Tá sé ráite ag an Taoiseach, ag an Tánaiste agus ag airí rialtais eile le seachtain anuas nach bhfuil ceart ag duine ar bith a shocrú cá ligfear do dhuine eile cónaí.
Is léir don saol faoin am seo go bhfuil an ceart sin a shéan Leo Varadkar, Micheál Martin. Eamon Ryan agus Helen McEntee á chur i bhfeidhm dá n-ainneoin i Ros Cathail i gcontae na Gaillimhe, i mBaile an Róba i gcontae Mhaigh Eo, i gCeatharlach agus i Ros Cré.
Is tábhachtaí ná fiúntas na bhfáthanna a thug ar na daoine stop a chur le lonnú iarrthóirí tearmainn (fir go háirithe) sna bailte sin gur ghéill an rialtas dóibh. Tá an bonn bainte d’inchreidteacht an rialtais ar cuireadh a ráitis ar neamhní go follasach agus go hiomlán.
Má deir an Taoiseach arís, mar a dúirt sé le RTÉ Dé Domhnaigh seo caite, nach bhfuil veto ag duine ar bith i dtír dhaonlathach ar chead cónaithe do dhaoine eile i gceantar áirithe, is léir ónar tharla i dtrí chontae le seachtain go bhfuil veto dá leithéid á éileamh agus á chur i bhfeidhm go héifeachtach.
Is léir freisin nach n-aontaíonn gach ionadaí tofa ó phríomhpháirtithe an rialtais le feidhmiú áitiúil na bprionsabal ginearálta atá á gcraobhscaoileadh ag Leo Varadkar agus ag airí eile. Tá bearna pholaitiúil á hoscailt eatarthu in áiteanna éagsúla.
Ní ceist ná dúshlán áitiúil amháin atá á léiriú féin. Tá meon an phobail maidir le lonnú iarrthóirí tearmann á mheá ag an lucht ceannais i ngach páirtí, mar a bheidh ag na hiarrthóirí a bheidh san iomaíocht sna toghcháin áitiúla agus Eorpacha i mí an Mheithimh.
Tá dúshlán cheannairí pháirtithe an rialtais tugtha ag comhairleoirí contae éagsúla. Léirigh Teachta Fhianna Fáil i gCeatharlach Jennifer Murnane O’Connor an imní atá ar roinnt Teachtaí Dála freisin nuair a dhiúltaigh sí ceisteanna réasúnta faoi lonnú leathchéad iarrthóir tearmainn fireann sa bhaile a fhreagairt Déardaoin ar Morning Ireland.
Fógraíodh laistigh de 24 uair an chloig nach fir mar a fógraíodh ach mná agus páistí a lonnófaí i mainistir thréigthe na gCaipisíneach sa bhaile. Bhí rabhadh agus deis in éineacht in U-chasadh seo an rialtais, agus sa dá U-chasadh eile i mBaile an Róba agus i Ros Cré. Tá polasaí an rialtais ag dul ó smacht agus a thoradh soiléir go háitiúil.
Má eagraítear feachtas in aghaidh ionad ar bith eile ina mbeartófar fir ón iasacht a lonnú, géillfidh an rialtas, lonnófar mná agus páistí amháin ann agus seolfar na fir chuig áit éigin eile – amuigh faoin spéir murar féidir dídean a aimsiú dóibh.
Bheadh cúrsaí achrannach go leor mura mbeadh leas á bhaint ag antoiscigh as imní daoine réasúnta – maidir leis an tionchar a bheadh ag lonnú scata imirceach ar scoileanna nó ar sheirbhísí áitiúla eile, mar shampla. Cé nach bhfuil iarrthóirí tearmainn ná teifigh ón Úcráin ag cur fúthu i dtithe ná in árasáin a chuirfí ar fáil de ghnáth d’Éireannaigh, is treise an míshásamh a chuireann a dteacht ar dhaoine áirithe toisc go bhfuil géarchéim tithíochta sa tír.
D’fhéadfaí an imní a chuireann teacht na n-imirceach (idir iarrthóirí tearmainn agus teifigh ón gcogadh san Úcráin) ar mhórán a mhaolú dá mbeadh an rialtas ábalta meastachán nó fiú buille faoi thuairim a thabhairt faoin méid daoine a thiocfaidh amach anseo. Ní féidir meastachán dá leithéid a fhógairt.
Ní heol do shaineolaí ar bith an tionchar a bheidh ag cogadh, ganntanas agus athrú aeráide ar líon na dteifeach sna blianta amach romhainn. Is féidir a bheith réasúnta cinnte áfach nach rachaidh sé i laghad.
Ní hionann sin agus a rá nach féidir leis an rialtas a n-ionramháil ar lonnú teifeach agus iarrthóirí tearmainn a fheabhsú. Tá feachtas cumarsáide á ullmhú chun cur in aghaidh aineolais agus mífhaisnéise maidir le polasaí an rialtais agus a chur i bhfeidhm. Táthar ag súil le plean, ar iarradh ar an aire lánpháirtíochta Roderic O’Gorman é a leagan amach, faoina dtógfar mór-ionaid nua dídine d’iarrthóirí tearmainn.
Ní féidir a bheith dóchasach áfach go mbeidh sé ar chumas an rialtais muinín áitiúil maidir le lonnú teifeach in ionaid nua a chothú sa ghearrthéarma. Tá cruas ag teacht de réir a chéile i bpolasaithe an rialtais agus Shinn Féin ar aon – mar a léirigh an díospóireacht ar an gciorrú ar thithíocht agus ar shochair do theifigh ón Úcráin.
Déanta na fírinne ní heol d’aon phríomhpháirtí conas teacht ar pholasaí inimirce a bheidh praiticiúil, réasúnta agus inghlactha i measc an phobail. Léirigh coirloscadh an fhoirgnimh sa Rinn i mBaile Átha Cliath, ar síleadh go raibh sé beartaithe iarrthóirí tearmainn a lonnú ann (cé nach raibh) an dainséar do gach páirtí.
Mura gcuirtear srian ar an bhfuath agus ar an míshásamh atá á gcothú ag antoiscigh, agus ag an éidreoir pholaitiúil, tá baol ann go marófar duine éigin.