Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
comhairle-carad:-labhair-i-dteanga-do-phairti

Comhairle Carad: Labhair i dteanga do pháirtí

| kathryn ni mhaolain | ,

Comhráite deacra. Ní bhíonn siad simplí in am ar bith ach bíonn gá leo má bhíonn tú ag iarraidh caidreamh nó cairdeas a chaomhnú. An tseachtain seo, cloiseann muid ó dhá thaobh na gcomhráite seo: duine ar mhaith leo rud a chuireann isteach orthu a ardú lena bhuachaill, agus duine a rinne féinmhachnamh ar rud a dhéanann siadsan a chuireann isteach ar a chailín. Is gá don bheirt seo na dúshláin seo a lua, ach cén dóigh?

R, 28
Ní bhíonn mo bhuachaill riamh in am. Deir sé go dteastaíonn uaidh athrú ach fós tagann sé déanach i gcónaí. Bíonn strus ormsa ina theannta. Aon mholadh?

Mar dhuine a bhíonn mall go minic mé féin, tuigim pian do bhuachalla. Domhsa go pearsanta, ní bhím mall d’aon turas nó mar gheall ar easpa measa, díreach caillim smacht ar an am. Ach tá cairde agam a chuireann luach mór ar a bheith in am – agus déanaim iarracht i bhfad níos mó a bheith in am do na daoine sin. De ghnáth, deirim liom féin a bheith réidh leathuair níos luaithe ná mar is gá! Ní bhímse féin maslaithe nuair a deir duine eile go mbeidh siad mall (agus tá sin tábhachtach – fógra a thabhairt do dhaoine nuair atá a fhios agat go mbeidh tú mall), bím sásta cúpla bomaite breise a bheith agam féin de ghnáth. Ach tuigim go gcuireann sé isteach ar dhaoine, mar sin, déanaim iarracht.

Sílim go bhfuil difear ollmhór ann idir a bheith deich mbomaite mall, agus a bheith uair a’ chloig mall. Sílim go bhfuil difear ann nuair atá amscála teann ann le rudaí fosta: eitiltí vs. ag dul fá choinne siúlóide mar shampla. Ar a bharr sin tá difear ann má thugann an duine fógra go mbeidh siad mall. Caithfidh tú a oibriú amach cé chomh tábhachtach is atá seo duit, agus beidh sé ag brath ar na coinníollacha thuas.

Más rud é go gcailleann sibh imeachtaí, go mbíonn sibh faoi strus san aerfort, nach gcuireann sé ar an eolas thú má bhíonn sé mall, sílim go bhfuil fadhb níos mó ann. Rud eile ar cheart machnamh a dhéanamh air fosta: an mbíonn sé mall leatsa amháin? Nó an bhfuil duine ar bith ann nach mbíonn sé mall leo in am ar bith?

Sílim gur comhartha an-dearfach é go n-aithníonn sé go mbíonn sé mall agus go ndeir sé gur mhaith leis athrú. Má tá sé deich mbomaite mall achan uair, déanfaidh sé iarracht níos mó má thuigeann sé cé chomh tábhachtach is atá sé duit. Nó má tá brú ama ar an ócáid, seans gurbh fhiú a rá leis gur gá imeacht deich mbomaite sula mbíonn gá le himeacht. Má tá sé a dhath cosúil liomsa, beidh sé sásta an t-am sin a fháil ar ais nuair a deir tú leis go bhfuil deich mbomaite eile aige.

Tá ceist eile agam ort, áfach, a chroí. Cén fáth a mbíonn strus ort maidir leisean a bheith mall? An é go mbíonn strus ort toisc go mbíonn ort fanacht leis agus sibh ag déanamh rud éigin le chéile, an bheirt agaibh amháin? Nó an é go gcuireann sé strus ort nuair atá sibh ag bualadh le daoine eile? Cén fáth a mothaíonn tú faoi strus? Níl tú freagrach as. Ní tusa a mhamaí. Is dinimic shuimiúil i gcaidrimh í: bíonn claonadh orainn aire a thabhairt don duine eile. Bí cúramach nach tusa amháin atá ag cinntiú go mbíonn sibh in am, ag eagrú rudaí agus ag tabhairt aire, gan sin a fháíl ar ais uaidh.

Tá súil agam go n-éireoidh libh é seo a réiteach le ciall agus le grá.

S, 29
Ar an ábhar gurbh í an Nollaig í le déanaí, rinne mé neart féinmhachnaimh nuair a d’aithin mé go raibh fuath agam ar bhronntanais. Is fuath liom nuair a cheannaíonn daoine eile bronntanais dom agus tá sé an-doiligh dom glacadh le bronntanais.

Tá mé ag déanamh go mbaineann sé le mo shaol mar a bhí agus deacrachtaí againn mar chlann le cúrsaí airgid agus mé ní b’óige. Dhiúltaigh mé leo i gcónaí agus ba ghnách liom aisíoc a fháil agus achan rud. Tuigim go gciallaíonn sé sin gur crá croí atá ionam achan Nollaig agus achan bhreithlá go háirithe agus mo chailín ag labhairt ar bhronntanais.

An bhfuil comhairle ar bith agat orm? Cén dóigh a socraím é nó cén dóigh a míním do mo chailín é? GRMMA.

Tá sé i gcónaí tábhachtach an féinfhiosrú seo a dhéanamh le féintuiscint níos fearr a fhorbairt, agus leis sin, chun tú féin a chur in iúl do na daoine thart ort. Molaim thú as an tréith seo a aithint agus a ghuthú.

Is léir nár mhaith leat daoine a ghortú agus tú ag diúltú le bronnatanais: tá grá agat dóibh, agus acu duit. Tá súil agam nach ndiúltaíonn tú le grá a thaispeánann daoine duit ar bhealaí eile mar tá grá tuilte agat. Agus is féidir grá a léiriú ar go leor bealaí! Más é nach maith leatsa bronntanais, tá go leor bealaí eile le caidrimh a neartú agus grá a léiriú agus a fháil.

Níl a fhios agam ar chuala tú iomrá ar na teangacha grá? Go bunúsach, tá teoiric ann go bhfuil cúig ‘theanga ghrá’ ann, agus go mbíonn daoine ag tabhairt grá sa bhealach ar mhaith leo é a fháil ar ais. De réir na teoirice seo: focail dhearbhaithe; am fiúntach a chaitheamh le chéile; teagmháil fhisiciúil; gníomhartha seirbhíse; agus bronntanais a fháil. Go hiondúil, bíonn claonadh ag daoine i dtreo teanga amháin nó b’fhéidir dhá cheann acu. Ciallaíonn sin gurb í sin an dóigh ar mhaith leatsa go léireodh daoine grá duitse, agus gurb í sin an dóigh a mbíonn claonadh agat grá a léiriú.

Ach seo an rud: ní bhíonn gach duine ag iarraidh grá a fháil ar an dóigh chéanna. An rún? Tabhair grá do do chailín ag brath ar a teangasa grá. Agus iarr uirthi grá a thabhairt duit i do theanga grá féin. Más maith léi bronntanais agus gníomhartha seirbhíse, faigh bláthanna di ar lá fánach agus déan dinnéar di. Má mhíníonn tú gurbh fhearr leatsa am fiúntach ná bronntanais, beidh sise in ann díriú ar ghrá a thabhairt duit bunaithe air sin.

Creidim gur féidir libh comhrá oscailte a bheith agaibh faoi seo. Mholfainn tús a chur leis le habairt cosúil leis seo, “Tá mé ag insint seo duit mar ba mhaith liom go mbeidh aithne níos fearr agat orm agus tuiscint níos fearr ar an dóigh a bpléim le rudaí, chun nach ngortaím thú, mar is grá liom thú.” Má thuigeann sí gur le grá atá seo á ardú agat, beidh sí tuisceanach.

Maidir le breithlaethanta agus an Nollaig, tá go leor roghanna eile ceiliúrtha ann: turais; ceolchoirmeacha; ceoldrámaí; fiú amháin siúlóid, trá, am, dinnéar a dhéanamh…

Más fuath leat bronntanais fhisiciúla a fháil, b’fhéidir go dtiocfadh léi rud difriúil a eagrú – agus an rud is fearr faoin chéad bhreithlá/Nollaig eile lena chéile ná go mbeidh a fhios aici go mbeidh tú ar bís faoi!

______________________________________________________________

An bhfuil ceist chaidrimh agat? Nó ceist d’aon chineál: cairdeas, obair, airgead, bia, gnéas, teach… Beidh comhairle ag Kathryn. Seol do litir anaithnid tríd an nasc seo, agus seans go bhfaighidh tú comhairle carad sa chéad alt eile!

Comhairle Carad: Cineálacha cairdis, téacs salach agus teorainneacha

Comhairle Carad: Athbhliain agus athmhachnamh

Comhairle Carad: Comhghéilleadh nó Connachta?

The post Comhairle Carad: Labhair i dteanga do pháirtí appeared first on NÓS.

Níos mó