Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
comhairle-carad:-cinealacha-cairdis,-teacs-salach-agus-teorainneacha

Comhairle Carad: Cineálacha cairdis, téacs salach agus teorainneacha

| kathryn ni mhaolain | ,

Tá meascán de cheisteanna in alt na seachtaine seo, a chairde. Mothaím gurb iad seo na cineálacha comhráite a tharlaíonn idir cairde ar thuras bóthair fada. Cúrsaí grá, téacs salach ó dhuine mór le rá, teorainn phearsanta oibre, cairde ar imirce agus cairde sa bhaile nach dtuigeann muid – tá gach rud clúdaithe ag bhur gceisteanna, agus tá súil agam go bhfuil gach gné den réiteach clúdaithe agamsa…

I, 26
Haigh a Kathryn! Tá súil agam go raibh Nollaig álainn agat! Tá comhairle uaim maidir le cairdeas. Tá mé ag aois anois agus go leor cairde liom ón mbaile ag imeacht i dtreonna éagsúla (cé go bhfuil formhór díobh imithe chun na hAstráile).

Braithim uaigneach go leor na laethanta seo, agus mar sin tá rún déanta agam le cúpla mí anuas chun iarracht níos mó a dhéanamh leis na cairde atá sa mbaile, cosúil liomsa. Ach tá tugtha faoi deara agam ó shin go bhfuil roinnt difríochtaí ó thaobh meoin de idir mé féin agus cara ar leith, cara is comharsana liom a fheicim go minic anois agus muid ag déanamh níos mó rudaí le chéile chun cuidiú leis an uaigneas. Tá mé féin paiseanta faoi chúrsaí polaitíochta agus faoi dhlúthpháirtíocht a léiriú, ceapann sise nach gá labhairt faoi na rudaí sin riamh agus nach mbaineann sé linn. Deir sí go mbíonn sí báúil leis na daoine sin atá ag streachailt (bíodh sin muintir na Palaistíne, cúiseanna feimineacha srl.), ach gur féidir dul thar fóir leis.

Mar sin, braithim aisteach mórthimpeall uirthi uaireanta agus braithim go gcaithfidh mé mé féin a smachtú chun nach ndéarfainn aon rud a thosnódh troid, go háirithe mar go bhfuil mé mór léi leis na blianta fada agus nach bhfuil mé ag iarraidh í a chailleadh mar chara (tá sí iontach deas, fláithiúil, spraíúil is a leithéid, geallaim duit!).

Ar a bharr sin ar fad, tá sí tagtha amach as caidreamh fada le déanaí, agus tá a fhios agam go bhfuil comhluadar agus tacaíocht ag teastáil uaithi. An bhfuil aon chomhairle agat?

Ar dtús, comhbhrón leat agus tuigim do chás – tá neart cairde de mo chuid imithe ar imirce agus déarfainn nach bhfuil mórán daoine ann nach bhfuil sa chás chéanna! Leis sin, tagann neart athruithe – do na cairde a imíonn agus do na cairde a fhanann. Is breá liom go bhfuil tú ag amharc air seo mar dheis le hathcheangal le seanchairde ón bhaile – is rud an-dearfach é sin.

Rud atá níos dúshlánaí ná go bhfuil tú ag aithint go bhfuil bearna ag fás agus go bhfuil cuid de na luachanna agus paisin atá agat athraithe ó bhí tú mór leis an chara seo agus tú níos óige. Is cuid den saol é sin, agus tá sé tábhachtach na hathruithe sin a aithint. Sílim, áfach, sa lá atá inniu ann go mbíonn daoine róghasta ag “fáil réitithe” de chairde nó “á gcáilleadh” toisc na n-athruithe seo. Cinnte, bíonn cúiseanna ar leith ann le ligint do chairde áirithe imeacht leo ach ní mhothaím gur seo ceann acu.

Seo an rud: is féidir leat cairde difriúla a bheith agat do rudaí difriúla. Thig leat dul chuig agóidí le cairde ar leith agus labhairt faoin pholaitíocht, thig leat dul le cara eile le bhur n-ingeacha a fháil déanta agus labhairt faoi earraí smididh, agus le cara eile thig leat labhairt faoi rúin d’anama agus spriocanna do shaoil. Ní gá go mbeadh gach cara leat ina “cara is fearr”, agus sílim go ndéantar damáiste uaireanta do chairdis nuair a bhíonn daoine ag iarraidh an “cairdeas is fearr” a bhrú ar chaidreamh nach mbeidh mar sin riamh.

Caomhnaigh an cairdeas seo ar bhealaí deasa. Déan rudaí le chéile a thaitníonn leis an bheirt agaibh. Mholfainn fosta – dá mbeadh sí sásta – í a thabhairt chuig agóid nó imeacht éigin a léireódh di nach bhfuil an dlúthpháirtíocht scanrúil, go bhfuil pobal agus dóchas ann agus go mbíonn ardú croí le fáil.

Tá deis anseo duitse cairde nua a dhéanamh fosta! Beidh daoine eile ag na himeachtaí seo a bheidh ar aon intinn leat – b’fhéidir gurb iad na cairde nua sin na cairde lena bpléifidh tú na cúrsaí seo. Ní gá scaoileadh leis an chara seo le cairde nua a ligint isteach. Cén dochar é níos mó cairde a chur le do líonra?!

R, 29
Sheol mé téacs chuig cineál ‘celeb’ cúpla mí ó shin mar is lasc é agus tá cion agam air, agus fuair mé freagra uaidh a bhí sách flirty. Bhí cailín cara aige ach tá siad críochnaithe anois mar sin théis cúpla mí sheol mé téacs eile aige – níor léigh sé go dtí Oíche Chinn Bliana é (nuair a bhí sé ólta, déarfainn) agus ní bhfuair mé téacs ar ais uaidh.

Níl mé ag magadh nuair a deirim go mbeadh muid foirfe lena chéile, ach níl mé ag iarraidh a bheith i mo shlíomadóir. An bhfágfaidh an bhrionglóid bás a fháil nó an ndéanfaidh mé iarracht é a mhealladh ar bhealach eile? Agus cén bealach mar sin? Cabhraigh liom!

Tugaim comhairle ionraic anseo, mar sin, uaimse go hionraic… fág an bhrionglóid seo i do dhiaidh.

Mothaím go bhfuil “grá crua” de dhíth ort anseo, mar sin, in áit freagraí, tá cúpla ceist agam ort:

An mbeifeá ag iarraidh a bheith le duine a sheolfadh téacs mar sin agus iad i gcaidreamh leatsa? Cén fáth a síleann tú go mbeadh sibh foirfe lena chéile? Cén aithne atá agat air?

Is minic do dhaoine “cáiliúla” cineál de phearsantacht ar leith a chur i láthair os comhair an tsaoil, agus pearsantacht iomlán difriúil acu go príobhaideach nuair nach bhfuil ceamara ann. Is minic fosta do leantóirí na ndaoine seo (nó fiú duine ar bith i gcaidreamh) rud iontach míshláintiúil a dhéanamh: na daoine seo a chur ar “ardán” agus smaoineamh go bhfuil siad “foirfe” agus gan locht. Níl aon duine gan locht. Agus cinnte, tá locht feicithe agat sa duine seo cheana féin, an téacs salach sin agus iad i gcaidreamh.

Tá ceist anseo maidir le d’fhéinmhuinín féin. An é nach gcreideann tú go bhfaighfeá duine a bhfuil fíor-aithne agat orthu? An é go síleann tú go mbeadh luach leat dá mbeifeá ag siúl amach leis an “celeb” seo?

A stór, tá luach leat. Níl ort d’fhéinluach a bhunú ar phairtí, cáiliúil nó anaithnid. Ná glac le níos lú ná mar atá tuilte agat. Agus beidh tú ábalta glacadh leis an duine atá tuilte agat, nuair a dhéanann tú dearmad ar an amadán seo.

C, 27
Is maith liom rudaí a bhaint amach i mo shaol. Muna mbainim rudaí amach go rialta, mothaím lag misneach ionam féin agus bíonn easpa fuinnimh orm. Tuigim go gciallaíonn sé seo go dtiocfadh leis a bheith doiligh a bheith ag obair liom in amanna. Bíonn deacrachtaí agam le daoine nach ndéanann a seacht ndícheall agus bíonn sé doiligh orm tuiscint cad chuige nach ndéanann siad a ndícheall – cad chuige nach dtiocfadh leo a bheith goitse go díreach.

Cuirim frustrachas orm féin nuair nach bhfuil fuinneamh thart orm agus caillim misneach go pointe. An bhfuil comhairle ar bith agat?

Tá sé iontach a bheith díograiseach agus rudaí a bhaint amach, agus tá sé níos fearr arís nuair atá tú timpeallaithe ag daoine atá ag teacht leat ar an dóigh sin. Ar an drochuair, ní minic a tharlaíonn sin sa tsaol.

Sílim gurb é an réiteach anseo ná cúpla teorainn a chur síos. Cuimhnigh gurb ionann teorainn agus riail duit féin. Ní hionann teorainn agus riail do dhuine ar bith eile. Ní athróidh do chuid caighdeán agus ní athróidh caighdeáin na ndaoine eile seo. Ach is féidir linn do fhrithghníomh a athrú.

Cén chuma a bheadh ar theorainn i gcás mar seo? Tóg seo mar shampla: “Cuirfidh mé in iúl do dhaoine nuair nach bhfuil a gcuid oibre sásúil.” An é go mbíonn tú ciúin nuair nach ndéantar rudaí mar is ceart, agus go ndeisíonn tú féin achan rud go ciúin? Tá sin tuirsiúil agus ina chrá croí. Leis an teorainn seo, tugann tú an fhreagracht ar ais don duine a rinne an obair ar chaighdeán níos ísle.

Sampla eile, a bheidh níos deacra, b’fhéidir: “Ní chuirfidh mé iarracht 100% i rud nach bhfuil an duine eile ag cur 100% ann.” Sea, dúirt mé go mbeadh sé níos deacra! Caithfidh tú líne a chur faoi rudaí uaireanta agus a rá: rinne mé go leor anseo, agus tá sé sásúil. Níl sé foirfe, ach tá sé sásúil. Agus tá sin ok.

Bíonn tosaíochtaí difriúla ag gach duine. Duitse, faoi láthair, b’fhéidir gur do chuid oibre atá ann. Seans, ag stad eile i do shaol, go raibh sin mar thosaíocht ag na daoine eile seo fosta! Ach athraíonn rudaí le ham agus tá seans ann go bhfuil siad ag díriú ar theaghlach, ar chaidreamh, ar phobal, ar a sláinte, ar an aclaíocht, nó b’fhéidir go bhfuil go leor ag dul ar aghaidh ina saol agus go bhfuil siad ag déanamh a ndíchill. Is fiú cuimhneamh air sin agus tú ag iarraidh a bheith níos cinéalta leo.

Maidir leis an mhisneach – deir tú go mbíonn lagmhisneach ort agus tú ag deileáil le daoine nach ndéanann a ndícheall. An gá duit misneach a fháil ó dhaoine eile? Nó an féidir an misneach sin a mhúscailt ionat féin? Mholfainn duit tionscadal de chineál éigin a aimsiú duit féin nach bhfuil “ceann scríbe” ann, a dhíríonn ar fhorbairt agus nach dtagann deireadh leis. Tá súil agam, tríd sin, go n-aimseoidh tú an sásamh atá san fhorbairt agus san fhás seachas sa “baint” agus sa “baint amach”.

 


 

An bhfuil fadhb agat? Gearán saoil? Ceist amaideach a chuireann náire ort? Freagróidh Kathryn le comhairle ó chroí! Ní gá duit ach an fhoirm anaithnid seo a líonadh, agus seans go mbeidh fadhbanna do shaoil réitithe sa chéad alt eile!

The post Comhairle Carad: Cineálacha cairdis, téacs salach agus teorainneacha appeared first on NÓS.

Níos mó