Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
comhairle-carad:-bhi-an-ceart-ag-dolly-agus-ta-ag-taylor

Comhairle Carad: bhí an ceart ag Dolly agus tá ag Taylor

| kathryn ni mhaolain | ,

An mbaineann fágálaí in am ar bith? Agus an bhfágann buaiteoirí riamh?

Tá cúrsaí oibre faoi chaibidil againn inniu, a bheith ag fágáil na hoibre go háirithe. Caitheann muid an chuid is mó dár saol san áit oibre agus tá sé tuillte againn meas agus aitheantas a fháíl inti. Sílim féin go bhfuil dearcadh an mhórphobail ag bogadh ar shiúl ón nós go bhfanann tú sa chéad phost a fhaigheann tú ar feadh do shaoil. Agus measaim gur maith an rud é.

Thaitin an liric Taylor Swift le cuid agaibh an tseachtain seo caite agus cuireann an t-amhrán seo dá cuid síos ar mo chomhairle inniu…

A, 31
Níl mé sásta i m’áit oibre faoi láthair. Mothaím nach bhfuil mé ag fáil go leor aitheantais nó nach bhfeiceann mo bhainisteoirí an luach bhreise a chuirim le gach lá. Tá cónaí orm i mBéal Feirste le m’fhear céile agus iníon atá beagnach 2 bhliain d’aois. Tá post i nDún Geimhin a bhfuil suim agam ann ach tá mé buartha faoin taisteal, easpa am teaghlaigh srl. Ar chóir dom fanacht ins an áit ina bhfuil mé nó iarratas a chur isteach san áit eile?

Maith thú as freagracht a ghlacadh ar do shaol féin agus a bheith ag amharc ar dheiseanna eile. Tá sé scanrúil dul sa tseans ach ón mhéid a dúirt tú, sílim go mbeadh sé go maith duit triail a bhaint as rud eile. Rud eile sa phost ina bhfuil tú nó post eile. Is léir nach féidir le rudaí leanúint mar atá siad díreach anois agus gur cúis mhór frustrachais duit é sin.

An chéad rud a déarfainn ná: cuir isteach ar an phost sin cibé. Deir tú go bhfuil suim mhór agat ann. Cé go mbeadh constaicí praiticiúla ann, cá bhfios an dtiocfaidh an deis seo aníos arís? Is féidir cur isteach air, agallamh a dhéanamh fiú, agus ní gá aon chinneadh a dhéanamh go bhfuil tairiscint poist os do chomhair. Ceart go leor, sin cinneadh amháin déanta. Furasta. Anois, an cinneadh eile: an nglacfá leis?

Deir tú nach dtugtar duit an t-aitheantas atá tuillte agat sa phost ina bhfuil tú agus go bhfuil tú míshásta le cúrsaí bainistíochta. Ar chuir tú seo in iúl dóibh ag pointe ar bith? An bhfuil rudaí ar leith a mbeifeá in ann do mhéar a chur orthu agus a úsáid mar ‘fhianaise’? An bhfuil aon duine i ról níos sinsearaí ná do bhainisteoir ar féidir leat labhairt leo? An mothaíonn aon duine eile i d’fhoireann mar a mhothaíonn tusa?

An chúis leis na ceisteanna sin ar fad, nó an mhórcheist taobh thiar dóibh uilig ná: an bhfuil aon rud anseo is féidir a dhéanamh chun feabhas a chur ar rudaí san áit ina bhfuil tú?

B’fhéidir nach fios do do bhainisteoir go bhfuil fadhb ann agus déarfainn nach mbeadh siad ag iarraidh duine chomh díograiseach leatsa a chailleadh. Seans gurb í an fhadhb ná nach n-aithníonn siad go bhfuil fadhb ann. Má tá barraíocht ama imithe, muna mothaíonn tú go bhfuil aon dul siar ann, muna síleann tú go dtiocfaidh feabhas ar rudaí, is ansin a déarfainn leat dul sa tseans.

Beidh tuilleadh taistil le déanamh agat go dtí an áit nua oibre seo. An rud a d’fhiafróinn díot ná: cé mhéad ama a chaitheann tú faoi strus agus faoi bhuairt sa phost ina bhfuil tú? Cá mhinice a chuireann an strus sin isteach ar do shaol teaghlaigh mar atá? Shamhlóinn go bhfuil neart ama agus fuinnimh i gceist le do fhrustrachas a chur faoi cheilt. Seans, ar deireadh, go bhfaighfeá am agus fuinneamh ar ais dá mbeadh tús úr agat.

Tá bealaí ann leis an turas fhada chun na hoibre a ghiorrú fosta. Is fiú a fhiosrú má bhíonn aon duine eile ó do cheantar, nó atá ina chónaí ar an bhealach, a bhíonn ag taisteal sa treo sin chomh maith. Déanann sé difear mór an tiomáint a roinnt agus comhrá a dhéanamh ar an bhealach.

Seachas sin, an rogha é an bus nó an traein a fháil? Is féidir na turais sin a dhéanamh níos sultmhaire fosta: am leat féin chun leabhar a léamh, a bheith ag amharc ar scannáin íoslódáilte ar do ghuthán, cúpla ríomhphost a fhreagairt le d’ualach oibre a laghdú agus tú ar obair fiú. Shamhlóinn nach bhfaigheann tú mórán ama duit féin agus tachrán sa teach agaibh!

Níl ansin ach mo chuid smaointe. Ach creidim nár cheart fanacht in áit oibre nach bhfuil tú sásta ann. Tá réiteach ar d’fhadhb, bíodh sin do choinníollacha oibre mar atá anois a fheabhsú, nó d’áit oibre a athrú go hiomlán. Is leatsa amháin an cinneadh, agus guím gach rath ort leis.

L, 29
Dia dhaoibh! Tá post an-maith agam agus pá an-maith, buntáistí agus níos mó ag gabháil leis. Ach níl mé sásta ann agus is fuath liom an obair!!! Ní dóigh liom go mbeidh an pá céanna agam riamh arís ach sílim go bhfuil mo mheabhairshláinte níos tábhachtaí. Tá sé ar intinn agam fágáil, post a fháil in áit éigin eile agus bogadh ann, ach níl a fhios agam cén t-am ar cheart dom é seo ar fad á dhéanamh.

Ar cheart dom fanacht tamall sa phost ina bhfuilim anois go dtiocfaidh post ‘oiriúnach’ aníos, nó ar cheart dom fágáil láithreach bonn agus post ‘sealadach’ a fháil go dtí go dtiocfaidh an post ‘oiriúnach’? Níl a fhios agam ar cheart dom é a rá le mo bhainisteoir, nó gan dada a inseacht dhó go dtí go mbeidh mé cinnte. Níl a fhios agam céard a dhéanfaidh mé! Bíonn mo chairde agus mo theaghlach i gcónaí ag rá liom gur cheart dom fanacht sa phost toisc go bhfuil pá an-maith ann agus go mbeidh mé ag iarradh teach a cheannach sa todhchaí. Is dóigh liom go bhféadfainn fanacht tamall eile, ach tá an tréimhse sin ag fáill níos giorra agus níos giorra.

Tá pá maith, maith. Tá do mheabhairshláinte níos tábhachtaí. Deir tú gur post ‘an-mhaith’ é, ach cad is post maith ann? Post nach dtaitníonn leat? Post atá ag cur isteach ar do mheabhairshláinte? Post ar fuath leat é? Níl a fhios agam an post maith é sin. Ach má tá go leor airgid agat le maireachtáil, ní chuirfinn luach ‘pá maith’ ar mheabhairshláinte mhaith. Roghnóinn meabhairshláinte achan uair.

Tá do chinneadh déanta agat agus ba mhaith leat a fháil amach cén uair agus cén dóigh. Le fírinne, ní bheinn ag rá le do bhainisteoir faoi go dtí go bhfuil tú ag fágáil, seachas má shíleann tú go dtiocfaidh feabhas ar rudaí. An fuath leat an áit oibre agus an t-atmaisféar oibre nó an fuath leat an cineál oibre? Déan do mhachnamh air – an bhfuil aon rud a thiocfadh le do bhainisteoir a dhéanamh le do shaol oibre a fheabhsú? Sin an t-aon chás ina dtógfainn le do bhainisteoir é – má shíleann tú go n-athrófá d’intinn dá mbeadh rudaí níos fearr.

Maidir le do chairde agus le do theaghlach, sílim go bhfuil a gcuid comhairle sáite sa ghrá. Feiceann siad go bhfuil post daingean agus airgead maith agat, agus ba mhaith leo go mbeidh sin agat go deo. Déarfainn nach bhfeiceann siad an stró agus an strus a bhaineann le post a dhéanamh lá i ndiaidh lae a bhfuil fuath agat air. Déarfainn go bhfuil tú éirithe cleachta ag cur i gcéill go bhfuil rudaí níos fearr ná mar atá. Fiú domhsa, nuair a d’éirigh mé as post buan, ar tháinig mé abhaile uaidh ag caoineadh go minic, bhí mo mhamaí buartha fúm. Ba mhian léi go raibh post buan daingean agam, cé go bhfaca sí an stró. Ach anois, tuigeann sí gurb é sin an cinneadh ab fhearr a rinne mé riamh.

Cén uair ba cheart duit an post a fhágáil? Sílim go bhfuil cothromaíocht le fáil idir cúrsaí airgeadais agus cúrsaí meabhairshláinte. Mar a dúirt mé, chuirfinn cúrsaí meabhairshláinte chun tosaigh. Ach, an bhfuil go leor airgid agat le do chuid costais a chlúdach go ceann cúpla mí? Má tá, fág go luath. Muna bhfuil, b’fhéidir go mbeidh ort a bheith níos cúramaí agus post eile a shocrú sula dtiocfaidh an post ‘oiriúnach’ aníos.

Ba bhreá liom an téarma sin ‘post oiriúnach’ a fhiosrú. Cad is oiriúnach ann? Athrú gairme? Ar shíl tú go raibh an post seo oiriúnach? Cuimhnigh go dtiocfadh leat a bheith ag fanacht tamall de bhlianta sula dtiocfaidh an post foirfe aníos. Cosúil le gach cinneadh, is é an rud is tábhachtaí ná an rud a dhéanann tú leis agus an dóigh a smaoiníonn tú air. Mholfainn duit amharc ar rud níos sealadaí go ceann tamaill. Má tharlaíonn sé go dtiocfadh leis sin a bheith ‘oiriúnach’ duit go ceann tamall níos faide, sin go hiontach.

Tá tosaíochtaí difriúla ag gach duine. Do dhaoine áirithe, is post oiriúnach é an post a thabharfaidh an méid is mó airgid dóibh. Do dhaoine eile, post inar féidir leo a bheith cruthaitheach nó a bheith ag obair le daoine, nó ag réiteach fadhbanna. Domhsa, is post oiriúnach é post a mbainim sult as, agus a thugann spás dom mo rudaí féin a dhéanamh taobh amuigh den obair. Post a chríochnaíonn ag an 17:00 agus nach n-ionsúnn mo chuid fuinnimh uilig. Post inar féidir liom am a aimsiú ag an deireadh seachtaine chun colún a scríobh do NÓS!

I ndáiríre, sílim go bhfuil a fhios agat cad é atá le déanamh agat. Ach ná bí ag cur brú ort féin, ag smaoineamh gur gá duit an cinneadh foirfe a dhéanamh. Níl aon chinneadh buan. Go n-éirí leat!


An bhfuil comhairle uait? Seol ceist nó fadhb, mór nó beag, chuig Kathryn san fhoirm anaithnid seo, agus freagróidh sí do cheist amach anseo. 

The post Comhairle Carad: bhí an ceart ag Dolly agus tá ag Taylor appeared first on NÓS.

Níos mó