Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
la-fheile-padraig-–-gach-eolas-faoi-pharaidi-na-gaeltachta

Lá Fhéile Pádraig – gach eolas faoi pharáidí na Gaeltachta

Tá muintir na Gaeltachta ar fud na tíre ag réiteach do pharáidí Lá Fhéile Pádraig. Seo gach eolas fúthu

Lá Fhéile Pádraig – gach eolas faoi pharáidí na Gaeltachta

Pictiúr: Seán Ó Mainnín

Gaoth Dobhair

Cuirfear tús le paráid Ghaoth Dobhair sa Bhun Beag ag a 2:00pm agus leanfar an gnáthbhealach go dtí na Doirí Beaga ag sroichint Teach Pobail Mhuire idir a 3pm agus 3.30pm. Beidh isteach is amach ar 10 bhflóta ag glacadh páirte i mbliana is beidh seisiúin cheoil sna tithe tábhairne áitiúla chomh maith le roinnt imeachtaí teaghlaigh ar fud an pharóiste.

An chaint abhus ná go mbeidh sárlaochra Gaeltachta ag tuirlingt ar an bparáid is tá caint ann go bhféadfadh an ‘Grinch’ dána iarracht a dhéanamh a ladar a chur sa bparáid – mura mbeidh na Gardaí in ann é a stopadh in am!

Beidh an t-eolas is déanaí faoin bparáid le fáil ar leathanach Facebook An Chrannóg.

Inis Mór, Árainn

Beidh duaiseanna le buachan ag na flótaí is fearr in Inis Mór ag Paráid Lá Fhéile Pádraig agus lá mór ceiliúrtha beartaithe arís i mbliana. Cuirfear tús leis an bparáid ag 1.30pm ag Áras Rónáin agus gabhfaidh sé chomh fada le hÓstán Árann. Tá an pobal ar fad ag glacadh páirt sa gceiliúradh agus bratacha á gcrochadh ar na tithe is na siopaí ar fud an oileáin.

 An Cheathrú Rua

Beidh ceann de na paráidí Gaeltachta is mó sa tír ar siúl Lá Fhéile Pádraig ar an gCeathrú Rua i gConamara arís i mbliana. Tosóidh an pharáid ag An Crompán ag meán lae is beidh duaiseanna le buachan ag na flótaí is fearr. Trí dhuais atá ar fáil i mbliana; duais scoile, duais do ghnáthfhlóta agus duais speisialta. Chun páirt a ghlacadh sa bparáid is féidir clárú ach glaoch ar 091 869750 nó r-phost a sheoladh chuig eolas@ancheathrurua.ie

Pictiúr: Seán Ó Mainnín

An Spidéal

Ní hamháin go raibh Naomh Pádraig sa Spidéal an tseachtain seo ach bhí Naomh Bríd í féin ann agus iad ag crochadh bratacha don pharáid ar an Domhnach. Beidh siad ar ais Dé Domhnaigh don cheiliúradh mór.

Cuirfear tús le paráid an Spidéil ag meán lae ag Trá na mBan, ceann thoir an phrom, agus gabhfaidh sé siar go crosbhóthar na Céibhe agus Both Chuanna agus aniar arís.

Bronnfaidh maoir na paráide dearbhán €5 ar dhuine ar bith a ghléasann suas don pharáid agus beifear in ann na dearbháin a shlánú sna siopaí is bialanna áitiúla. Beidh maisiú éadain do na páistí ar bun ar an Airdín Buí le taobh dhealbh Mháirtín Uí Chadhain.

Tuilleadh eolais ar leathanach Facebook Lá Fhéile Pádraig sa Spidéal.

Maigh Cuilinn

‘Spiorad an Phobail’ an téama atá ag paráid Lá Fhéile Pádraig Mhaigh Cuilinn i mbliana. Cuirfear tús leis an bparáid ag a 2pm. Tosóidh an pharáid ag stáisiún peitril Sweeney agus gabhfaidh sé tríd an sráidbhaile chomh fada le An Fuarán, áit a mbeidh an t-ardán mór. Beidh ceol agus péinteáil aghaidheanna do na páistí in An Fuarán ag meán lae sula dtosóidh an pharáid.

Tá an t-eolas is déanaí le fáil ar leathanach Facebook St. Patrick’s Day Parade Moycullen.

Baile An Fheirtéaraigh

Tá Baile an Fheirtéaraigh ar cheann de na bailte beaga Gaeltachta ina n-éiríonn leis an bpobal paráid Lá Fhéile Pádraig a choimeád beo agus tosóidh paráid na bliana seo ag Áras Bhréanainn ag 11am agus rachaidh sí siar tríd an mbaile as sin. Ar ndóigh, deir muintir Bhaile na nGall gur acusan is túisce sa tír a mbíonn paráid acu. Ag nóiméad tar éis meán oíche a shiúlann scata beag daoine ó Thigh TP go dtí Tigh Bheaglaoich.

An Daingean

Tá an-lá geallta i nDaingean Uí Chúis agus na socruithe faoi lánseol do pharáid Lá Fhéile Pádraig. Cuirfear tús leis an bparáid ag 12:30pm ag Cnocán na Fuinseoige. Beidh Plaic Chuimhneacháin Danno Ó Caoimh, atá i seilbh Scoil na nGleannta, Baile Uí Shé, faoi láthair á bronnadh ar an iontráil is fearr sa bparáid arís i mbliana.

Hé hó na mochóirí! Beidh banna Fíf agus Druma Dhaingean Uí Chúis ag cur tús le ceiliúradh an lae ag a sé a chlog ar maidin is iad ag máirseáil ó Chnocán na Fuinseoige síos go dtí an Ché agus suas go Séipéal Naomh Muire don aifreann ag a 6.45 am.

Gach eolas le fáil anseo.

Béal Átha an Ghaorthaidh

Tá muintir Bhéal Átha an Ghaorthaidh ag réiteach don pharáid arís i mbliana agus clár imeachtaí spraíúla beartaithe acu do Lá Fhéile Pádraig. Cuirfear tús leis an bparáid ag 10.30am os comhair an tséipéil agus beidh dhá fhlóta grinn ag glacadh páirte. Beidh deis ag páistí an bhaile gléasadh suas mar chuid de na himeachtaí. Beidh taispeántas ceoil ann le Buíon Píobairí Bhéal Átha an Ghaorthaidh agus bannaí ceoil eile.

Níos mó