Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
cosan-glan-ag-simon-harris-do-cheannaireacht-fhine-gael 

Cosán glan ag Simon Harris do cheannaireacht Fhine Gael 

| tuairisc | ,

Tá an-seans ag an Aire Breisoideachais agus Ardoideachais a bheith ina cheannaire ar Fhine Gael agus ar an Taoiseach is óige riamh ar an tír    

Cosán glan ag Simon Harris do cheannaireacht Fhine Gael 

Tá Simon Harris i mbarr an phaca le bheith ar an gcéad cheannaire eile ar Fhine Gael I bhfianaise na tacaíochta atá á léiriú dó sa pháirtí.   

Agus Teachtaí Dála eile a bhféadfadh seans a bheith acu ar an bpost ag fógairt nach mbeidh siad san iomaíocht, tá cosán glan faoi láthair ag an Aire Breisoideachais agus Ardoideachais le bheith ina cheannaire ar Fhine Gael tar éis don Taoiseach Leo Varadkar a fhógairt go tobann inné go raibh faoi éirí as an gcúram.  

 Má thoghtar Harris ina cheannaire nua ar Fhine Gael is é a bheidh ar an gcéad Taoiseach eile. Níl Harris ach 37 bliain d’aois agus bheadh sé ar an Taoiseach is óige riamh ar an tír.   

 Bhí Patrick O’Donovan, Aire Stáit na Gaeltachta, ar dhuine de na hairí stáit a d’fhógair bog te a thacaíocht do Harris. 

“Tá m’intinn socraithe agam agus beidh mise ag tabhairt tacaíochta don Aire Simon Harris,” a dúirt sé. “Tá aithne agam ar Simon ó thángamar beirt chun na Dála in 2011. Comhghleacaí iontach de mo chuid é agus d’oibrigh mé go dlúth leis.  

“Ag an tráth seo agus an bhail atá ar Fhine Gael agus muid i bhfoisceacht bliana d’olltoghchán sílim go bhfuil neart ama agus neart deiseanna againn chun an eagraíocht a atógáil agus díriú arís ar na ceisteanna a mheasaimid a bheith tábhachtach. Sílimse gurb é Simon is fearr a dhéanfadh é sin.”  

D’fhógair na hairí Helen McEntee and Heather Humphreys nach mbeidís féin san iomaíocht do cheannaireacht an pháirtí agus dúradar go mbeidís ag tacú le Simon Harris. 

Tá sé fógartha ag beirt airí eile, Paschal Donohue, an tAire Caiteachais Phoiblí agus Simon Coveney, an tAire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta, nach mbeidís féin ag tabhairt faoin gceannaireacht.   

Ar na hionadaithe poiblí eile is túisce a d’fhógair a gcuid tacaíochta do Harris bhí an tAire Stáit Neale Richmond, na Seanadóirí Barry Ward, Seán Kyne agus Tim Lombard agus na Feisirí Eorpacha Maria Walsh, Seán Kelly agus Frances Fitzgerald. 

Tá a dtacaíocht do Simon Harris fógartha freisin ag Brendan Griffin, Emer Higgins, Alan Farrell, Frankie Feighan and Colm Burke.  

Duine is ea an Teachta Dála Jennifer Carroll McNeill a bhí á lua go láidir inné mar dhuine a mbeadh suim aici sa bpost ach tá sé curtha in iúl aici go mbeidh a tacaíocht ag Harris. 

Dúirt sí go raibh sé “beagáinín róluath ina gairm pholaitiúil” le seasamh do cheannaireacht a páirtí.  

Ní léireoidh Leo Varadkar a thacaíocht d’aon iarrthóir le teacht i gcomharbacht air féin.  

Dúirt Barry Saul, cathaoirleach ghrúpa ionadaíoch chomhairleoirí Fhine Gael, go dteastaíonn uathu go mbeadh fís nua ag an bpáirtí.  

Agus é ag caint ar RTÉ, dúirt sé go raibh “tacaíocht láidir” ann do Simon Harris agus go bhfuil dea-chaidreamh idir é agus comhairleoirí.  

Dúirt sé go mbeadh comórtas ann don cheannaireacht i “saol idéalach” ach d’admhaigh sé go raibh siad gann ar am toisc na toghcháin áitiúla ar an bacáin.   

Shocraigh Ard-Chomhairle Fhine Gael aréir gur óna 10.00am inniu go dtí a 1.00pm an Luan seo chugainn a ghlacfaí le hainmniúcháin.  

Níos mó