Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
ruin-na-hathbhliana?-cuir-tus-leo-nuair-a-oireann-se-duit

Rúin na hAthbhliana? Cuir tús leo nuair a oireann sé duit

| sean o dubhchon | ,

Tá deireadh mhí Eanáir ag druidim linn agus go leor daoine ag streachailt leis na rúin a leag siad síos don bhliain úr.

Bíonn scoilt sa phobal fosta faoin bhunús a bhaineann leis an fheiniméan féin: is iomaí duine a cheapann go dtugann rún athbhliana deis dóibh spriocanna a roghnú don bhliain, agus a ndúshlán féin a thabhairt. Deir daoine eile gur lá fánach é Lá Caille le tús a chur le nósanna nua.

Bheinn féin den dara tuairim sin ar chúpla cúis. Bímid ar fad scriosta, bíodh sé ag an chóisireacht (nó easpa cóisireachta) a bhaineann le séasúr na Nollag nó an ceannach bronntanas. Anuas air sin, má bhaineann na nósanna nua seo le spórt nó aclaíocht lasmuigh (mar a bhaineann go minic), bíonn sé fíordheacair an spreagadh a fháil dul amach go luath nó go mall sa dorchadas agus san fhuacht toisc go bhfuil Eanáir gruama, duairc agus ciúin mar mhí.

Go pearsanta, ar chúis éigin, is ‘splancphointe’ é séasúr na Nollag domsa, an t-am is deacra den bhliain ar go leor bealaí. Is aoibhinn liom na seachtainí roimh an Nollaig leis na cóisirí, deiseanna bualadh le cairde agus le teaghlach, agus ceolchoirmeacha a bhíonn ina mbuaicphointí i gcónaí. Ach, nuair a thagann Lá Nollag é féin, tig athrú ar mo ghiúmar go hiomlán.

Is minic a chuireann daoine ceisteanna orm ar nós, “Cad chuige a mbíonn tú chomh gnóthach sin?” agus “An gcodlaíonn tú riamh?”. Chun an fhírinne a rá, ní dhéanaim go maith leis an chiúnas agus an leadrán a bhaineann leis an Nollaig. Is maith liom a bheith gnóthach agus gníomhach, agus neart rudaí éagsúla idir lámha agam. Ó bheith ag caint le cara faoi seo le cúpla bliain anuas, aithním go bhfuil an nós seo ag a lán daoine eile fosta.

Is minic a bhuaileann streachailt mar seo mé i rith laethanta saoire ón obair, agus is mar sin a tharla sé i rith an tsamhraidh seo caite. Bhí sé de phribhléid agam a bheith bainteach leis an fhéile iontach Bród na Gaeltachta sa bhaile i nDún na nGall i mí Iúil. B’ócáid mhothúchánach, inspioráideach agus thar a bheith dearfach í. Thug sé ardú croí dom cabhrú le rudaí a eagrú agus freastal ar na himeachtaí ar fad. Nuair a cuireadh críoch leis an fhéile, áfach, bhí uaireanta fada le spáráil agam, agus gan obair scoile le déanamh nó togra mór nua eile idir lámha agam, bhuail an streachailt mé go hainnis.

Sa mhullach air sin, is fear aerach sna tríochaidí mé. Táim go mór den tuairim go mbíonn baois na meánaoise ar fhir aeracha níos luaithe, sna tríochaidí nó mar sin, agus iad ag breathnú orthu siúd timpeall orthu ag déanamh dul chun cinn ar bhonn pearsanta, ag pósadh agus ag breith leanaí. Cé go bhfuilim ar mhuin na muice do mo chairde agus mo ghaolta as na rudaí iontacha atá ag dul ar aghaidh ina saol, bhuail sé mé i rith an tsamhraidh go raibh mé cineál sáinnithe. Nach raibh aon chineál dul chun cinn á dhéanamh agam ar bhonn pearsanta. Ba chuma, dar liom ag an am, faoi gach rud eile a bhí bainte amach agam nó ar siúl agam. Dhírigh mé go huile is go hiomlán ar ionchais na sochaí, rud nach smaoiním air mórán de ghnáth. Cé go bhfuilim an-réchúiseach agus dearfach mar dhuine, i gciúnas agus eatramh an tsamhraidh, bhí mé i bponc.

Agus seo go léir ag titim amach, d’aithin mé go raibh mo chorp ar fad ag éirí stromptha. Nach raibh mé chomh láidir agus chomh haclaí is a bhí mé agus mé níos óige. Agus nach raibh mé in ann a bheith ag gluaiseacht sa bhealach chuí d’fhear sna tríochaidí. Chaith mé cúpla seachtain ag dul idir an leaba agus an tolg, gan dul amach ag siúl fiú, agus níorbh fhada gur thug mé faoi deara go raibh mo shláinte fhisiceach ag dul in olcas. Anuas air sin, bhí m’oideas bia bunoscionn, lán de bhianna milse agus sailleacha, agus gann ar phróitéin, glasraí agus cothaithigh. Bhí mo chraiceann i ndrochstaid agus cuma chaite thuirseach orm.

Agus mé ag tagairt do rúin athbhliana, rinne mé cinneadh gan fanacht go mí Eanáir. Rinne mé cinneadh i lár an tsamhraidh agus fios agam go raibh gá le hathruithe móra.

Ó bhí na Cluichí Oilimpeacha 2020 ar siúl i dTóiceo, bhí an dornálaí Oilimpeach Emmet Brennan á leanúint agam ar na meáin shóisialta. Bhí a aistear féin mar spreagadh iontach againn ar fad. Bhí sé feicthe agam go raibh ranganna ‘dornaclaíochta’ (faoin teideal FightR) tosaithe aige féin agus beirt chairde leis, an seaimpín náisiúnta faoi shé, Jordan Moore, agus an t-iomaitheoir jú-jiotsú, Eric Pigott. Bhí na ranganna á ndéanamh acu achar gairid ó m’ait chónaithe i mBaile Átha Cliath. Phreab fógraí agus físeáin ó FightR aníos cúpla uair agus mé suite sa bhaile i mí Lúnasa, ag scrolláil ar Instagram. Choinnigh mé orm ag léamh.

Tá taithí faighte acu triúr i gclubanna móra dornálaíochta agus jú-jiotsú le blianta anuas. Cé go bhfuil siad féin ar thús cadhnaíochta, thuig siad go mbíonn daoine de gach sórt cumais ag iarraidh triail a bhaint as an dornálaíocht. Ag eascairt as sin, bhí sé de sprioc acu ranganna a chur ar fáil le líon níos lú daoine ná mar a bhíonn i gclubanna traidisiúnta, agus a bheith in ann traenáil le diantacaíocht a chur ar fáil agus gach duine ag forbairt ar a luas féin.

Shíl mé ar dtús go raibh sé rómhaith le bheith fíor, ach go háirithe domsa, fear atá an-chiotach ar na cosa. Thuig mé chomh maith céanna nach raibh aon ní le cailleadh agam. Isteach liom, mar sin, go Sports Direct le héadaí spóirt (rud nach raibh agam le blianta fada) a cheannach.

Tá sé doiligh an dearfacht agus an spreagadh a bhain leis an chéad rang a chur i bhfocail. Chomh luath is a shiúil mé isteach an doras, bhí gach duine fáilteach tacúil. Shíl mé go mbeinn go hainnis ar na cosa. Agus bhí! Ach choimeád siad liom ag míniú agus ag taispeáint, arís agus arís de réir mar ba ghá. Aithním féin, ó mo thaithí mar mhúinteoir scoile, go ndíríonn na múinteoirí is fearr ar na daltaí atá ag streachailt, a bhfuil an chabhair is mó uathu. Bhí sé ríshoiléir gurb é seo an meon agus an bunphrionsabal a bhfuil gach rud a tharlaíonn ag FightR sáite ann. Tá daoine sna ranganna ar speictream leathan cumais agus spreagtar gach uile dhuine sa rang. Taitníonn éagsúlacht na ranganna liom chomh maith; tá ranganna difriúla a dhíríonn ar an dornaclaíocht, dornálaíocht ar na málaí, obair ar mhatáin an bhoilg, teicníc dhornálaíochta, ranganna 1:1, speáráil, agus eile. Thar aon rud eile, tá draíocht speisialta ag baint leis an áit, a tharraingíonn ar ais tú arís agus arís.

Sna blianta a chuaigh thart, bhain mé triail as spórt agus cláir aclaíochta dhifriúla, agus theip orm arís agus arís eile. Meallann an cúram, an mhionsonraíocht, an dearfacht agus an fháilte ar ais go FightR mé i gcónaí. Ní raibh lá ann go dtí seo nach raibh fonn orm freastal ar rang. Dá mbeinn chun fanacht go dtí mí Eanáir chun athrú mór mar seo a dhéanamh i mo shaol, ní dóigh liom go ndéanfainn riamh é, nó go bhfanfainn leis an sprioc a bheartaigh mé. Bhí rud éigin compordach ag baint le rud nua a thosú i rith an tsamhraidh, nuair a bhí mé féin réidh agus ullamh le rud nua a dhéanamh. Ní gá i gcónaí fanacht go tús na bliana le rud nua a thriail nó nós nua a thosú.

Thosaigh mé amach ag déanamh trí nó ceithre rang sa tseachtain. Déanaim iarracht dul ann anois dhá uair sa lá ón Luan go Déardaoin, agus ar an Satharn, má táim i mBaile Átha Cliath. Is iomaí buntáiste a d’eascair as: aithním an fhorbairt atá tagtha ar mo neart agus ar mo ghluaiseacht; tá mo chraiceann níos sláintiúla; tá breis fuinnimh agam; agus tá trí chloch agus aon phunt déag, nó 24kg meáchan caillte agam go dtí seo. Thar aon rud eile, tá meon agus giúmar níos dearfaí agam nuair atá an traenáil á déanamh agam. Rud a bhí an-soiléir nuair a d’fhill mé ó laethanta saoire na Nollag, brat gruaime na Nollag ag eitilt uaim taobh istigh den chéad seisiún.

Mholfainn go mór d’aon duine a bhfuil an fonn orthu tabhairt faoi dhúshlán nua, nó nós nua a thosú, tús a chur leis, agus sult a bhaint as an phróiseas. Ag an am céanna, níor chóir go mbeadh aon duine faoi bhrú athruithe móra a dhéanamh anois ar an phointe. Éiríonn le spriocanna nuair is rudaí orgánacha nádúrtha réalaíocha iad a bhfuil taitneamh agus dearfacht ag baint leo. Ní éiríonn le gach rud láithreach bonn agus i ndiaidh a chéile a thógtar na caisleáin. Bain sult as an aistear!

The post Rúin na hAthbhliana? Cuir tús leo nuair a oireann sé duit appeared first on NÓS.

Níos mó