Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
comhairle-carad:-faitios-agus-fas

Comhairle Carad: faitíos agus fás

| kathryn ni mhaolain | ,

Nuair a d’fhág mise an scoil agus an baile le dul chun na hollscoile, shíl mé gur dhuine fásta a bhí ionam. Bhí billí leictreachais le híoc agam, bhí tiomáint agam, bhí buachaill agam. Bhí gach rud ar eolas agam. Nach raibh?

Mar a deir Taylor Swift í féin: cén dóigh ar féidir le duine gach rud a bheith ar eolas acu ag 18, agus faic ag 22? Foghlaimíonn tú le linn na mblianta sin nach bhfuil gach rud ar eolas agat. Agus cé gur ceacht deacair é, is ceann fiúntach é chomh maith.

Ar cheart do A, 20 fanacht lena buachaill agus é ag imeacht ar Erasmus? An gcuirfidh S, 19 deireadh lena chúrsa ollscoile, cé go bhfuil dúil aige san ábhar? Agus cén uair a thosóidh mise (K, 28) ag mothú cosúil le duine fásta arís?

A, 20
Táim ag cur aithne ar bhuachaill ón ollscoil le tamall agus tá rudaí ag dul go maith. Ach tá cónaí air ar an taobh eile den tír agus beidh sé ar Erasmus ar an bhliain seo chugainn. N’fheadar an fiú tús a chur le caidreamh leis.

Ar fhreagair tú do cheist féin anseo? Níl mé cinnte ar scríobh tú chugam ag lorg cead le briseadh leis an bhuachaill seo, nó an raibh tú ag súil go molfainn duit creidiúint san fhíorghrá agus go mb’fhéidir gurb eisean ‘an duine’ duitse…

Tá tú óg agus tá do shaol romhat. Ní gá go mbeadh an duine a siúlann tú amach leo ar an ollscoil ar an duine a phósann tú (d’fhoghlaim mé féin an ceacht sin!). Bain sult as do chuid ama leis anois agus nuair a imíonn sé ar Erasmus, mholfainn daoibh an teagmháil a laghdú agus rud beag spás a thógáil óna chéile. Má tá sibh le bheith le chéile go deo, tiocfaidh sibh ar ais le chéile nuair a philleann sé.

Sílim gur suimiúil an rud é, áfach, an dearcadh atá agat i leith an ghrá. An deacracht is mó atá ann ná gurb as an taobh eile den tír dó agus go bhfuil sé ag imeacht thar sáile. Is deacracht é sin cinnte. Ach ar an taobh eile, an bhfuil tú leis anois díreach mar gheall go bhfuil sibh ar an ollscoil lena chéile agus go bhfuil sibh cóngarach dá chéile? Bheadh sé suimiúil é sin a fhiosrú leat féin. Níl aon dochar ansin ach b’fhéidir go gcuideodh sé leat leis an cheist seo.

Tá cairde agam a shíl go mbeadh siad leis an pháirtí a bhí acu ar an ollscoil go deo. Amharcann siad siar anois agus tuigeann siad nárbh fhíor sin. Tá cairde agam a raibh briseadh acu le linn Erasmus agus a tháinig ar ais le chéile ina dhiaidh. Ní ba láidre ná mar a bhí siad roimhe fiú. Tharla sin toisc an t-am a bhí acu a bheith ag fás agus iad scartha óna chéile. D’fhás siad sa treo chéanna agus ba dhaoine agus ba lánúin ní b’fhearr iad dá bharr. Mar sin, le do thoil, ná glac le mo fhreagra le frustrachas. Níl mé ag iarraidh a rá leat nach bhfuil tábhacht agus brí saoil leis na caidrimh a bhíonn agat ag an aois seo – is cinnte go bhfuil! Ná bí ag smaoineamh gurb iad tús agus deireadh do scéil go díreach. Más an duine ceart atá iontu, oibreoidh sé. Bíodh muinín agat ann sin.

S, 19
Thosaigh mé ar an gcoláiste ag tús na scoilbhliana seo. Taitníonn mo chúrsa go mór liom ach is mí Márta atá ann anois agus níl aon chairde déanta agam. Tá go leor cairde agam sa mbaile ach tá an chathair ollscoile os cionn 3 uair a chloig ón mbaile. Mar sin ní bhím sa mbaile go rómhinic. Tá mé ag smaoineamh faoi athrú cúrsa agus aistriú ollscoile chun tosú arís as an nua. Cad é ba cheart dom a dhéanamh?

Go raibh maith agat as do litir. Tá mé cinnte go raibh sé deacair é a scríobh. Ar an drochuair, ní thig liom a rá leat go díreach gur cheart fanacht nó fágáil ach is féidir liom pointí smaointeoireachta a thabhairt duit.

Baineann do chuid ama ar an ollscoil leis an cháilíocht a bhainfidh tú amach ag an deireadh, cinnte. Tá mé iontach sásta duit go bhfuil tú ag baint sult as ábhar an chúrsa! Ach baineann an tréimhse seo le go leor eile. Is í seo an chéad uair duit a bheith i do chónaí as baile. An chéad uair duit a bheith ‘leat féin’. Is tréimhse fáis í seo. Ba mhaith liom go mbeifeá in ann sult a bhaint as agus a bheith fás lena linn.

Tá suim agam a fháil amach cé mhéad iarrachta atá déanta agat cairde a dhéanamh ó bhog tú. Tuigim go hiomlán nach furast an rud é sin. Glacann sé neart fuinnimh agus ama! Agus glacaim leis nach raibh an fuinneamh nó an t-am sin de dhíth agus tú ag déanamh cairde sa bhaile – is maith an seans gur tharla sé go nádúrtha agus sibh ar scoil lena chéile gach lá. Cinnte, tá sé níos deacra anois, agus tá comhbhá agam leat.

An bhfuil bealach ann gur féidir leat níos mó iarrachta a dhéanamh leis seo? Thaifead mé eagrán de mo phodchraoladh inar dhírigh mé ar chairdis fhásta agus tá go leor leideanna breise ansin. Achoimre: triail club a bhfuil suim agat ann, bí leanúnach leis, cuir ceisteanna ar dhaoine, agus ná bíodh eagla ort roimh dhiúltú!

Má tá na rudaí seo triailte agat cheana féin agus ní fheiceann tú bealach ar bith eile thart air ach bogadh, mholfainn go mór duit labhairt le duine éigin in Aontas na Mac Léinn faoi do chás. Beidh neart taithí acu ag cuidiú le daoine cúrsaí a bhogadh agus cúrsaí a aimsiú atá cosúil leis an chúrsa atá idir láimhe agat. Uaireanta, má chríochnaíonn tú an chéad bhliain, faigheann tú go leor creidmheasa le dul i dtreo cúrsa eile in ollscoil eile. Mar sin, ní rachadh an obair a rinne tú i mbliana amú!

Mholfainn go láidir duit na mothúcháin seo a phlé le duine éigin sa bhaile fosta. Tá sé furast gan a insint do dhaoine cad é mar atá tú go fírinneach agus tú i bhfad uathu. Tá sé níos fusa é a chur i bhfolach nuair nach bhfeiceann tú iad go minic. Ach ar deireadh ar fad, déanann sin gach rud níos deacra. An bhfuil a fhios ag do chairde sa bhaile, nó ag duine ar bith i do theaghlach faoi seo? Labhair leo agus tabhair cuireadh do dhuine teacht ar cuairt chugat fiú. Beidh radharc úr acu ar do shaol. Seans go mbeadh siad in ann cuidiú leat do chúthaileacht a chur díot agus cúpla cara a dhéanamh!

Cibé cinneadh a dhéanann tú, ná hamharc ar an bhliain seo mar cur amú ama ar aon nós. Tugann tréimhsí dúshlánacha deis fáis dúinn. B’fhéidir gurb í seo an tréimhse saoil ina bhfoghlaimíonn tú conas níos mó cairde a dhéanamh. B’fhéidir gurb í seo an tréimhse saoil ina bhfoghlaimíonn tú conas dul ar an umhlaíocht. B’fhéidir go bhfoghlaimeofá conas am a chaitheamh leat féin, nó conas tús nua a chur le rudaí, nó conas déileáil le díomá. Ach cibé cinneadh a dhéanann tú, ná déan leat féin é. Labhair leis na cairde atá agat.


Ar mhaith leat comhairle carad? Comhairle ón chroí? Seol ceist nó fadhb, mór nó beag, chuig Kathryn ar an fhoirm anaithnid seo, agus freagróidh sí thú amach anseo.

Comhairle Carad: Saol an mhadaidh bháin ar bheagán airgid

Comhairle Carad: Ó chian agus ó chóngar

Comhairle Carad: Aimsir na scannán Hallmark

The post Comhairle Carad: faitíos agus fás appeared first on NÓS.

Níos mó