ól an oíche roimpi! Tá an chuma ar an scéal go bhfuil an cinneadh déanta agat, mar sin, ní chaithfidh mé insint duit faoi na buntáistí a bhaineann leis. Tá a fhios againn nach bhfuil sé sláintiúil a bheith ag ól, agus nach mothaíonn muid go maith ina dhiaidh, ach tá brú sóisialta ann uaireanta, in Éirinn go háirithe.

Déan machnamh ar an imní sin a bhíonn agat nuair a théann tú amach. An bhfuil tú chomh himníoch céanna thart ar gach duine? Nó daoine ar leith? Munar féidir leat sult a bhaint as comhluadar duine agus tú stuama, tá drochnuacht agam duit… B’fhéidir nach bhfuil sibh chomh mór le chéile agus a shíl tú, agus b’fhéidir nach bhfeicfidh tú mórán díobh anois nach mbeidh tú ag ól. Nuair a ghlacann muid cinneadh mór mar seo ar mhaithe linn féin, uaireanta cailleann muid cairde nach dtacaíonn linn. Tá sin maith go leor, ach is aistriú é ar fiú a bheith ullmhaithe fána choinne, agus ar cheart dul i ngleic leis.

Leis na cairde maithe atá agat, thig leat a bheith oscailte leo agus a rá go bhfuil tú ag iarraidh triail a baint as gan a bheith ag ól. Ansin, déan dhá rud: iarr tacaíocht orthu, agus mol pleananna deasa nach mbaineann leis an alcól (siúlóid, lón, caife, snámh, turas bóthair, scannán, picnic, cócaireacht…). Beidh pleananna mar seo tábhachtach duit agus tú ag iarraidh saol suaimhneach sultmhar a bhunú gan alcól, agus beidh breis fuinnimh agat maidin Domhnaigh fána choinne fosta!

Ansin le daoine nach bhfuil tú chomh mór céanna leo, níl míniú de dhíth orthu. Is féidir leat Kopparberg 0% a ól (nó do rogha dí 0%!) agus gan rud ar bith a rá. Molaim uisce sóide agus líoma, agus ní bheidh a fhios ag aon duine nach bhfuil vodca tríd! Cuimhnigh gur abairt iomlán é “níor mhaith liom”. Níl ort tú féin a mhíniú do gach duine. 

Bí cinnte faoi na cúiseanna atá agat féin gan a bheith ag ól. Scríobh síos iad i do nótaí ar do ghuthán, agus léigh iad sula dtéann tú amach. Cuimhnigh gur leatsa an cinneadh seo, gur ar mhaithe leat féin atá sé, agus gur agatsa atá an chumhacht é seo a dhéanamh. Ádh mór ort!

M, 20
Níor bheartaigh mé rún na hathbhliana go fóill! Tá mí Eanáir ag imeacht uainn, agus ní raibh an t-am agam smaoineamh air seo fós. An bhfuil moltaí simplí agat?

Níl sé rómhall in am ar bith athruithe beaga a dhéanamh i do shaol, agus deirimse i gcónaí nach gá fanacht go dtí an 1 Eanáir leis na hathruithe sin a chur i bhfeidhm. Mar sin, ar dtús báire, ná mothaigh faoi bhrú go bhfuil ort rún na hathbhliana a dhéanamh, muna bhfuil sé ag fóirstean duit!

Sin ráite, tá go leor moltaí agam ar athruithe beaga is féidir a thriail agus a dhéanfaidh difear mór má chloíonn tú leo. Is é an rud is tábhachtaí anseo ná an leanúnachas: ní fheicfidh tú difear i ndiaidh lá amháin, ach seans maith go bhfeicfidh i ndiaidh míosa, sé mhí, bliana. Is ionann ár nósanna agus ár saol, agus is gá a bheith réalaíoch faoi na nósanna ar féidir linn tús a chur leo, a rachaidh leis an saol atá againn cheana féin. 

Cúpla moladh praiticiúil mar sin! Déan iarracht gnáthamh maidine agus oíche a thoiseacht le do chuid codlata a fheabhsú. Is minic a dhéanann muid dearmad ar cé chomh tábhachtach is atá an codladh. Molaim dul taobh amuigh ag siúl ar feadh 5-10 mbomaite ar maidin (agus níos faide má tá an t-am agat, ach le 5-10 mbomaite mar thúsphointe). Ansin, cith deas te roimh bhricfeasta (mar sin, beidh sé go breá má tá sé ag cur le linn do shiúlóide). Cuirfidh seo tús deas le do lá, agus i bhfírinne, ní dhéanann an 5-10 mbomaite de ‘snooze’ an oiread sin difear don tuirse a bhíonn orainn ar maidin!

San oíche ansin, molaim 5-10 mbomaite de ghlanadh nó eagrúchán a dhéanamh. Bíodh sin sa chistin, sa seomra leapa, ag do dheasc, cibé áit! Arís, tosaigh le 5-10 mbomaite mar sprioc, agus má tá am agus fuinneamh agat, is féidir leat leanstan ar aghaidh. Bíonn sé go hiontach múscailt agus an teach in eagar agus glan cheana féin!

Ansin, an moladh is fearr liom ar rún na hathbhliana, a bhí agam cúpla bliain ó shin agus a chuaigh i bhfeidhm ar mo shaol go suntasach: bí cineálta duit féin. Seans go gciallaíonn sin siúlóid, ióga, focail dheasa… seans fosta go gciallaíonn sé dianmhachnamh ar cé chomh sásta is atá tú i do phost, le do chaidrimh agus cairdis, agus athruithe a dhéanamh dá réir. Nuair a chreideann muid gur fiú muid, bíonn muid in ann caighdeán níos airde a chothú inár saol agus caighdeán saoil níos fearr a bheith againn dá réir.

Bíodh 2024 iontach agat!

_____________________________________________________

Cairdeas, caidrimh, poist, gnéas, faisin, tithe, bia… tá comhairle ag Kathryn do gach rud! Seol ceist chuici leis an fhoirm anaithnid seo agus gheobhaidh tú freagra in alt NÓS.ie go luath!

Comhairle Carad: Gréasán Greamaitheach an Ghrá

Comhairle Carad: An bhfuil glasraí ‘fulangach-ionsaitheach’?

Comhairle Carad: Comhghéilleadh nó Connachta?

The post Comhairle Carad: Athbhliain agus athmhachnamh appeared first on NÓS.

Níos mó