Tá Kneecap, The Wolfe Tones, Mary Coughlan agus Síle Denvir i measc na gceoltóirí, amhránaithe agus daoine aitheanta eile a bhfuil tacaíocht léirithe acu d’fheachtas tacaíochta nua do pháistí Gaza atá eagraithe ag grúpa Gaeltachta.
‘Gaeil ar son Gaza’ a sheol an feachtas ‘Solas do Pháistí Gaza’ agus iad ag iarraidh ar dhaoine fud fad na hÉireann coinneal a lasadh ar an gCéadaoin an chéad lá Bealtaine ar a 9.30in, tar éis luí na gréine, ar son gach páiste atá maraithe ag Iosrael i nGaza.
Tá leathanach GoFundMe cruthaithe ag an ngrúpa chomh maith chun airgead a thiomsú don Palestine Children’s Relief Fund [Ciste Fóirithinte Leanaí Gaza], eagraíocht charthanachta do pháistí atá lonnaithe sa Phalaistín.
Tá ceoltóirí, polaiteoirí agus daoine aitheanta eile le físeáin a thaifeadadh le scaipeadh ar na meáin shóisialta ag léiriú a dtacaíocht don fheachtas.
Deir na húdaráis sláinte i nGaza, a bhfuil Hamas i gceannas orthu, go bhfuil breis is 13,000 páiste maraithe de bharr an chogaidh atá ar bun sa cheantar.
Chomh maith leis sin, deir an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte go bhfuil páiste as gach seisear i nGaza faoi 2 bhliain d’aois míchothaithe anois toisc cosc ar sholáthairtí bia agus uisce agus go bhfuil 17,000 páiste fágtha ina ndílleachtaí.
Deir Áine Uí Fhoghlú, an file Gaeltachta agus duine de bhaill an ghrúpa Gaeil ar son Gaza, gur spreagadh an grúpa chun gnímh tar éis dóibh an t-uafás atá ag tarlú do pháistí Gaza a fheiceáil.
“Cé nach rabhamar ábalta aon rud a dhéanamh chun an t-uafás atá ar pháistí na Palaistíne a chosc, ar a laghad is féidir linn é seo a dhéanamh agus beagán tacaíocht airgid a thabhairt dóibh,” a dúirt Uí Fhoghlú. “Ardaíonn sé feasacht chomh maith, go mbeadh muintir na hÉireann ag cuimhneamh ar pháistí na Palaistíne ar an 1 Bealtaine agus sinne ag tabhairt aghaidh isteach ar an samhradh agus an solas agus mar sin de agus ansin cuimhneamh go bhfuil an dorchadas agus an duairceas fós ag leanúint pháistí na Palaistíne.”
Deir Uí Fhoghlú go bhfuil an t-uafás chomh dona sin gur ar éigean is féidir cur síos a dhéanamh air.
“Rud eile a chur alltacht orainn ná go bhfuil síceolaithe ag rá anois go bhfuil páistí chomh hóg le cúig bliana d’aois i nGaza ag rá go bhfuil fonn orthu lámh a chur ina mbás féin mar gurbh fhearr leo an bás ná an bheatha. Chuirfeadh sé fuarallas ar aon tuismitheoir éisteacht leis sin.”
Deir Gaeil ar son Gaza gur iontach an gníomh dlúthpháirtíochta “le pobal creachta na Palaistíne” a bheidh i lasadh na mílte coinneal in éineacht.
Deir Gaeil ar son Gaza go bhfuil tacaíocht geallta freisin ag an Seanadóir Frances Black, Roz Purcell, Tadhg Hickey, an Feisire Eorpach Mick Wallace, an Teachta Dála Thomas Pringle, Sibéal Davitt, Nell Ní Chróinín, Eoghan Ó Ceannabháin, Róisín Elsafty agus go leor eile.