Ní rud annamh é ag polaiteoirí idirnáisiúnta mór le rá úsáid a bhaint as an nGaeilge ar Lá Fhéile Phádraig, ach d’fheadfadh go bhfuil nós nua bunaithe ag Uachtarán Pharlaimint na hEorpa Roberta Metsola a d’iompaigh ar an nGaeilge chun beannachtaí na Féile Bríde a ghuí ar dhaoine.
Chas Roberta Metsola inné leis an Taoiseach Leo Varadkar roimh chruinniú den Chomhairle Eorpach, agus thapaigh sí an deis beannachtaí na Féile Bríde a ghuí ar dhaoine ar na meáin shóisialta.
“Agus le gach dea-ghuí ar Lá Fhéile Bríde amárach,” arsa Metsola i dteanga Bhríd agus Phádraig.
Great to meet Ireland’s Taoiseach @LeoVaradkar ahead of tomorrow’s #EUCO.
Agus le gach dea-ghuí ar Lá Fhéile Bríde amárach 🇪🇺🇮🇪 pic.twitter.com/XH3AkGNkKW
— Roberta Metsola (@EP_President) January 31, 2024
Dúirt an nuachtán ar líne Politico gur léir go raibh Metsola ar a seacht míle dícheall ag iarraidh daoine a thabhairt léi agus í ag ullmhú do thoghchán Pharlaimint na hEorpa.