Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
gan-ach-se-theach-breise-ag-cur-loistin-ar-fail-do-na-colaisti-samhraidh-gaeltachta

Gan ach sé theach breise ag cur lóistín ar fáil do na coláistí samhraidh Gaeltachta

Léiríonn figiúirí nua gur beag ardú a tháinig ar líon na mban tí a choinníonn scoláirí do choláiste samhraidh in ainneoin iarrachtaí Roinn na Gaeltachta daoine a mhealladh isteach sa chóras.

Ní raibh ach sé theach breise sa chóras anuraidh i gcomparáid le 2022.

Tháinig laghdú 27% ar líon na mban tí a choinníonn scoláirí do na coláistí samhraidh ó 2019, nuair a bhí 648 teach cláraithe le Roinn na Gaeltachta le scoláirí a choinneáil faoi scéim na bhfoghlaimeoirí Gaeilge.

Nuair a reáchtáladh na cúrsaí samhraidh i ndiaidh na paindéime in 2022, 495 teach a bhí cláraithe faoin scéim, titim 30% a d’fhág go raibh na coláistí samhraidh gann ar 1,800 leaba.

De réir fhigiúirí nua Roinn na Gaeltachta, 511 teach a bhí cláraithe le scoláirí a choinneáil anuraidh, titim 27% i gcomparáid leis an líon tí a bhí cláraithe faoin scéim in 2019.

Agus ganntanas fear agus ban tí ann le roinnt blianta, tá roinnt beartas nua tugtha isteach ag an Roinn chun cur le líon na dteaghlach sa chóras.

Ó thús na bliana 2022, tháinig ardú ar an deontas tosaithe aon uaire do theaghlaigh nua ó €2,000 go €6,000.

Tháinig méadú 20%, ó €10 go €12, chomh maith ar an liúntas a íoctar le mná tí in aghaidh an scoláire in aghaidh na hoíche.

Méadaíodh chomh maith ó 12 go 16 scoláire an t-uasmhéid scoláirí a mbíonn cead ag teaghlach iad a choinneáil.

Ach cé gur tháinig 44 teach nua isteach sa chóras anuraidh, d’éirigh 28 teach nó teaghlach eile as an scéim.

34 teach nua a chláraigh in 2019 nuair ba dheontas €2,000  a bhí á íoc le mná tí nua a thosódh ag coinneáil scoláirí samhraidh, agus 39 teach a bhí i gceist in 2022 nuair a tháinig ardú ar an deontas go €6,000.  

Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge 2019 2022 2023
Líon scoláirí 27,032 25416 26,835
Líon Teaghlach a choinnigh scoláirí 648 495 511
Líon tithe nua a chláraigh 34 39 44
Caiteachas na Roinne €4,487,770 €3,892,955 €4,623,549

Bhí líon na scoláirí sna coláistí mórán mar a chéile le 2019, tráth ar fhreastail 27,032 scoláire ar na cúrsaí Gaeltachta.

In 2022, d’fhreastail 25,416 scoláire ar chúrsaí sna coláistí samhraidh, 1,616 níos lú na 2019.

Chaith Roinn na Gaeltachta 19% níos mó i mbliana ar liúntais na mban tí ná mar a chaith siad anuraidh.

Deir lucht na gcoláistí samhraidh go bhfuil géarchéim lóistín ag cur as dóibh le roinnt blianta agus é ag éirí níos deacra teaghlaigh Ghaeltachta a mhealladh chun lóistín a chur ar fáil do scoláirí.

Ag labhairt dó sa Dáil an tseachtain seo caite, rinne an Teachta Dála de chuid Shinn Féin, Pearse Doherty, cáineadh géar ar chur chuige Roinn na Gaeltachta maidir le mná tí nua a mhealladh agus a choinneáil sa chóras.

“Is é an fhadhb atá ann ná go bhfuil mná tí ag éirí as a gcuid oibre, obair a bhí acu le blianta anuas. Tchímid go bhfuil 30% níos lú ban tí sna Gaeltachtaí anois ná mar a bhí in 2017. Is é an fadhb mhór atá ann ná nach bhfuil an Roinn ag éisteacht leo. Ó mhí Dheireadh Fómhair, níor chuala urlabhraí na mban tí i nDún na nGall aon rud ón Roinn maidir leis na gearáin atá acu.

“Tá sé cosúil leis an rud a bhí á dhéanamh le RTÉ. Tá Aire ina seasamh amuigh ansin agus tá an chuid eile ag iarraidh plé a dhéanamh, éisteacht a bheith acu agus na fadhbanna atá acu agus na tacaíochtaí atá de dhíth orthu a chur in iúl don Rialtas ach níl aon ní cloiste acu ó mhí Dheireadh Fómhair.”

Dúirt Doherty go raibh sé “dochreidte” go raibh mná tí ina dháilcheantar féin ag fanacht go dtí mí Dheireadh Fómhair d’íocaíocht ar na cúrsaí samhraidh.

Dúirt sé nár cheart go mbeadh ar mhná tí a bhí 70 bliain d’aois nó níos sine éirí as.

“Táimid ag cluinstin anois nach bhfuil cead ag mná tí atá thar 70 bliain d’aois scoláirí a choinneáil. An bhfuilimid chun an rud céanna a rá faoi Theachtaí Dála? Tá daoine sa Dáil seo atá thar 70 bliain d’aois agus níl aon duine ag rá nach bhfuil siad ábalta a gcuid oibre a dhéanamh.

“Tá ár nUachtarán thar 70 bliain d’aois agus níl aon duine ag rá nach bhfuil seisean ábalta a chuid oibre a dhéanamh ach táimid ag cur síos ar mhná tí atá thar 70 bliain agus ag rá nach bhfuil siad ábalta é sin a dhéanamh,” a dúirt Pearse Doherty.

Níos mó