Deir duine as gach deichniúr in Éirinn, idir thuaidh agus theas, go labhraíonn siad an Ghaeilge chuile lá.
De réir anailís atá déanta ag Tuairisc ar Dhaonáireamh 2022 ó dheas agus Dhaonáireamh 2021 ó thuaidh, tá beagnach 670,000 duine in Éirinn a deir go labhraíonn siad Gaeilge go laethúil, bíodh sin sa chóras oideachais nó lasmuigh de.
Is ionann sin agus 10% den 6.8 milliún duine trí bliana d’aois agus os a cionn a bhfuil cónaí orthu in Éirinn, de réir an dá dhaonáireamh.
Ó dheas, thug 625,933, nó 13%, den bheagnach 5 milliún duine trí bliana agus os a cionn sa stát gur labhair siad an Ghaeilge gach lá. 43,550 duine ó thuaidh a dúirt an rud céanna, 2% den 1.8 milliún duine inchomhairthe ansin.
Cé gur slat tomhais níos fearr ar staid na teanga é líon na ndaoine a labhraíonn an Ghaeilge go laethúil lasmuigh den chóras oideachais, ní fhiosraítear sa daonáireamh ó thuaidh cá labhraíonn daoine an teanga. Tá an anailís seo bunaithe dá bharr ar chainteoirí laethúla Gaeilge lasmuigh den chóras oideachais chomh maith le daoine a labhraíonn í go laethúil laistigh den chóras oideachais amháin.
Mar sin féin, is féidir léargas a fháil ar na háiteanna ina bhfuil an Ghaeilge níos láidre. Idir thuaidh agus theas, tá 3,882 toghroinn (ó dheas) agus toghbharda (ó thuaidh) in Éirinn agus, mar a cheapfá, ceantair Ghaeltachta iad formhór na gceantar ina bhfuil na céatadáin is airde de chainteoirí laethúla Gaeilge.
Mar a bhí san anailís atá déanta ag Tuairisc ar chainteoirí laethúla lasmuigh den chóras oideachais sa Ghaeltacht, tá Leitir Móir i nGaillimh ar bharr an liosta ar fad agus 79% den phobal trí bliana agus os a cionn ansin ina gcainteoirí laethúla Gaeilge.
Ceantair Ghaeltachta iad an 50 ceantar is láidre ó thaobh na teanga de ach tagann roinnt ceantar lasmuigh den Ghaeltacht chun cinn ina dhiaidh sin agus tá scór ceantar lasmuigh den Ghaeltacht ar fad áirithe i measc an 100 ceantar ina bhfuil na céatadáin is airde de chainteoirí laethúla.
Is é Baile Sceanach in Uíbh Fhailí, ar an teorainn le Tiobraid Árann, an ceann is airde díobh siúd. De réir Dhaonáireamh 2022, labhair 29% den 652 duine trí bliana agus os a cionn a raibh cónaí orthu sa cheantar sin an Ghaeilge chuile lá, rud a d’fhág an ceantar sa 58ú áit as an mbeagnach 4,000 toghroinn in Éirinn ó thaobh céatadán na gcainteoirí laethúla Gaeilge. Níl Gaelscoil i mBaile Sceanach ach tá ceann thart ar leathuair an chloig uaidh i mBiorra, rud a bhféadfadh tionchar a bheith aige ar na figiúirí.
Thug 28% de phobal Leacan i gcontae na hIarmhí le fios gur labhair siad an Ghaeilge chuile lá. Arís, níl Gaelscoil sa cheantar ach tá Leacain thart ar cheathrú uaire ón Muileann gCearr, áit a bhfuil dhá Ghaelscoil.
Bhí toghranna eile i gCill Chainnigh, Laois, an Clár, Gaillimh, Port Láirge, Tiobraid Árann, Corcaigh, Cill Dara agus Luimneach atá lasmuigh den Ghaeltacht i measc an 100 ceantar is airde ó thaobh céatadán na gcainteoirí laethúla Gaeilge chomh maith.
Ba é Baile Andarsan in iarthar Bhéal Feirste an toghbharda ó thuaidh ina raibh an céatadán is mó de chainteoirí laethúla Gaeilge. De réir Dhaonáireamh 2021, bhí 558 duine sa cheantar a labhair an Ghaeilge chuile lá, 12% den 4,497 duine a bhí trí bliana agus os a cionn a raibh cónaí orthu ann. D’fhág sin go raibh sé sa 1,972ú áit as an 3,882 ceantar ar fad, díreach lasmuigh den 50% is airde.
Bhí 12% den phobal ina gcainteoirí laethúla Gaeilge freisin i dtoghbhardaí Bhóthar na bhFál agus Lóiste na Móna in iarthar Bhéal Feirste, mar a bhí ar an Tearmann i dTír Eoghain.
Aon toghbharda dhéag i dTuaisceart Éireann a raibh breis is 10% den phobal iontu ina gcainteoirí laethúla Gaeilge.
Ba iad toghbhardaí Gheata na Páirce, Bhaile Riobaird agus Victoria in Aontroim an t-aon trí cheantar as an mbeagnach 4,000 in Éirinn nach raibh oiread agus duine amháin a labhair an Ghaeilge go laethúil iontu.
De réir Dhaonáireamh 2021, dúirt 228,617 duine i dTuaisceart Éireann, 12% den phobal, go raibh cumas éigin acu sa Ghaeilge, ardú 16% ó Dhaonáireamh 2011.
Ó dheas, thug 1,873,997 duine le fios i nDaonáireamh 2022 go raibh Gaeilge acu. B’ionann sin agus 40% den daonra trí bliana d’aois agus os a cionn, mar a bhí de réir Dhaonáireamh 2016.