Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
comhairle-carad:-saol-an-mhadaidh-bhain-ar-bheagan-airgid

Comhairle Carad: Saol an mhadaidh bháin ar bheagán airgid

| kathryn ni mhaolain | ,

Cad é mar a mhaireann cairdeas nuair atá na cairde ag dul i dtreo saoil dhifriúla? Sin í príomhcheist na seachtaine. Cén dóigh a ndeir tú le do chairde nach bhfuil an t-airgead agat do na himeachtaí a mholann siad? Cén dóigh a láimhseálann tú athruithe cairdis nuair a bhíonn páistí agat? Freagraíonn Kathryn na nithe uile seo thíos…

K, 31
Tá mé ag súil le mo chéad leanbh agus ag dúil go mór leis. Tá go leor cairde agam, áfach, nach bhfuil páistí acu agus a chinn gan páistí a bheith acu. Is cairde maithe iad agus níor mhaith liom iad a chailleadh ach le déanaí tá siad ag caitheamh go haisteach liom. Ar nós nach mbeidh muid cairdiúil nuair a thiocfas an leanbh. Tá siad ag glacadh leis nach mbeidh ár gcairdeas mar an gcéanna agus á insint seo domsa! Tá mé saghas gortaithe go gceapann siad nach mbeidh mé mar chara maith mar gheall air seo. Níl a fhios agam conas é seo a thógáil leo – agus beidh an leanbh agam i gceann míosa!

Ar dtús, comhghairdeas leat! Is cúis cheiliúrtha ollmhór í seo agus tá brón orm go bhfuil rudaí seachtracha ag cur isteach ort le linn an ama iontaigh seo.

Tá ciall le do chuid mothúchán ach ba mhaith liom léargas a thabhairt duit ar pheirspictíocht do chairde óir tá ciall lena gcuid mothúchán chomh maith. Beidh do shaol iomlán athraithe ó bhun go barr, agus a chroí, beidh do chuid cairdis agus caidrimh athraithe dá bharr. Ní bheidh tú ar fáil leis na rudaí céanna a dhéanamh a bheas ar siúl ag an ghrúpa cairde seo. Anois, tá tusa sásta leis seo, mar is tusa a ghlac an cinneadh babaí a bheith agat (agus arís, comhghairdeas!). Ach rachaidh seo i bhfeidhm ar do chairde sa dóigh is nach mbeidh tú ar fáil an oiread céanna níos mó. An difear atá ann ná: níorbh iadsan a ghlac an cinneadh seo.

An gciallaíonn sin gur féidir leo a bheith dímhúinte leat, tú a fhágáil amach d’aon turas, nó tú a dhéanamh ag mothú ciontach? Seans dá laghad. Sin é an difear. Sílim féin go bhfuil comhréiteach le fáil áit éigin anseo. Measaim faoi láthair go síleann tú nach mbeidh rudaí difriúil ar chor ar bith, agus sílim go bhfuil do chuid cairde buartha go mbeidh barraíocht athruithe ann. Tá an fhírinne áit éigin sa lár.

Tá deacracht cumarsáide eadraibh go cinnte. Anois an t-am chun labhairt leo, sula dtagann do leanbh beag galánta nua ar an saol. Abair leo gur mhaith leat a bheith mór leo go fóill agus, cé go mbeidh cruth difriúil ar do shaol, gur bhreá leat dá mbeadh siadsan go fóill mar dhlúthchuid dó. Abair leo go bhfuil díomá ort gur shíl siad a mhalairt agus gur bhreá leat a gcuid tacaíochta nuair atá siad in ann é a thabhairt.

Nuair a chinneann cairde a dhul i dtreonna difriúla lena saol, ní chiallaíonn sin gur gá deireadh a chur leis an chairdeas. Tá spás i saol gach duine fá choinne cairde maithe.

T, 23
Chríochnaigh mé féin agus mo chuid cairde leis an choláiste cúpla bliain ó shin agus fuair muid postanna difriúla. San earnáil ina bhfuil siad ag obair, faigheann siad neart airgid. Tá mé iontach sásta do mo chuid cairde, faraor, tá post difriúil agamsa. Is aoibhinn liom mo phost ach ní fhaighim an méid céanna airgid. Tá go leor agam, ach níl an méid céanna agam agus atá ag mo chairde, go díreach. Bíonn frustrachas orm nuair a bhíonn siad ag iarraidh ócáidí a phleanáil agus is gá dúinn dul chuig an áit is “deise” (is ionann sin agus an áit is daoire). Níor mhaith liom a bheith ag cailleadh amach ach níl an t-airgead agam na rudaí seo a dhéanamh. Cad é a dhéanaim?!

Tuigim do chás!!! Bíonn comhráite faoi airgead ciotach, go háirithe nuair is tusa an duine atá gan. Creid uaim é, bhí mé i d’áit! Tá sé doiligh, go háirithe i ndiaidh na hollscoile, mar ag an am sin bhí an buiséad céanna ag achan duine (€0, go garbh). Mar sin, ní raibh mórán de theannas ann agus bhí sibh uilig in ann na rudaí céanna a dhéanamh. Ach nuair a thosaíonn daoine ag obair, is féidir le difear suntasach a bheith ann idir phá daoine difriúla.

An cheist is tábhachtaí: an bhfuil a fhios ag do chuid cairde faoi seo? Nó an bhfuil tú ag fulaingt go ciúin? Tá seans maith ann go síleann siad go bhfuil sibh fós ar chomhchéim airgid mar a bhí ar an ollscoil. Ba mhaith liom sochar an amhrais a thabhairt do do chairde agus a ghlacadh leis nach bhfuil siad á dhéanamh seo le cur isteach ort.

Tá plean de dhíth ort leis seo a phlé le do chairde. An chéad uair eile a thagann plean aníos ar mhaith leat a bheith páirteach ann, léim isteach sa phlé go luath. Mol áit nach bhfuil chomh costasach leis na háiteanna eile agus abair nach bhfuil an buiséad agat d’áit níos daoire ná sin.

Síleann muid i gcónaí gur rud náiriúil é a admháil nach bhfuil an oiread céanna airgid againn agus atá ag daoine eile. Geallaim duit, más cairde maithe iad, beidh náire orthu nár smaoinigh siad air seo go dtí seo. Is fiú go mór duit do chuid taighde féin a dhéanamh ar áit nó ar imeacht a bhfuil an buiséad agat dó ionas go mbeidh tú in ann cúpla rogha a thabhairt.

Níos fearr arís, mol cúpla imeacht a bheadh go hiomlán saor in aisce ach deas go fóill. Tabhair cuireadh dóibh teacht chuig do theach le haghaidh ‘Péint agus Prosecco’. Tabhair cuireadh dóibh dul chuig an trá agus picnic a bheith agaibh. Gabh ar siúlóid, gabh a champáil, déan dinnéar dá chéile, cruthaigh rud éigin le chéile. Ní gá airgead a chaitheamh le spraoi a bheith agat – go háirithe nuair atá cairde maithe agat!


An bhfuil comhairle uait? Seol ceist nó fadhb chuig Kathryn san fhoirm anaithnid seo, agus freagróidh sí do cheist amach anseo. Níl aon fhadhb rómhór nó róbheag!

Comhairle Carad: Ó chian agus ó chóngar

Comhairle Carad: Aimsir na scannán Hallmark

Comhairle Carad: De réir a chéile a ghlantar an caisleán

The post Comhairle Carad: Saol an mhadaidh bháin ar bheagán airgid appeared first on NÓS.

Níos mó