Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
seolfaidh-speaclai-nua-meta-foghlaimeoiri-gaeilge-go-dti-an-ghaeltacht-‘aon-am’-is-maith-leo

Seolfaidh spéaclaí nua Meta foghlaimeoirí Gaeilge go dtí an Ghaeltacht ‘aon am’ is maith leo

Deir Meta, an comhlacht ar leo Facebook, nach fada uainn an lá go mbeidh foghlaimeoirí Gaeilge in ann cuairt a thabhairt ar an nGaeltacht “ag aon am” ach péire spéaclaí a chur orthu féin.

Ag labhairt dó ag cruinniú i dTeach Laighean inné, dúirt Dualta Ó Broin, Ceann Beartas Poiblí ag Meta in Éirinn, go raibh deiseanna iontacha don Ghaeilge ag baint le forbairt na réaltachta fíorúla.

Dúirt Ó Broin go mbeadh na deiseanna sin ann taobh istigh de chúpla bliain de thoradh na hoibre atá á déanamh ag Meta agus comhlachtaí eile ar theicneolaíocht atá bunaithe ar fhorbairt a dhéanamh ar an ngaol idir an intleacht shaorga agus an mheiteachruinne. “Creidimid nach fada uainn an lá go mbeidh gléasanna tum-theicneolaíocha ar nós spéaclaí agus fearais chinn – ábalta an obair chéanna a dhéanamh atá an fón póca nó an ríomhaire glúine in ann a dhéanamh inniu.

“I gceann cúpla bliain, ní bheidh ag teastáil uait ach spéaclaí agus gléas beag eile agus beidh tú in ann bheith ag oibriú ó aon áit, i do shuí ar an mbus mar shampla – amhail is go bhfuil tú istigh san oifig.”

Dúirt ceannasaí beartas poiblí Meta in Éirinn go bhféadfaí an teicneolaíocht nua seo a chur ag obair ar leas na Gaeilge.

“Ag baint leas as an réaltacht fhíorúil – is féidir le daltaí cuairt a thabhairt ar an nGaeltacht ag aon am. Má chuirtear ríomhaire glúine mar áis oideachais i gcomparáid le réaltacht fhíorúil, léiríonn taighde Harvard go sealbhaíonn an dara grúpa sin 16% níos mó den eolas i ndiaidh seachtaine, 92% i gcoinne 76%. 

Le cur leis sin – tá sé cruthaithe ag Harvard agus Carnegie Mellon gur bealach í an réaltacht fhíorúil le cinntiú go méadaítear tuiscint lucht foghlama teanga ar chultúr, rud a chabhraíonn go mór le líofacht agus bacanna a bhaint chun nascanna daonna a chruthú́.”

Mhaígh Ó Broin go mbeadh “tionchar drámatúil dearfach” ag teicneolaíocht  na réaltachta fíorúla ar chúrsaí oideachais agus ar fhoghlaim teangacha.

Dúirt sé gur léirigh staidéar ó ollscoil Chuo sa tSeapáin go mbíonn “cúthail” ar dhaltaí́ teangacha eile a labhairt os comhair daoine eile ach go gciallódh an teicneolaíocht nua go mbeadh daoine “ábalta iad féin a chur in iúl gan a bheith buartha faoi cad a cheapfaidh daoine eile”.

Dúirt sé go raibh Meta ag obair i gcomhar le Eirmersive – an t-eagras a dhéanann ionadaíocht ar ghnóthaí tum- theicneolaíocha in Éirinn – mar chuid de ghrúpa oibre ar ról na tum-theicneolaíochta san oideachas. Cuirfidh an grúpa seo moltaí faoi bhráid na Roinne Oideachais faoi na bealaí is fearr le leas a bhaint as an teicneolaíocht nua san oideachas.

“An sprioc atá againne ná cé go mbeidh an teicneolaíocht seo ar fáil duit – ní bheidh tú scoite ón domhan thart ort – cinnte beidh sin ag cur le táirgiúlacht – ach beidh sé ag cur go mór leis an taitneamh a bhainfidh daoine as an saol,” arsa Dualta Ó Broin.

Dúirt an Teachta Dála neamhspleách Catherine Connolly go raibh sí buartha faoin bhfís don réaltacht fhíorúil agus don intleacht shaorga a bhí ag comhlachtaí amhail Meta, fís a bhí saghas “scanrúil”, dar léi. Dúirt sí, mar shampla, mar iar-shíciteiripeoir, go mbeadh imní uirthi faoi chaint go mbeadh an teicneolaíocht nua ina leigheas ar chúthaileacht foghlaimeoirí teanga.

Dúirt cathaoirleach an choiste, Aengus Ó Snodaigh, an Teachta Dála de chuid Shinn Féin, nach raibh an “eagla agus sceon” céanna air féin faoin gcur síos a rinneadh ar an réaltacht fhíorúil agus gur chóir glacadh leis go bhfuil an domhan “ag athrú an-tapa” agus pé deiseanna a bhain leis sin a thapú. D’fhéadfaí an teicneolaíocht “a mhúchadh” dá mba mhaith leat, ar sé.

Dúirt Dualta Ó Broin ó Meta, ar cainteoir líofa Gaeilge é féin, gur mhaith leis a shoiléiriú nach ag caint ar deireadh a chur le cuairteanna foghlaimeoirí ar an nGaeltacht ach “cur leis na rudaí atá ar bun cheana” ó thaobh fhoghlaim na Gaeilge de.

Níos mó