Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
comhairle-carad:-aimsir-na-scannan-hallmark

Comhairle Carad: Aimsir na scannán Hallmark

| kathryn ni mhaolain | ,

Cuirtear saoire Hallmark ar Lá Fhéile Vailintín. Bíonn lorg an tomhaltachais agus an chaipitleachais le mothú in achan uile shiopa ó thús mhí Eanáir. Bándearg, dearg, róis agus seacláidí – agus daoine singil faoi bhrón agus faoi uaigneas.

Cé go n-easaontaím le coincheap na féile Vailintín go pointe, sílim ar bhealach go bhfuil sé deas an deis a thapú chun machnamh a dhéanamh ar do chaidreamh. Beirt daoine aonaracha a bhfuil mianta aonaracha acu, ag iarraidh tabhairt faoin saol le chéile mar fhoireann. Nach deas é sin? 

Faraor, ní hionann na mianta i gcónaí. Sin é téama na seachtaine seo ar Chomhairle Carad. Pléim na comhráite deacra seo, agus cén dóigh le bogadh chun tosaigh.

A, 31
Táim ag siúl amach le fear le tamall de bhlianta agus táim an-sásta sa gcaidreamh trí chéile. Is duine iontach é agus réitímid go han-mhaith le chéile. Ba bhreá liomsa clann a bheith agam sna blianta beaga seo amach romhainn ach níl seisean cinnte fós. Pléimid an cheist anois is aríst agus é ar shlí thomhaiste oscailte. An rud a ritheann liom anois ná cad atá romham má táimid fós sa gcaidreamh i gceann cúpla bliain eile agus nár mhian leisean leanaí a bheith aige. Ceist chrua í seo, caithim a rá, go háirithe agus an caidreamh chomh sásúil ar gach bealach eile. Déarfainn nach mé an t-aon duine sa gcás seo mar sin bheadh sé cabhrach do chuid smaointe a chloisteáil. GRMMA.

Tá an cheist seo ciotach, cinnte, ach níl sé neamhchoitianta ar chor ar bith. Tá go leor roghanna ann agus níl píosa comhairle ginearálta ann a shasódh an cás; tá an réiteach is fearr duitse bunaithe ar na coinníollacha.

Cé chomh cinnte is atá tusa gur mhaith leat páistí a bheith agat? Cé chomh cinnte is atá seisean nár mhaith leis páistí? An bhfuil tusa ag fanacht le go n-athróidh sé a intinn, agus seisean ag fanacht leatsa d’intinnse a athrú? Cad é atá níos tábhachtaí daoibh: páistí nó an caidreamh? Deir tú go mbíonn na comhráite a bhíonn agaibh oscailte. Ach an mbíonn sibh oscailte faoi sin? Mar i ndáiríre, mothaím go dtagann do cheist ón éiginnteacht. Níl tú cinnte cá seasann sibh, mar sin de, níl a fhios agat cad é le déanamh.

Is ceart dom a rá fosta go mbíonn neart lánúin ann nach mbíonn páistí acu, agus atá breá sásta leis sin. Tá siad sásta toisc go bhfuil an bheirt acu sásta leis sin. Tá neart lánúin a bhíonn ag streachailt lena gcuid páistí, fosta, nó bíonn duine amháin acu faoi bhrú millteanach de dheasca easpa tacaíochta ón pháirtí eile nach raibh páistí uathu… Níl mé ag iarraidh eagla a chur ort, tá mé go díreach ag rá gur chóir go leor machnaimh a dhéanamh ar an cheist seo mar lánúin, mar fhoireann, le chéile.

Bí cinnte de nach bhfuil tú ag geilleadh do bhrú an tsaoil ach an oiread, agus do chuid cairde ag pósadh agus ag tógáil clainne gan dabht. Níl ort cinneadh mór mar seo a ghlacadh mar gheall go bhfuil daoine eile á dhéanamh! Tá sé maith go leor an saol a dhéanamh ar do luas féin – ar bhur luas féin. 

Tá comhrá oscailte ionraic, nach mbeidh sultmhar, de dhíth. Tá oraibh a bheith go hiomlán ionraic lena chéile faoi cad é atá uaibh, bhur mianta mar dhaoine aonaracha, ionas gur féidir libh plean a chur le chéile mar lánúin. Tá iomlán an chirt agat a bheith ag smaoineamh faoi ag an stad seo agus sílim go bhfuil a fhios agat gur gá cinneadh a dhéanamh bealach amháin nó bealach eile: má tá sibh beirt ag súil go n-athróidh an duine eile a intinn, beidh briseadh croí ann do dhuine éigin.

Má chinneann sibh nach bhfuil bhur mianta saoil agus clainne mar an gcéanna, cuimhnigh go bhfuil do shaol iomlán fós romhat. Níor chóir fanacht i gcaidreamh díreach mar gheall ar an am atá caite agus curtha isteach go dtí seo. Ach sin ráite, tá súil agam go dtiocfaidh sibh ar réiteach ar an cheist chiotach seo agus go mbeidh sibh in ann an caidreamh grámhar seo a chaomhnú.

K, 29
Tá mé geallta le mo bhuachaill le cúpla mí agus tá muid dúnta i ngrá lena chéile. Tá a ghnó féin aige, a bhfuil ag éirí go maith leis. Tháinig cara dó i dteagmháil leis le déanaí, agus tarlaíonn sé gur cailín atá sa chara sin. Tá a gnó féin aici, atá sách nua, agus cosúil go leor le gnó mo bhuachalla. D’iarr sí air dul ar thuras oibre léi lena gnó a fhorbairt. I ndáiríre, ní mhothaím compórdach leis sin. Tá a fhios agam go bhfuil cailíní ann a bheadh sásta go leor lena buachaill ag dul ar thuras leo féin le cailín eile, ach níl mise. Ní maith liom an cara seo sa chéad dul síos… Níl cinneadh déanta aige fós, ach níor mhaith liom go rachadh sé. Cén dóigh a dtógaim seo!?

Ar dtús, an chéad rud a déarfainn anseo ná go bhfuil cead agat a bheith ag mothú míchompórdach faoi do bhuachaill – d’fhear chéile sa todhchaí – ag dul ar thuras leis féin le cailín eile. Ní chiallaíonn sin nach bhfuil muinín agat ann, ach mar a deir tú féin, ní maith leat an cara seo. An bhfuil a fhios aige cén dóigh a mothaíonn tú faoin chara seo? Má tá, beidh sé tuisceanach, agus muna bhfuil go fóill, is am maith é seo lena thógáil agus a mhíniú dó.

Ní gá duit a bheith i do chailín ‘cool’ nó ‘chilled’. Cé go bhfuil seans ann go mbeadh cailíní eile sásta leis seo, níl tusa. Agus tá sin ceart go leor, sin teorainn de do chuid féin. An rud faoi theorainn (agus phléigh muid seo i gcolún eile cheana), ná go mbaineann siad leat féin amháin seachas daoine eile a smachtú. Mar sin, tá sé maith go leor go mothaíonn tú mar seo, agus ba cheart duit sin a chur in iúl do do bhuachaill, ach ní féidir leat a smachtú cad é a dhéanfaidh seisean i ndiaidh duit do mhothúcháin a chur in iúl.

Tá gach cuma ar an scéal go bhfuil níos mó le fáil ag an chailín seo ón “turas oibre” ná mar a bheadh ag do bhuachaill. Tá a ghnó seanbhunaithe agus ag dul go maith, agus ba mhaith léi sin a úsáid lena gnó féin a fheabhsú. Ní cosúil go bhfuil mórán le fáil ag do bhuachaill ón turas agus is maith an seans go n-aithníonn sé é sin cheana féín. 

Mar sin, go cinnte, abair leis nach bhfuil tú compórdach leis seo agus cén fáth nach maith leat an cara seo. Bí múinte, áfach, is cara leis í fós. Le cuidiú Dé, tuigfidh sé cúis do bhuairimh agus déanfaidh sé an rud ceart dar liom: gan dul ar an turas. Caithfidh tú a bheith ullmhaithe, áfach, nó tá seans ann go rachaidh sé go fóill. Oibrigh amach cad a dhéanfaidh tú sa chás sin. Tóg seo le grá, agus tá súil agam go bhfreagrófar le grá é.

_________________________________________________

Cuir ceist ar Kathryn agus faigh comhairle ó chroí tríd an fhoirm anaithnid seo a líonadh, nó teachtaireacht a sheoladh chuig @silimthatpod ar Instagram. Freagraíonn Kathryn ceisteanna gach seachtain i gComhairle Carad. 

Comhairle Carad: De réir a chéile a ghlantar an caisleán

Comhairle Carad: Cineálacha cairdis, téacs salach agus teorainneacha

Comhairle Carad: Labhair i dteanga do pháirtí

 

The post Comhairle Carad: Aimsir na scannán Hallmark appeared first on NÓS.

Níos mó