Tá sos cogaidh molta ag Hamas a mhairfeadh ceithre mhí go leith agus a mbeadh sé mar aidhm aige deireadh ar fad a chur leis an gcogadh in Gaza.
Freagra cuimsitheach is ea plean Hamas ar mholadh faoi shos cogaidh a rinne lucht idirbheartaíochta as Catar agus an Éigipt, moladh ar thacaigh Stáit Aontaithe Mheiriceá agus Iosrael leis.
De réir na dréachtcháipéise ó Hamas, a bhfuil cóip di faighte ag Reuters, bheadh trí thréimhse 45 lá sa sos cogaidh.
Faoin bplean thabharfaí ar láimh d’Iosrael na gialla a fuadaíodh ar an 7 Deireadh Fómhair agus mar chúiteamh air sin scaoilfí saor 1,500 príosúnach Palaistíneach. Chomh maith leis sin chuirfí tús le atógáil Gaza, a bhfuil go leor de scriosta ag an gcogadh, agus tharraingeodh Iosrael a chuid saighdiúirí go léir amach as an stráice.
Meastar gur caolseans atá ann go nglacfaidh Iosrael le fritairiscint Hamas, ach údar dóchais do lucht eadrána go bhfuil Hamas sásta dul i mbun idirbheartaíochta.
Dúirt Uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá Joe Biden go raibh “an chuma” ar mholadh Hamas go raibh sé “ábhairín thar fóir”, ach go leanfaí ar aghaidh leis an idirbheartaíocht atá ar siúl.
Ag preasócáid in Doha, dúirt Státrúnaí Stáit Aontaithe Mheiriceá, Antony J. Blinken agus príomh-aire Chatar, Sheikh Mohammed bin Abdulrahman bin Jassim al-Thani, gur scéal “dearfach” ar an iomlán a bhí i bhfreagra Hamas.
Dúirt Blinken go raibh sé i gceist aige moladh Hamas a phlé le ceannairí Iosrael amárach.
“Tá go leor oibre le déanamh ach creidimid gur féidir teacht ar chomhaontú, rud, ar ndóigh, atá riachtanach, agus leanfaimid orainn ag obair gan stad chun é sin a bhaint amach,” a dúirt Blinken.
Deir na húdaráis sláinte in Gaza, atá á rialú ag Hamas, gur maraíodh ar a laghad 107 Palaistíneach idir Dé Luain agus Dé Máirt agus gur nach mór 27,600 duine ar fad a maraíodh sa stráice ó cuireadh tús le hionsaithe díoltais Iosrael.