Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
leirmheas:-na-peirsigh-in-amharclann-na-mainistreach

Léirmheas: Na Peirsigh in Amharclann na Mainistreach

| mairin nic eoin | ,

Stáitse dorcha ar nós seomra le ballaí dubha, sraith céimeanna trasna air, crann olóige go hard ar dheis, seastán dubh chun tosaigh agus coinnle lasta ina seasamh air, umar uisce ar chiumhais an stáitse chun tosaigh. Isteach le cór na bPeirseach, seachtar díobh, agus iad gléasta in éadaí fada dorcha. Tógann siad coinneal an duine agus tosaíonn an seó…

Baineann dráma Aescailis, Na Peirsigh, le fíoreachtra stairiúil – mórshléacht na bPeirseach i gcath iomráiteach Shalamas sa bhliain 480 R.C. Saothar ar coimisiún a bhí ann, cuid de thríológ nach maireann di ach an dráma seo, agus é mar chuspóir ag Aescaileas bua éachtach na nGréagach sa chath cinniúnach sin ar muir a cheiliúradh. Chuir an bua deireadh le huaillmhian impireacht Áiseach na bPeirseach ar thalamh na nGréagach agus cor cinniúnach, dá bhrí sin, i stair agus i ngeopholaitíocht na hEorpa agus an domhain ó shin i leith. Tá an dráma seo suaithinseach mar is é an t-aon traigéide Ghréagach ón ré sin a bhaineann le himeachtaí staire comhaimseartha.

Léiríodh den chéad uair é sa bhliain 472 R.C. do lucht éisteachta a bhí eolach ar an scéal agus a raibh cuid acu rannpháirteach ann. Bheifí ag súil go scríobhfadh Aeschylus saothar caithréimneach a mhórfadh gaisce na nGréagach, agus is cinnte gur féidir an dráma a léamh mar shaothar bolscaireachta den chineál sin. Ach tá gné shuaithinseach eile ag baint leis an dráma seo, gné atá le haithint sa teideal féin, mar is trí shúile an chine chloíte, na Peirsigh, atá scéal an chogaidh á ríomh ó thús deireadh. Is Peirsigh amháin a labhraíonn sa dráma. Is í a n-imnísean a chloisimid ó chór na seanóirí ag tús an dráma. Is thar ceann mhuintir na Peirse a labhraíonn an bhanríon Atasa (Atossa) agus a taibhreamh scanrúil, atá ginte as imní faoi ghníomhartha a mic Xeirxéas, á ríomh aici. Is Peirseach an teachtaire a thagann isteach i lár an dráma le fógairt go bhfuil fórsaí na bPeirseach cloíte agus a chuireann mionsonraí an tsléachta a rinneadh orthu i láthair. Is é spiorad an tseanrí Dáirias (Darius), céile Atasa, a thagann ar ais ón mbás le hiompar anuaibhreach a mhic a dhamnú. Is é Xeirxéas féin a chanann na focail chaointe agus féinlochtaithe ag an deireadh.

Mar is iondúil sna seantraigéidí Gréagacha, is le focail fhileata agus le haisteoireacht a bhfuil gné láidir den deasghnáthas ag baint léi a insítear an scéal. Braithfidh éifeacht an dráma ar chumas an léirithe an lucht féachana a thabhairt ar aistear samhlaíoch ina measctar an reacaireacht fhoirmiúil agus an scéalaíocht le gnéithe aislingíochta agus fantaisíochta. Is dóigh liom go n-éiríonn go han-mhaith leis an léiriú seo, a cuireadh i láthair den chéad uair ar Stáitse na Péacóige in Amharclann na Mainistreach ar an 6 Márta seo, an sprioc sin a bhaint amach. Tá an chreidiúint ag dul d’aistriúchán an-nádúrtha Nuala Uí Dhomhnaill, do shárfhoireann aisteoirí agus do stiúradh cruthaitheach Conor Hanratty, a tharraingíonn go rathúil ar ghnéithe de thraidisiún liteartha agus taibhléirithe na Gaeilge.

Tá an cór an-éifeachtach agus trí chóiréagrafaíocht ealaíonta baintear feidhm éifeachtach as an spás teoranta stáitse in Amharclann na Péacóige. Cloistear raon stíleanna cainte, idir chór-reacaireacht an-fhoirmiúil agus ghuthanna aonair níos comónta níos comhráití. Cuidíonn éagsúlacht canúna na n-aisteoirí le hilteangachas impireacht na Peirse a chur i láthair, agus tá Gaelú an-nádúrtha déanta ag Nuala Ní Dhomhnaill ar na hainmneacha daoine agus áiteanna a luaitear go minic sa dráma.

Ag tosú le liodán na gceannairí Peirseacha atá imithe chun na Gréige le harm Xeirxéas, tá míshuaimhneas agus cráiteacht le brath ón tús i bhfocail agus i ngluaiseachtaí an chóir. Bhraitheas féin go bhféadfaí an tuin olagónach a mhaolú beagán sa radharc tosaigh chun an teannas a bhaineann le nochtadh an scéil thubaistigh a choinneáil ag an leibhéal is airde tríd síos. Tá Caitríona Ní Mhurchú thar barr i ról Atasa, siombalachas an fhlaithis á chumasc go héiritheach aici le himní máthar agus cuimhne baintrí chun pearsa mhaorga ríogúil a chruthú. Ina taibhreamh, feictear beirt bhan, bean Pheirseach agus bean Iónach, i snaidhm cuinge nach léir cén toradh a bheidh air. Tá béim ar íomhá na cuinge tríd síos sa dráma seo – ón gcéad tagairt do na mná Peirseacha faoi chuing an phósta atá fágtha gan chéilí leapan go dtí diongbháilteacht an cheannaire a shíl go bhféadfadh sé cuing a chur ar chaolas Heilléas (an Heilléaspontas), an teorainn ársa idir an Áis agus an Eoraip.

Is dreas scéalaíochta a fhaighimid sa mhír ina dtugann teachtaire cuntas ón mblár catha. Seo é an chuid den dráma is mó a éilíonn aisteoireacht réalaíoch agus tugann Timmy Creed sárthaispeántas, é ag gluaiseacht ó thaobh go taobh an stáitse, ag freagairt ceisteanna Atasa fad is atá cór na seanóirí i mbun cantaireachta caointí. Déanann an teachtaire gaiscí na nGréagach agus mórshléacht na bPeirseach a ríomh go mion trí shúile duine a bhí ar an láthair chatha í féin. Anseo, i mbéal an Pheirsigh, is ea a chloistear gáir chatha na nGréagach, ceann de bhuaicphointí an dráma agus gné a mheabhraíonn dúinn gur do lucht féachana Gréagach a céadchumadh é. Baintear úsáid éifeachtach as an umar uisce sa radharc seo agus samhlaítear tóraíocht íocshláinte le tumadh lámha an teachtaire in uisce a thíre dúchais. An t-aon dea-scéal atá le ríomh ná go bhfuil mac Atasa, Xeirxéas, fós ina bheatha.

Is ag an bpointe seo sa dráma a théitear i muinín an osnádúir agus, trí shearmanas diamhair faoi cheannas Atasa, glaotar ar ais ón marbh ar an seanrí, Dáirias. Monalóg chumhachtach is ea a thugann Dáirias (Séamas Moran) uaidh, ina ndéantar breithiúnas géar ar iompar Xeirxéas, an t-ionradh á shamhlú mar ghníomh buile agus baoise agus mar thoradh léanmhar an uabhair dhaonna. Mar is iondúil sa drámaíocht Ghréagach, is i dtéarmaí thoil na ndéithe a dhéantar an gníomh cogaíochta a mheas. Cé go mb’fhéidir nach mbainfeadh lucht féachana i sochaithe iar-reiligiúnacha an iarthair mórán sóláis ó fhocail Dháirias, go háirithe agus iad tuisceanach ar chastachtaí an ghaoil idir chreideamh, dílseachtaí reiligiúnda agus choimhlintí fíochmhara míleata, is féidir gnéithe dá aitheasc a léamh mar áiteamh ar son na humhlaíochta agus na céille agus na comhdhaonnachta i gcúrsaí polaitíochta.

Gné shuntasach eile de chuid dráma Aescailis is ea go gcantar an chuid dheireanach de, an mhír ina dtagann Xeirxéas abhaile agus gan air ach na giobail. Más mar chantaireacht fhoirmiúil dheasghnách a dhéantaí an chuid seo a chur i láthair sa tSean-Ghréig, is éard a bheartaigh Hanratty ná earraíocht a bhaint as gnéithe den chaointeoireacht agus den amhránaíocht thraidisiúnta in Éirinn le críoch shainiúil a chur leis an leagan Gaeilge seo den dráma. Is mar amhrán caointe a chuirtear an comhrá deireanach idir Xeirxéas (Naoise Mac Cathmhaoil) agus cór na seanóirí i láthair, le faonmhacallaí caointe iomráiteacha ar nós ‘Caoineadh Liam Uí Raghallaigh’ agus ‘Eanach Cuain’ ach níos gaire ó thaobh stíle, b’fhéidir, don sórt cantaireachta a shamhlófaí leis an gcaoineadh traidisiúnta os cionn coirp. Cé gur bhraitheas féin go raibh níos mó den aisteoireacht fhisiciúil de dhíth sa radharc deireanach seo, níl amhras ach go ndeachaigh guth an fhonnadóra i bhfeidhm go mór ar an lucht féachana. Tá na focail thar a bheith cumhachtach mar seo an ceannaire cloíte Peirseach, ag glacadh freagracht pearsanta as bás léanmhar na sluaite a bhí faoina chúram, ag éagaoineadh a gcáis, ag nochtadh a náire saolta féin, agus ag tabhairt aitheantas os ard do chumas agus do mhórneart na nGréagach.

Tionscnamh de chuid ré na paindéime a bhí in aistriú an dráma seo agus, dá bhrí sin, bhí an obair aistriúcháin agus cuid den mhachnamh réamhléiritheoireachta déanta sular tharla ionradh na Rúise ar an Úcráin, gan trácht ar an gcoimhlint fhuilteach sa Phalaistín. Sa mhéid is go dtéann sé go croí cheist na freagrachta maidir le cuspóirí, cur chuige agus iarmhairtí na cogaíochta, tá an dráma thar a bheith tráthúil agus, ar an ábhar sin amháin, ba chóir go meallfadh sé lucht féachana mór.

B’fhéidir go raibh an stiúrthóir faoi shrian méid áirithe ag leagan amach fisiciúil Stáitse na Péacóige, ach sílim gur baineadh úsáid fhíormhaith as soilse agus as éifeachtaí ceoil agus fuaime chun athrú atmaisféir ó mhír go mír den dráma a chruthú. D’oibrigh na fotheidil Bhéarla atá le feiceáil ar stiallscáileán tanaí os cionn an stáitse go han-mhaith agus ba chabhair iad fiú don éisteoir a raibh Gaeilge acu nuair a bhí an-chuid ainmneacha Peirseacha ag teacht i ndiaidh a chéile.

Ba mhór an trua, i gcás léirithe ar dhráma ársa den chineál seo, nach raibh clár ceart ar fáil don lucht féachana a thabharfadh beagán níos mó eolais cúlra dóibh ná mar a bhí ar fáil san ábhar margaíochta agus a thabharfadh a gceart do na haisteoirí iontacha atá rannpháirteach sa dráma freisin. Níor leor an bileoigín a bhí ar fáil saor in aisce chun na críche sin. B’fhiú go mór freisin téacs iomlán an dráma a bheith ar fáil i bhfoirm leabhráin, cleachtas atá ann le fada anois do dhrámaí nua a léirítear ar mhórstáitse Amharclann na Mainistreach.

Tá ár mbuíochas ag dul do Nuala Ní Dhomhnaill as tabhairt faoin obair aistriúcháin. Bhraitheas bá agus tuiscintí traschultúrtha Uí Dhomhnaill ar chúl na bhfocal go minic. Thar aon rud eile, cruthaíonn léiriú Conor Hanratty gur féidir acmhainní taibhléirithe na Gaeilge a chur ag obair go rathúil ar ábhar tromchúiseach polaitiúil, rud atá léirithe cheana féin i réimse na scannánaíochta Gaeilge. Tá an dráma á léiriú mar chuid de shéasúr comórtha ar an mBantiarna Gregory, duine de bhunaitheoirí Amharclann na Mainistreach, agus leanfaidh sé ar aghaidh go dtí an 6 Aibreán.


Gabhann muid ár mbuíochas le Ros Kavanagh agus Amharclann na Mainistreach as an ghrianghrafadóireacht.

The post Léirmheas: Na Peirsigh in Amharclann na Mainistreach appeared first on NÓS.

Níos mó