Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
comhairle-carad:-de-reir-a-cheile-a-ghlantar-an-caislean

Comhairle Carad: De réir a chéile a ghlantar an caisleán

| kathryn ni mhaolain | ,

Níl aon fhadhb róbheag nó rómhór don cholún seo. Cad é a dhéanann tú nuair nach n-oireann do chuid éadaí do do chorp níos mó? Cén dóigh a dtéann tú i ngleic le páirtí atá i ngrá le peata (a bhfuil gráin agatsa dó)? Cén dóigh a stopann tú de bheith míshlachtmhar? Léigh na ceisteanna seo agus na freagraí uaimse i gComhairle Carad na seachtaine seo…

P, 27
Tá mo chorp athraithe go mór le cúpla bliain anuas agus níl mé cinnte cén éadaí le caitheamh níos mó. Ba mhaith liom a bheith faiseanta agus stíliúil ach ní oireann mo chuid éadaí dom níos mó. Níl mé cinnte conas mé féin a ghléasadh anois go bhfuil mo chromáin níos leithne agus go n-iompraím mo mheachán ag bun mo bhoilg, rud nach raibh fíor 10 mbliana ó shin. Is bean mé, dála an scéil. Conas a aimsím mo stíl féin?

Tig athrú ar chorp na mban go mór agus muid ag fás. Tá sé go hiomlán nádúrtha nach n-oirfeadh na héadaí céanna a bhí ag duine agus iad 18, don chorp a bheadh acu sna fichidí malla. Is breá liom go mbaineann do cheist le hathrú stíle seachas athrú coirp. Léiríonn sin go bhfuil tú sásta leis an chorp atá agat agus go dtuigeann tú gur cheart go n-oirfeadh na héadaí don chorp, in áit an corp a athrú ar mhaithe leis na héadaí a shásamh. Is breá liom é sin.

Chuala mé leid mhaith le déanaí má bhíonn tú ag iarraidh do stíl a aimsiú agus a athrú: tarraing grianghraf de d’fheisteas gach lá. Ní gá go rachadh na grianghraif seo áit ar bith, is ar mhaithe leat féin atá siad. Tabhair faoi deara ansin, cad iad na héadaí a chuireann áthas ort? Cad iad na héadaí a chuireann tú ort féin go minic? An maith leat iad? Cad is maith leat fúthu? An bhfuil rud ar leith ann a thaitníonn leat: cruth, ábhar, struchtúr, dath? 

Ansin, má chinneann tú éadaí nua a fháil (agus mholfainn é seo a dhéanamh le héadaí dara láimhe, i siopa carthanachta, ar Depop/Vinted nó ag malartú éadaí!), beidh a fhios agat cén cineál ruda a thaitníonn leat agus cén fáth. 

Cuimhnigh fosta nach í sprioc an fhaisin an chuma is tanaí a chur ort féin. Bíonn daoine dírithe uaireanta ar éadaí a chaitheamh a chuirfeadh an chuma is lú orthu. Mholfainn duit gan smaoineamh air sin go fiú, agus díriú ar éadaí a mhothaíonn compordach, a mothaíonn tusa muiníneach iontu, agus a chuireann áthas ort.

P, 25
Thosaigh mé ag siúl amach le fear álainn. Tá sé maith dom, réitíonn mo chairde agus mo theaghlach leis, tá sé greannmhar, cineálta, tá na luachanna céanna againn agus tá mé ar bís nuair a smaoiním ar an todhchaí atá romhainn. Bhí go leor comhráite againn faoi seo agus tá muid beirt ar aon intinn. Tá fadhb amháin ann agus níl a fhios agam cén tslí lena rá leis.

Tá madra aige agus is fuath liom madraí. Bíonn an madra sa teach (cónaíonn sé lena thuismitheoirí fós ach is leisean an madra ó bhí sé óg) agus bíonn sé ar an tolg, ag an tábla dinnéir, léimeann sé orm nuair a shiúlaim isteach…

Táim ag seachaint a thí faoi láthair agus aithníonn sé go bhfuil rud éigin cearr. Cad a deirim nó conas a deirim é?!

Sílim uaireanta go mbíonn sé deacair ar dhaoine nach bhfuil peata acu, teaghlaigh a bhfuil peataí acu a thuiscint. Tá teaghlaigh madaidh ann, agus ansin tá teaghlaigh ann gan, agus bíonn eispéireas an tí go hiomlán difriúil dá bharr! Tá difear fiú sa chineál madaidh a bhíonn i dteach: tá madadh tí againne atá millte go hiomlán, ach tá mo bhuachaill cleachtaithe le madaí caorach nach mbíonn cead acu a bheith sa teach. Mar sin, bíonn sé aisteach go leor dó nuair a thagann Benji beag s’againne le suí liom ar an tolg.

Nuair a thógann tú caidreamh le duine, tá go leor le teacht i dtaithí air. Go minic is í an dinimic tí agus teaghlaigh an rud is deacra le héirí cleachtaithe leis, toisc nach bhfuil agat ach do thaithí tí féin. Tá saol an teaghlaigh tábhachtach, agus mar sin de, sílim go bhfuil a fhios agat nár cheart a theach a sheachaint agus go bhfuil ort seo a thógáil leis.

Ar dtús, an bhfuil eagla ort roimh mhadaí, nó an é go díreach nach dtaitníonn siad leat? An mothaíonn tú faoi bhagairt nó an bhfuil tú buartha faoi do chuid éadaí a bheith salach? An fuath leat é nó an bhfuil tú go díreach míchompordach? Tá ort do chuid mothúchán agus cúiseanna a aithint ionas go dtig leat iad a mhíniú le do pháirtí agus iarracht a dhéanamh iad a shárú. An féidir leat éirí cleachtaithe leis an mhadadh fiú muna mbíonn tú dúnta i ngrá leis? Is agatsa amháin a bheas freagra na ceiste sin. Beidh ort sin a shocrú sula labhraíonn tú le do bhuachaill faoi.

Sílim gur comhréiteach atá de dhíth anseo, ina bhfuil comhghéilleadh de chineál éigin ón dá thaobh. An féidir leis an mhadadh a bheith ar tholg eile agus tú ar cuairt mar shampla? An féidir an madadh a bheith ar siúlóid sula dtagann tú ar cuairt ionas go mbeidh cuid dá fhuinneamh caite agus nach mbeidh sé chomh tógtha céanna nuair a thagann tú? An féidir libh rudaí a dhéanamh taobh amuigh de thithe a chéile níos minice? (An madadh a ghlacadh ar siúlóid!) Bheadh níos mó spreagadh intinne aige taobh amuigh agus seans nach mbeadh sé chomh dírithe sin ortsa. Agus an féidir leat cur suas leis an mhadadh a fhad agus atá tú sa teach? Bí réidh leis na roghanna seo, agus bí réidh le neart plé a dhéanamh.

Tá réiteach anseo má tá sibh sásta a bheith ionraic agus oscailte faoi. Tá ort a bheith íogair anseo – tá sé deacair a thuiscint muna bhfuil peata agat féin, ach bíonn grá ceart ag daoine dá bpeataí. Ná cuir air roghnú idir tusa agus an madadh! Tá réiteach le fáil, ach braitheann gach rud ar an dóigh a n-ardaíonn tú seo agus an meon atá ag an bheirt agaibh i dtaca leis an chomhréiteach. Sílim go bhfuil deis iontach agaibh a fháil amach go luath sa chaidreamh cad é mar a éiríonn libh le dúshláin, comhréiteach agus plé.

M, 32
Is duine iontach míshlachtmhar mé agus cuireann sé gach duine thart orm (agus mise!) ar strae. Tá mo sheomra leapa ina phrácás agus bíonn mo dheasc trína chéile ar an obair agus caillim rudaí. Déanaim iarracht agus ansin sleamhnaíonn rudaí arís. Ba bhreá liom athrú ach níl a fhios agam cén áit le tosnú.

Tuigim do chás!!! Braithim féin go bhfuil sé iontach deacair mo chuid rudaí (agus saol lol) a choinneáil faoi smacht. Ach tá ag éirí níos fearr liom le roinnt blianta anuas agus seo atá foghlamtha agam go dtí seo.

Seans maith go bhfuil barraíocht stuif agat. Is jab bagrach é a fháil réitithe de rudaí ach má dhéantar é de réir a chéile, is mór an faoiseamh a bheas ort nuair atá go leor spáis agat do na rudaí atá agat agus nuair a bheas a áit féin ag gach rud. I ndáiríre, tá an leid is mó agus is fearr sa phíosa comhairle sin: de réir a chéile. Ná bí ag súil go n-athróidh tú do chuid nósanna thar oíche – tógfaidh sé am agus iarracht.

Seo cúpla nós a thosaigh mise, a chuidíonn go mór liom mo theach agus mo spás a choinneáil néata:

  • Riail an bhomaite: má ghlacann sé bomaite nó níos lú lena dhéanamh, déan anois é. Má dhéanann tú rudaí beaga mar seo go rialta, ní bheidh na postanna beaga in ann tógáil agus iompú ina bpost mór amháin.
  • Riail ‘uair amháin’: ná cuir lámh ar rud níos mó ná uair amháin. Má thógann tú anois é, cuir san áit cheart é láithreach. Má thagann rud sa phost, déileáil leis láithreach. Má tá tú críochnaithe leis an dinnéar, nigh na soithí anois.
  • Riail 10 mbomaite: tóg 10 mbomaite ag deireadh gach lae le cúpla rud a thógáil agus a shocrú. Is fiú díriú ar cheantar amháin sa teach gach lá: an chistin, an seomra suí, an deasc, an seomra leapa… agus uaireanta, má shocraíonn tú díreach 10 mbomaite a dhéanamh, beidh tú sa flow go luath agus éireoidh leat tamall níos faide a chaitheamh. Ciallaíonn sé seo go mbeidh tú ag múscailt gach lá le píosa amháin eile den teach eagraithe agus beidh sé níos inláimhsithe leanúint leis!

Is de réir a chéile a thógtar an caisleán, agus de réir a chéile a ghlantar é chomh maith. Go n-éirí leat ar do thuras le bheith níos eagraithe agus níos néata – tá súil agam go gcuirfidh sé feabhas ar do shaol!

_____________________________________________________

An bhfuil ceist agat? Fadhb phearsanta – mór nó beag? Seol chugainn go hanaithnid é tríd an fhoirm seo, agus seans go mbeidh tú ag léamh mo chuid comhairle duit ar NÓS amach anseo!

Comhairle Carad: Labhair i dteanga do pháirtí

Comhairle Carad: Cineálacha cairdis, téacs salach agus teorainneacha

Comhairle Carad: Athbhliain agus athmhachnamh

The post Comhairle Carad: De réir a chéile a ghlantar an caisleán appeared first on NÓS.

Níos mó